|
Ar an lá seo 11 Deireadh Fómhair, 1926, rugadh Thích Nhất Hạnh | ||
Tabhair M’Fhíorainmneacha OrmNá habair go n-imeod amárachmar inniu féin táim ag teacht. Féach go géar: tagaimse gach soicind le bheith im bhachlóg ar ghéag earraigh, le bheith i m’éinín is a chuid sciathán fós leochaileach, ag foghlaim na cantaireachta im nead nua, le bheith im speig neanta i gcroí blátha, le bheith im sheoid i bhfolach i gcloch. Mé ag teacht i gcónaí, d’fhonn gáire a dhéanamh agus gol, d’fhonn eagla a bheith orm is dóchas a bheith agam. Rithim mo chroíse breith is bás an uile ní beo. Is mé an chuil Bhealtaine ag claochlú ar chraiceann na habhann, agus is mé an t-éan ar theacht an earraigh a thagann in am chun an chuil Bhealtaine a ithe. Is mé an frog ag snámh go sona sásta sa linn ghlé agus is mé an nathair, leis, sa bhféar, nach ciúin mar a tháinig mé ar an bhfrog: slog! Is páiste in Uganda mé, creatlach bheo, mo dhá chos chomh tanaí le maidí bambú, agus is mé an ceannaí uirlisí troda a dhíolann airm mharfacha le hUganda. Is mé an cailín dhá bhliain déag d’aois, teifeach i mbáidín, is caithim mé féin amach san aigéan tar éis d’fhoghlaí mara mé a éigniú, agus is mé an foghlaí mara nach bhfuil radharc aige fós ná grá ina chroí. Ball den pholitburo mé agus cumhacht go leor agam, agus is mé an duine a chaithfidh fiacha na fola a íoc le mo mhuintir, iad ag éag go mall i gcampa oibre éigeantais. Is geall leis an earrach é mo ríméadsa, teas ann a chuireann bláthanna ag fás thall is abhus. Is geall le habhainn deor í mo phiansa a líonann na haigéin go léir. Tabhair m’fhiorainmneacha orm le do thoil chun go gcloisfinn mo ghol is mo gháire le chéile chun go n-aithneoinn gurb ionann mo ríméad is mo phian. Tabhair m’fhíorainmneacha orm chun go ndúiseoinn is chun go bhfágfaí ar leathadh doras mo chroí, doras na comhbhá is na hatrua. |