2017-03-31

Fadó, fadó san Ind

Poems on Life and Love in Ancient India

Poems on Life and Love in Ancient India

dánta, amhráin, glór na liúite,
agus mná gan srian,
dóibh siud nach mian leo a leithéid
níl iontu ach pian


poems, songs, the sound of the lute,
and impudent women,
to men who have no taste for such things
they are a punishment

31 Márta: Smaoineamh an Lae

Más ar thóir na fírinne dáiríre atá tú is gá duit ar a laghad uair amháin i do shaol, chomh fada agus is féidir, amhras a chur i ngach aon ní.

Veritatem inquirenti, semel in vita de omnibus, quantum fieri potest, esse dubitandum

 -René Descartes, fealsamh agus matamaiticeoir (31 Márta 1596-1650)

2017-03-30

Smaoineamh an Lae

Má tá teanga áirithe neamhfhorbartha beidh an tír ina bhfeidhmíonn an teanga sin neamhfhorbartha freisin.

Munidasa Kumaratunga

2017-03-29

Caithfidh tú glacadh leo siúd a ghéilleann duit

Má ritheann an Ghainséis go dtí an t-aigéan
is má dhiúltaíonn an t-aigéan di,
abair liom, a Vitthal,
cé d’éisteodh lena gearán?

Bhfuil abhainn in ann diúltú d’éisc?
An dtabharfadh máthair droim láimhe dá leanbh?

Deir Jan,
a Thiarna,
caithfidh tú glacadh leo siúd
a ghéilleann duit.

Janabai



You must accept those who surrender to you


If the Ganga flows to the ocean

and the ocean turns her away,
tell me, O Vitthal,
who would hear her complaint?

Can the river reject its fish?
Can the mother spurn her child?

Jan says,
Lord,
you must accept those
who surrender to you.

 

Janabai


English version by Sarah Sellergren
Original Language Marathi
-- from Images of Women in Maharashtrian Literature and Religion, Edited by Anne Feldhaus

2017-03-28

Haiku le Issa ón mbliain 1809

trí bhraon fearthainne
is trí nó ceithre cinn
de lampróga

.雨三粒蛍も三ッ四ッかな

ame mi tsubu hotaru mo mitsu yotsu kana

2017-03-27

Dhá dhán (trí shúile na mban)

null

null

 An Tíogar


Cá bhfuil do mhac? arsa tusa
agus do mheáchan le colún breá mo thíse.
Níl fhios agam i gceart cá bhfuil sé.
An bhroinn a d’iompair é is pluais lom anois í
ina raibh tíogar tráth ag smúrthacht thart.
Téigh á lorg ar pháirc an áir.
 

Kavarpentu, Tamil / Purananuru  86



Páirc an Chatha


Seasann na féitheacha amach ar ghéaga seargtha
spíonta na seanmhná; a bolg chomh cnapánach
le ribe loiteoige. Chaill sé a mhisneach sa chath
is thug a chúl leis. Dúirse dáirse.

Má theith sé is é sa bhearna bhaoil,
ar sí de liú cuthaigh, stróicfidh mé na cíocha seo
a chothaigh é. Claíomh ina glac
b’iúd ag póirseáil í trí pháirc an áir,

Gach re corp gan bhrí
á iompú aici. Nuair a tháinig sí ar a mac
sínte marbh, a chorp ina phíosaí,
dhein níos mo gairdis ná mar dhein an lá a tháinig sé ar an saol.

Kakkaipatiniyar Naccellaiyar, Tamil / Purananuru 278

2017-03-26

Lá na Máithreacha/ Mother's Day

Filleadh


Ag filleadh abhaile dhó i mbrothall na hiarnóna,
chuardaigh sé a mháthair i ngach aon bhall.
Ní sa chistin a bhí sí ná amuigh
sa chúlchlós, ní raibh teacht uirthi aon áit.

Chuardaigh sé is chuardaigh is tháinig scaoll air,
chuardaigh faoin leaba, is tháinig
ar sheanbhróga is millíní deannaigh, ní raibh sise ann.
Amach leis ar an tsráid, gach aon liú uaidh, Amma!

