2017-03-22

Órchoirn Fíona na hOíche

Tá mo lámha daite le henna agam,
cathain a thiocfaidh sé?
Ar fán i gcríochaibh i gcéin
mo chroí bocht, siocfaidh sé

Cá bhfuil aoibhneas an lae uaim?
Is fada mé ag tnúth lena theacht.
Órchoirn fíona na hoíche
gan a leacht

Milis é deasghnáth an ghrá,
dá bhféadfainn é a mhaisiú, mo stór
le seoda is a chosa a ní
is gan a bheith stróicthe go deo

É a ungadh le póga cumhra
é a chlúdach le mil mo ghrá:
nuair a fhéachaim amach ar an loch
tá mo chroí ann mar loiteog faoi bhláth


Habba Khatoon