2017-03-03

Tá aisling agam...


Ba mhaith le Obama margaí na hIndia
A oscailt ‘le fórsa’ a scréach an cheannlíne.
‘Le fórsa’, dhá fhocal dheasa,
Ar nós claibín a oscailt
Ar phróca milseán is lámha a thumadh ann.
Ní ghéillfeadh an claibín, ná na margaí
As a stuaim féin ar ndóigh,
Is léir go mbeadh gá le fórsa sa dá chás sin.

Is é an fórsa mórbhrionglóid fhliuch Mheiriceá.
Tú féin a bhrú le fórsa ar na margaí,
Tú féin a bhrú le fórsa ar náisiúin,
Raghfá áit ar bith le hAerfhórsa a hAon.

Cinnte osclófar margaí le fórsa
Agus déanfaidh Obama briseadh tríd,
A bhall fearga impiriúil go domhain iontu.

Idir an dá linn
Dúisíodh go luath
Páistí na dílleachtlainne
Agus iad go léir in ord is in eagar
Chun fáilte a chur roimh Bhean an Uachtaráin.
Páistí an Tríú Domhan
Ag bualadh le First Lady
An chéad domhain!

Baineann Michelle Obama
A cuid cuarán di
Chun spraoi leis na páistí.

Shyama atá seacht mbliana d’aois
As sráidbhaile
Óna siúlann sí na mílte go minic,
Cosnochta, ag triall ar uisce.
Is maith a thuig sí a luach ó aois an-óg.
Ní uisce atáim á rá ach coisbheart cóir.
Féachann sí go tnúthánach ar chuaráin Michelle:
‘A Dhia, deonaigh go ndéanfaidh sí dearmad orthu!’

Idir an dá linn, giolla an tae
Sa bhothán atá ar aghaidh an aerfoirt amach
Feiceann sé loingeas an uachtaráin is ar sé:
‘Tá súil agam go ndéanfaidh Obama rud éigin ar fónamh’

Aigne shaonta neamhoilte, arsa mise liom féin,
Aigne is gá a oscailt le fórsa.

Pravin Nair