2014-10-11

Ar an lá seo 11 Deireadh Fómhair

"Thích Nhất Hạnh". Ceadaithe faoi CC BY 2.0 via Wikimedia Commons.

Ar an lá seo 11 Deireadh Fómhair, 1926, rugadh Thích Nhất Hạnh

Tabhair M’Fhíorainmneacha Orm

Ná habair go n-imeod amárach
mar inniu féin táim ag teacht.
Féach go géar: tagaimse gach soicind
le bheith im bhachlóg ar ghéag earraigh,
le bheith i m’éinín is a chuid sciathán fós leochaileach,
ag foghlaim na cantaireachta im nead nua,
le bheith im speig neanta i gcroí blátha,
le bheith im sheoid i bhfolach i gcloch.
Mé ag teacht i gcónaí, d’fhonn gáire a dhéanamh agus gol,
d’fhonn eagla a bheith orm is dóchas a bheith agam.
Rithim mo chroíse breith is bás
an uile ní beo.
Is mé an chuil Bhealtaine ag claochlú ar chraiceann na habhann,
agus is mé an t-éan ar theacht an earraigh a thagann in am
chun an chuil Bhealtaine a ithe.
Is mé an frog ag snámh go sona sásta sa linn ghlé
agus is mé an nathair, leis, sa bhféar, nach ciúin
mar a tháinig mé ar an bhfrog: slog!
Is páiste in Uganda mé, creatlach bheo,
mo dhá chos chomh tanaí le maidí bambú,
agus is mé an ceannaí uirlisí troda a dhíolann
airm mharfacha le hUganda.
Is mé an cailín dhá bhliain déag d’aois, teifeach i mbáidín,
is caithim mé féin amach san aigéan
tar éis d’fhoghlaí mara mé a éigniú,
agus is mé an foghlaí mara nach bhfuil radharc aige fós
ná grá ina chroí.
Ball den pholitburo mé agus cumhacht go leor agam,
agus is mé an duine a chaithfidh fiacha na fola
a íoc le mo mhuintir,
iad ag éag go mall i gcampa oibre éigeantais.
Is geall leis an earrach é mo ríméadsa, teas ann
a chuireann bláthanna ag fás thall is abhus.
Is geall le habhainn deor í mo phiansa
a líonann na haigéin go léir.
Tabhair m’fhiorainmneacha orm le do thoil
chun go gcloisfinn mo ghol is mo gháire le chéile
chun go n-aithneoinn gurb ionann mo ríméad is mo phian.
Tabhair m’fhíorainmneacha orm
chun go ndúiseoinn
is chun go bhfágfaí ar leathadh doras mo chroí,
doras na comhbhá is na hatrua.