2014-07-07

Ar an lá seo 7 Iúil

Ar an lá seo 7 Iúil, 1956, cailleadh Gottfried Benn.

Schöne Jugend

Der Mund eines Mädchens, das lange im Schilf gelegen hatte,
sah so angeknabbert aus.
Als man die Brust aufbrach, war die Speiseröhre so löcherig.
Schließlich in einer Laube unter dem Zwerchfell
fand man ein Nest von jungen Ratten.
Ein kleines Schwesterchen lag tot.
Die andern lebten von Leber und Niere,
tranken das kalte Blut und hatten
hier eine schöne Jugend verlebt.
Und schön und schnell kam auch ihr Tod:
Man warf sie allesamt ins Wasser.
Ach, wie die kleinen Schnauzen quietschten!

Óige Bhreá

Béal an ghearrchaile, is fada ina luí sa
ghiolcach í, nach creimthe a bhí.
Tar éis dúinn an chabhail a bhriseadh, bhí
an t-éasafagas chomh pollta le criathar.
Sa deireadh i gcluanóg faoin scairt
thángthas ar nead francach óg.
Bhí deirfiúirín díobh chomh marbh le hart.
An chuid eile de na francaigh beo ar ae is ar dhuán,
an fhuil fhuar á hól acu agus sult á bhaint acu as a n-óige bhreá.
Agus is breá tapa, leis, mar a tháinig an bás chucu.
Caitheadh san uisce iad go léir.
Uch, an ghíog a lig na smuit bheaga sin!