Cá bhfuil tú? Táim sa bhaile, tá ocras orm!
Freagra níor tháinig, ná an macalla féin
Ón tsráid thréigthe faoin ngrian scallta.
Go tobann smaoinigh sé go raibh sé seasca is a haon anois
Is ní raibh máthair aige le dhá scór bliain anuas.

A.K. Ramanujan



Returning


Returning home one blazing afternoon,
he looked for his mother everywhere.
She wasn’t in the kitchen, she wasn’t
in the backyard, she was not anywhere.

He looked and looked, grew frantic,
looked even under the beds, where he found
old shoes and dust balls, but not his mother.
He ran out of the house, shouting, Amma!

Where are you? I’m home, I’m hungry!
But there was no answer, not even an echo
in the deserted street blazing with sunshine.
Suddenly he remembered he was now sixty-one
and he hadn’t had a mother for forty years.
 

A.K. Ramanujan

 

 

http://www.scilet.org/download/KB/KB20.pdf

Caife

I dTamailis atá formhór na bhfógraí
sa stáisiún traenach beag seo.

An t-am sin idir luí na gréine
agus spéir mhonsúin – dubh ar fad.

Is tagann na díoltóirí ansin, ag siúl
suas síos feadh an ardáin
       in aice leis an traein seo.

‘Caife, caife, caife, caife  . . .’
a scairteann fear feosaí – agus cupán
á cheannach agam is ansin ceann eile –
‘Caife, caife, caife, caife . . .’
trí bharraí na fuinneoige.

Ní dhéanann margáil ar bith, ní ardaíonn an praghas –
Glacann sé leis gur thugas an tsuim cheart dó.
Fan, fan! is mian liom a rá leis, ná creid mise, ná
creid éinne – Ach as go brách leis –

‘Caife, caife, caife, caife  . . .’ a chantain
ag teacht ó dhomhan eile cheana féin –

É ag stánadh roimhe, ag féachaint áit éigin
san imigéin, lastall den traein –

Agus féachaimse ar na súile mearbhlacha aige: dearg, lasta –
       Ach fócasaithe ar a shon san, ait go leor –
Is caipíní a shúl: dearg, ata –
mar sin féin, tá an aghaidh suaimhneach – sea
       is aghaidh bheag shuaimhneach í.

Féachann sé ar an spéir
faoi mar a bheadh rud éigin á lorg aige.

Bogann néalta go mall,
       ag sleamhnú thar a chéile
mar ainmhithe móra,
       fós marbhánta i ndiaidh dóibh dúiseacht
as tromshuan –

Bogann na scamaill níos faide óna chéile –
       Is go tobann: réaltaí –
réaltaí atá chomh lonrach sin
       mar a bheidís trí thine, ar tí
pléascadh ba dhóigh leat
       neomat ar bith –


Féachann sé ar an spéir –

Cá bhfios cad a chreideann sé.
Cá bhfios cad is brí le solas na réaltaí dósan.

Sujata Bhatt


Coffee

The signs are mostly in Tamil
at this tiny railway station

It is the time between sunset
and a completely black monsoon sky.

And then the vendors come, walking
back and forth along the platform
       beside this train.

‘Coffee, coffee, coffee, coffee . . .’
an old man cries out – even as I buy
a cup and then another –
‘Coffee, coffee, coffee, coffee . . .’
through the bars of the window.

He doesn’t bargain, doesn’t raise his price –
Trusts the amount I give is correct.
Wait, wait! I’m about to say, don’t trust me, don’t
trust anyone – But there he goes –

‘Coffee, coffee, coffee, coffee  . . .’ he continues
calling as if he lived beyond this world already –

He stares ahead, looking somewhere
into the distance, beyond the train –

And I look at his dazed eyes: red, feverish –
       yet strangely focused –
and his eyelids: red, swollen –
but still, his face is quiet – yes
       it is a small, quiet face.

He looks at the sky
as if he’s searching for something.

