sula dtiteann na buamaí.
Glaonn an guthán
agus deir duine a bhfuil mo chéadainm
ar eolas aige
deir sé agus togha na hAraibise aige:
"David anseo."
Agus deirimse liom féin
agus támhnéal na dtormán sonach
agus smidiríní na siamsaí gloine
ina raic istigh im cheann:
“An bhfuil aithne agamsa ar David
ar bith in Gaza?”
Glaonn siad anois orainn chun a rá
rith.
Tá 58 soicind agat tar éis chríoch
na teachtaireachta seo.
Do thighse an chéad tigh eile.
Féachann siad air mar chúirtéis
de shaghas éigin le linn cogaidh.
Is cuma mura bhfuil aon áit
chun teitheadh ann.
Ní chiallaíonn sé faic
go bhfuil na teorainneacha dúnta
agus nach fiú tráithnín iad do chuid páipéar
ach comhartha go bhfuil príosún saoil romhat
anseo cois farraige.
Is cuma más cúng iad na caolsráideanna
agus go bhfuil níos mó daoine
pacáilte le chéile anseo
ná aon áit eile ar domhan
rith leat.
Nílimid ag iarraidh tú a mharú.
Is cuma mura bhfuil tú in ann
glaoch ar ais orainn is a rá linn
nach id thighse atá na daoine atá uainn
nach bhfuil éinne ann
tú féin is na páistí amháin
agus iad ag liú ar son na hAirgintíne
an builín deireanach aráin
i gcomhair na seachtaine seo
á roinnt acu
ag comhaireamh na gcoinnle ar eagla
go dteipfeadh ar an gcumhacht.
Is cuma má tá páistí agat.
Tá cónaí ort san áit mhícheart
agus anois, seo do sheans, rith,
áit ar bith.
Is cuma
munar leor an 58 soicind sin
chun teacht ar albam do phósta
nó an blaincéad is deise le do mhac
nó na foirmeacha le haghaidh an choláiste
nach bhfuil comhlánaithe i gceart fós ag d’iníon
nó do bhróga
nó chun gach éinne sa tigh a thabhairt le chéile.
Is cuma cad a bhí beartaithe agat.
Is cuma cé thú féin.
Cruthaigh gur daonnaí is ea thú.
Cruthaigh go seasann tú ar do dhá chos.
Rith”
Lena Khalaf Tuffaha