Ach táim splanctha
I ndiaidh an chailín seo.
Iníon potaire
A d’fhostaíomar chun uisce a iompar,
Tagann sí gach maidin le breacadh an lae.
Ise atá uaim.
Chomh dubh le koel,
Seang slíoctha
In aois a pósta
Ach fós ina maighdean.
Sí a mhill mé,
Éalaíonn osnaí uaim.
A cnag láidir ar an doras
A dhúisíonn an líon tí.
Níl fhios ag éinne eile cad tá ar siúl.
Ardaíonn sí léi an pota uisce,
An ceann mór, is amach arís léi,
Mo shúile a leanúint.
Nílim gan dóchas.