Clouds move slowly,
       sliding across each other
like large beasts,
       still sluggish as they awaken
from a deep sleep- -

The clouds move further and further apart –
       And suddenly: stars –
stars of such brightness
       as if they’re on fire, as if
they’ll explode
       any moment –

He looks at the sky –

Who knows what he believes.
Who knows what starlight means to him.
 

 Sujata Bhatt

(Pure Lizard, Carcanet Press, 2008)

 

2017-03-25

Haiku le Issa ón mbliain 1806

sioc...
bhíodh mo chuid fiacla in ann raidisí a chnagadh
'dtí anuraidh

初霜や茎の歯ぎれも去年迄

hatsu shimo ya kuki no hagire mo kyonen made


Mheas sé go raibh sé ag dul in aois ach bhí breis is scór bliain fágtha aige ar an saol seo - agus na mílte haiku fós le scríobh.

2017-03-24

Cárta Poist ón gCaismír

Crapann an Chaismír im' bhosca litreacha,
mo bhaile néata ceithre horlaí faoi sé horlaí.

Thaitin an néatacht riamh liom. Tá na Himiléithe
ina leathorlach im' ghlac anois agam.

Sé seo is baile dom. Ní bheidh mé go deo
níos cóngaraí don bhaile. Nuair a fhillfidh mé,
ní bheidh na dathanna chomh niamhrach sin,
uiscí an Jhelum chomh glan,
chomh hultramairíneach. Mo ghrá
chomh rónochta.

Is beidh mo chuimhne
ábhairín as fócas, claonchló
ollmhór inti, dubh
 is bán nár réalaíodh fós.

 Agha Shahid Ali

 

Postcard from Kashmir

Kashmir shrinks into my mailbox,
my home a neat four by six inches.

I always loved neatness. Now I hold
the half-inch Himalayas in my hand.

This is home. And this the closest
I’ll ever be to home. When I return,
the colors won’t be so brilliant,
the Jhelum’s waters so clean,
so ultramarine. My love
so overexposed.

And my memory will be a little
out of focus, in it
a giant negative, black
and white, still undeveloped

Agha Shahid Ali


Ionsaí ar Westminster

Die Religion ist das Opium des Volkes

                                       Karl Marx

I ndiaidh an ionsaithe
tagann ár nAire Cosanta ar Prime Time
agus comhairle aige do mhuintir na hÉireann
aip sábháilteachta an rialtais a cheadú.

Fastaím!

Agus do shrón sáite agat sa rud amaideach sin
leagfaidh an chéad tiománaí buile eile thú
sula mbeidh deis agat fón cliste a rá.

Fón cliste. Ár ndia nua.
Cromaigí bhur gceann.

Westminster Attack

Die Religion ist das Opium des Volkes

                                       Karl Marx

After the attack
our Minister for Defence appears on Prime Time
advising the citizens of Ireland
to consult the government’s safety app.

Nonsense!

With your nose stuck in that stupid thing
you’ll be mowed down by the next maniac driver
faster than you can say smartphone.

Smartphone. Our new god.
Bow your heads.

(A poem in Irish & English by Gabriel Rosenstock, issued in the interest of public safety).

2017-03-23

Reilig na nGiúdach, Prág

Ron Rosenstock
aighneas gnó ...
aighneas diagachta ...
Reilig na nGiúdach, Prág
business disputes ...
theological disputes ...
Jewish Cemetery, Prague
querelles d'affaires...
querelles théologiques...
Cimetière Juif, Prague

Leagan Fraincise: Daniel Py

2017-03-22

Órchoirn Fíona na hOíche

Tá mo lámha daite le henna agam,
cathain a thiocfaidh sé?
Ar fán i gcríochaibh i gcéin
mo chroí bocht, siocfaidh sé

Cá bhfuil aoibhneas an lae uaim?
Is fada mé ag tnúth lena theacht.
Órchoirn fíona na hoíche
gan a leacht

Milis é deasghnáth an ghrá,
dá bhféadfainn é a mhaisiú, mo stór
le seoda is a chosa a ní
is gan a bheith stróicthe go deo

