Ar an lá seo 19 Iúil, 1893, rugadh Vladimir Mayakovsky | |
Bhí cuid den dán seo san aguisín a bhí lena nóta féinmharaithe:
Tar Éis a hAon a ChlogTar éis a haon a chlog. Taoi imithe chun suain ní foláir. Bealach na Bó Finne ina shruth airgid tríd an oíche go léir. Níl aon deabhadh orm; ní gá dom tú a dhúiseacht Ná cur isteach ort le sreangscéalta tintrí. Agus, mar a deirtear, tá an eachtra thart. Bhuail bád an ghrá in aghaidh thiaráil an lae. Táimid beirt cúiteach anois. Cén fáth mar sin Ár mbuairt araon, ár bpianta is ár gcréachtaí a mheá? Féach, a leithéid de shuaimhneas a thiteann ar an saol. An spéir corntha ag an oíche le hómós ó na réaltaí. Ag móimintí mar seo, sheasfá chun labhairt Leis na haoiseanna, leis an stair agus leis an gcruinne go léir. |