2014-07-09

Ar an lá seo 9 Iúil

Ar an lá seo 9 Iúil, 1962, cailleadh Georges Bataille
Tá cáil dhomhanda air faoin méid a scríobh sé faoin tsúil (aiste nach féidir a chur ar fáil anseo ar eagla fonn a léite a bheith ar shúil mhaighdeanúil). In áit na súile mar sin, blaisimis d’ordóg na coise:

“ Is í ordóg na coise an chuid is daonna den cholainn dhaonna, sa mhéid nach bhfuil aon chuid eile den cholainn chomh difreáilte ón gcuid chéanna sin atá ag an ápa antrapóideach (simpeansaí, goraille, órang-útan, nó giobún). An chúis atá leis sin ná go gcónaíonn an t-ápa i measc na gcrann ach go mbogann an duine thart gan breith ar ghéaga, ós crann é féin anois, i bhfocail eile, tá sé tar éis é féin a ardú san aer mar chrann, agus is áille é de thoradh a ardaithe. Anuas air sin, feidhm na coise ná bonn ceart a chur faoin éirí nó faoin seasamh sin a bhfuil an duine chomh bródúil sin as (éiríonn ordóg na coise as breith ar ghéaga agus leagtar ar an talamh í ar an leibhéal céanna leis na méara eile) . . .
***

Cuireann a chos alltacht rúnda ar an duine agus sin ceann de na cúiseanna a gceiltear fad agus foirm na coise chomh mór agus is féidir. Baineann sála arda a bheag nó a mhór, ag brath ar ghnéas an chaiteora, ár n-aird ó nádúr íseal na coise ar an talamh.

Lena chois sin, is minic a shamhlaítear an míshuaimhneas sin le míshuaimhneas gnéasach; tugtar sin faoi deara thar aon dream eile i measc na Síneach, an dream is mó a bhfuil lé acu leis an gclaonaíocht seo, dream a dhéanann cosa na mban a sheargadh. Níl cead ag an bhfear céile féin cosa nochta a chéile a fheiceáil agus níl sé ceart ná cuí féachaint ar chosa na mban i gcoitinne. An t-athair faoistine féin sa tSín, á chur féin in oiriúint don saobhadh seo, fiafraíonn sé den aithríoch, ‘Ar fhéachais ar chosa mná?’

Faightear an saobhadh céanna i measc na dTurcach (Turcaigh Volga, Turcaigh na hÁise Láir) atá den tuairim go bhfuil sé mímhorálta do chosa nochta a thaispeáint. Caitheann siad stocaí sa leaba.”

Agus mar sin de go heireaball siar!