É a ungadh le póga cumhra
é a chlúdach le mil mo ghrá:
nuair a fhéachaim amach ar an loch
tá mo chroí ann mar loiteog faoi bhláth


Habba Khatoon

2017-03-20

Sonja Bullaty

Sonja Bullaty
ochtó inniu…
iompaíonn Sudek a shúile
ón gceamara
eighty today…
Sudek looks away
from the camera

2017-03-19

Gheall sé go dtiocfadh sé ar ais amárach

Gheall sé go dtiocfadh sé ar ais amárach
agus scríobhas “Amárach”
ar fud an urláir

Ar theacht na maidine, ar siad go léir:
Abair linn, cathain a thiocfaidh “Amárach”?
Amárach, Amárach, cá bhfuil tú?
Chaoineas uisce mo chinn
ach níor tháinig Amárach ar ais.

Sé deir Vidyapati: Éist, a stór!
De d’Amárachsa deineadh inniu
le mná eile.

Vidyapati



He promised he'd return tomorrow

by Vidyapati
English version by Azfar Hussain
Original Language Maithili


He promised he'd return tomorrow.
And I wrote everywhere on my floor:
"Tomorrow."

The morning broke, when they all asked:
Now tell us, when will your "Tomorrow" come?
Tomorrow, Tomorrow, where are you?
I cried and cried, but my Tomorrow never returned!

Vidyapati says: O listen, dear!
Your Tomorrow became a today
with other women.

2017-03-18

Toni Frissell

Toni Frissell (1907-1988)
séipéal scriosta ...
dearmad déanta ag saighdiúir
conas paidir a rá
bombed-out church . . .
a soldier has forgotten
how to pray
église bombardée...
un soldat a oublié
comment on prie

Leagan Fraincise: Daniel Py

2017-03-17

caidreamh aon oíche ...

Ron Rosenstock
caidreamh aon oíche ...
faic
fágtha
one-night stand . . .
nothing
remains
coup d'une nuit...
rien
ne reste

Leagan Fraincise: Daniel Py

2017-03-16

Haiku le Issa ón mbliain 1806

séideann gaoth  . . .
is saonta í aghaidh
an toirc allta fá shuan

.風吹や猪の寝顔の欲げなき

kaze fuku ya shishi no ne-gao no hoshige naki


2017-03-15

I dTír na bhFéileacán

Bhíos tráth den bharúil aisteach
go raibh tír na bhféileacán sroiste agam
is go raibh féileacán sa tóir orm.

Stopas
agus stop sise leis,
d’fhéachas im’ dhiaidh
is d’fhéach sise leis ina diaidh
agus nuair a chuas sa tóir uirthi
chuaigh sise leis sa tóir uirthi féin

Go deimhin, mo dhála féin
bhí sise leis den bharúil aisteach
go raibh tír na bhféileacán sroiste aici
is duine éigin ina diaidh


Kunwar Narain

2017-03-14

Graciela Iturbide, Nuestra Señora de las Iguanas, 1979

Graciela IturbideNuestra Señora de las Iguanas, 1979 (130.1995)
nár thaga deireadh go deo léi . . .
oíche seo
na n-iguánaí
may it never end . . .
this night
of the iguanas

2017-03-13

Guerra/Cogadh

Siempre tendrás razones

Tú vas a sacar la espada
como un ángel

Y cuando la has desenvainado
ya eres un demonio

Fernando Rendón



COGADH


Beidh cúiseanna agat i gcónaí

Tarraingeoidh tú amach an claíomh
mar a dhéanfadh aingeal

Agus é nochta agat
is deamhan cheana féin thú

© 1993, Fernando Rendón
as: Canción en los Campos de Marte
Foilsitheoir: Colección de Poesía Hipnos, Medellín, 1993

2017-03-12

Erich Fried: Mar atá sé


Is díth céille é
arsa an réasún
Tá sé mar atá sé
a deir an grá

Is duairceas é
arsa an t-airdeall
Níl ann ach pian
arsa an eagla
Is cur amú ama é
arsa an tuiscint
Tá sé mar atá sé
a deir an grá

