2014-07-14

Focal an Lae: Fuipeal

Bíonn tionchar ag focail orainn. Baineann coincheapa áirithe le focail áirithe. Mura bhfuil an focal áirithe sin againn (fuipeal, abair) níl an coincheap ná an smaoineamh atá laistiar den fhocal sin againn;níl an chumhacht atá sa smaoineamh sin againn. Má tá an focal agat, áfach, (fuipeal, abair) tá an smaoineamh sin agat agus cuirfidh sé le do chumas chun déileáil leis an saol, seans.

Níl an focal ‘fuipeal’ ag Ó Donaill ná ag an Duinníneach, ná ag ár gcara focal.ie ach an oiread. Is é is brí le fuipeal, ar ndóigh, ná ‘whipple’. Go breá, ach cad is brí le whipple? Fuipeal an bhrí atá le 'whipple', ar ndóigh. Focal an-tábhachtach is ea fuipeal. Dá dtuigfinnse an tábhacht a bhaineann le fuipeal seans maith go mbeadh post tábhachtach inniu agam in áit a bheith i mo shuí anseo ag scríobh. Is mar seo a sainmhíníodh ‘whipple’ dom ar líne:
Whipple:To give a good, firm handshake. Often thought about and used before interviews or big meetings. Could determine your chances of receiving your dream job.

‘Before my interview, I practiced my whipple with my friends.’