2020-01-21

Briathra Gandhi

There are two days in the year that we can not do anything – yesterday and tomorrow
Bíonn dhá lá sa bhliain ann
nuair nach féidir faic a dhéanamh -
inné agus amárach


If you take care of your immediate surroundings, the universe will take care of itself
Má thugann tú aire
don timpeallacht thart ort,
tabharfaidh an chruinne
aire di féin

If by strength is meant moral power, then woman is immeasurably man’s superior

Más cumhacht mhorálta is brí le neart,
tá an bhean i bhfad Éireann
chun tosaigh ar an bhfear

The wise are unaffected either by death or life. These are but faces of the same coin

Ní chuireann an bás ná an bheatha
isteach ar an saoi.
Níl iontu ach an dá thaobh
den bhonn céanna.


Speak only if it improves upon the silence
Ná labhair
ach nuair is feabhas
ar an tost é

Civilization is the encouragement of differences

Is é is brí le sibhialtacht
ná éagsúlachtaí a chur chun cinn

The day the power of love overrules the love of power, the world will know peace

Nuair a bheidh cumhacht an ghrá ann
in áit grá don chumhacht,
beidh síocháin ar domhan