Is áiféiseach é
arsa an mórtas
Is baoth é
arsa an chríonnacht
Is ní nach féidir é
arsa an taithí
Tá sé mar ata sé
a deir an grá

 

Erich Fried

Liebesgedichte (Quartbuch): Amazon.de: Erich Fried: Bücher

Bei Amazon.de erhältlich: Liebesgedichte (Quartbuch), Erich Fried: Schnelle und versandkostenfreie Lieferung ✓

2017-03-10

Ireland’s Greatest: Yeats - Rí-Éigeas Éireann: Yeats

Arna léiriú ag an gCompántas Amharclainne Mouth on Fire

An Amharclann Nua - The New Theatre Baile Átha Cliath  14 & 15 Márta 2017 -  1pm

- An Cat agus an Ghealach
- Purgadóir (An Chéad Taibhiú, traschruthaithe i nGaeilge ag Gabriel Rosenstock)
- Filíocht agus Amhráin
Cuirfidh Mouth on Fire, compántas a bhfuil gradaim idirnáisiúnta buaite aige, dhá mhórdhráma le William Butler Yeats i láthair le linn Sheachtain na Gaeilge, chomh maith le dorn dánta leis á n-aithris agus á gcanadh. Beidh cuid de mhóraisteoirí na hÉireann páirteach san iarnóin ardsiamsaíochta seo.

Páirteach ann tá Donncha Crowley (a raibh ról aige in King Arthur, Father Ted, Angela’s Ashes agus Kings) Micheál Ó Gruagáin (Grabbers, Killinascully, Corp agus Anam), an dís sin in An Cat agus an Ghealach (The Cat and the Moon), agus Macdara Ó Fátharta, tábhairneoir Ros na Rún, i bpáirt an Ghutha.

Ina dhiaidh sin, beidh deis ag an lucht féachana an chéad léiriú riamh a fheiceáil den dráma is fearr de chuid an Yeatsaigh dar lena lán, is é sin Purgadóir.

Páirteach ann tá Donncha Crowley agus Eddie Mullarkey. Gabriel Rosenstock, an file nótáilte, a chuir na haistriúcháin bhinne Ghaeilge ar fáil.

Cloisfear chomh maith roinnt de dhánta iontacha an Yeatsaigh á gcur i láthair ag Cathal Quinn agus á gcanadh ag Enda Reilly.

International Award winning theatre-company Mouth on Fire presents two of William Butler Yeats’s greatest plays for Seachtain na Gaeilge 2017 - together with a selection of Yeats’s poems sung and spoken in an afternoon of great entertainment, starring some of Ireland’s best known actors.

Donncha Crowley (best known for King Arthur, Father Ted, Angela’s Ashes and Kings) pairs with veteran actor Micheál Ó Gruagáin (Grabbers, Killinascully, Corp agus Anam) in An Cat agus an Ghealach (The Cat and the Moon), while Macdara Ó Fátharta, Ros na Rún’s most famous bar man, features as the Voice.

This is followed by the World Premiere of Purgadóir - of what many consider Yeats’s best play, Purgatory - starring Donncha Crowley and Eddie Mullarkey.  Wonderfully translated by the internationally renowned poet Gabriel Rosenstock.

The plays will be interspersed with some of Yeats’s greatest poetry - Easter 1916, The Song of Wandering Aengus, The Lake Isle of Innisfree – performed by Cathal Quinn and sung by musician Enda Reilly.


An Cliar/Cast:  Micheál Ó Gruagáin, Donncha Crowley, Macdara Ó Fátharta, Eddie Mullarkey, Cathal Quinn, Enda Reilly.

Dátaí/Dates: Dé Máirt, 14ú & Dé Céadaoin 15ú Márta 2017
Am/Time: 1pm     
Ticéid: €12.50 & €10

#SNAG17

The New Theatre/ An Amharclann Nua, 43 Sráid Essex Thoir, Barra an Teampaill, BÁC 2

Áirithint/Booking:  info@thenewtheatre.com     Guthán: (01) 670 3361

Arna léiriú ag Mouth on Fire Theatre Company   www.mouthonfire.ie

2017-03-04

Amhrán Grá

Mac le Bráman mé
Ach táim splanctha
       I ndiaidh an chailín seo.

Iníon potaire
A d’fhostaíomar chun uisce a iompar,
Tagann sí gach maidin le breacadh an lae.
Ise atá uaim.

Chomh dubh le koel,
Seang slíoctha
In aois a pósta
Ach fós ina maighdean.
Sí a mhill mé,
       Éalaíonn osnaí uaim.

A cnag láidir ar an doras
A dhúisíonn an líon tí.
Níl fhios ag éinne eile cad tá ar siúl.
Ardaíonn sí léi an pota uisce,
An ceann mór, is amach arís léi,
Mo shúile a leanúint.
Nílim gan dóchas.


Nirala

2017-03-03

Tá aisling agam...


Ba mhaith le Obama margaí na hIndia
A oscailt ‘le fórsa’ a scréach an cheannlíne.
‘Le fórsa’, dhá fhocal dheasa,
Ar nós claibín a oscailt
Ar phróca milseán is lámha a thumadh ann.
Ní ghéillfeadh an claibín, ná na margaí
As a stuaim féin ar ndóigh,
Is léir go mbeadh gá le fórsa sa dá chás sin.

Is é an fórsa mórbhrionglóid fhliuch Mheiriceá.
Tú féin a bhrú le fórsa ar na margaí,
Tú féin a bhrú le fórsa ar náisiúin,
Raghfá áit ar bith le hAerfhórsa a hAon.

Cinnte osclófar margaí le fórsa
Agus déanfaidh Obama briseadh tríd,
A bhall fearga impiriúil go domhain iontu.

Idir an dá linn
Dúisíodh go luath
Páistí na dílleachtlainne
Agus iad go léir in ord is in eagar
Chun fáilte a chur roimh Bhean an Uachtaráin.
Páistí an Tríú Domhan
Ag bualadh le First Lady
An chéad domhain!

Baineann Michelle Obama
A cuid cuarán di
Chun spraoi leis na páistí.

Shyama atá seacht mbliana d’aois
As sráidbhaile
Óna siúlann sí na mílte go minic,
Cosnochta, ag triall ar uisce.
Is maith a thuig sí a luach ó aois an-óg.
Ní uisce atáim á rá ach coisbheart cóir.
Féachann sí go tnúthánach ar chuaráin Michelle:
‘A Dhia, deonaigh go ndéanfaidh sí dearmad orthu!’

Idir an dá linn, giolla an tae
Sa bhothán atá ar aghaidh an aerfoirt amach
Feiceann sé loingeas an uachtaráin is ar sé:
‘Tá súil agam go ndéanfaidh Obama rud éigin ar fónamh’

Aigne shaonta neamhoilte, arsa mise liom féin,
Aigne is gá a oscailt le fórsa.

Pravin Nair

2017-03-02

Athrú (2)

Gráim.
Gráimid beirt.
Tá an leaba anois docht-bhán.
Gráimid i bhfolús de shaghas éigin.
Tost millteach ar ár gcnámha.
Is éasca é cúrsa na fola sa tslí seo
Agus ní dhéanaimid a teas
A thomhas.

Saolaítear dealbh í an cholainn,
Agus níl de shaoráid aici
Ach an t-anam.

Gránn tusa. Gráimse.
Faoi sholas
Nach bhfuil cineálta ná lom.
Gráimid
Ag bogadh ar éigean
I bhfeasacht chasta nocht.

 

 Dileep Chitre

2017-03-01

Bog Breá, a Chara

Tar éis do bháis

An cholainn a bhí pulctha
Le milseáin
Iomprófar amach í le dó,
Agus an cloigeann ar a raibh
Turban geal ceangailte
Á rolladh ag préacháin sa dusta.

Priocfaidh fear an bhata
An luaithreach fhuar
Sa tóir ar chnámha.

Dhera, táim ag cur mo chuid ama amú,
Arsa Kabir.
Smachtín féin an bháis
Ar tí do cheann a bhascadh
Ní dhúiseodh sé thú.
 

Kabir