2020-01-16

An Tuile / The Flood

AN TUILE

Tá an abhainn ina tuile
Arsa na cailíní bó
Conas dul sall?

Labhair Krishna:
Abair leis an abhainn
Nár phóg Krishna cailín bó riamh ina shaol

Gháir na cailíní bó.
Níor phóg sé gopi riamh!
"Phóg tú na mílte againn!"

Ach chun é a shásamh, dúradar leis an abhainn
Nár phóg sé éinne acu riamh
Thráigh an tuile

Cailín bó níor phóg Krishna riamh
Comhfhios íon is ea Krishna
Gan bhéal

Krishna Krishna
Tóg uaim na beola seo

Gabriel Rosenstock


THE FLOOD


It is flooded
The cowgirls said
How do we cross the river?

Krishna spoke:
Say to the river
Krishna never kissed a cowgirl!

The gopis laughed.
Never kissed a cowgirl!
"Thousands you have kissed!"

But to amuse him, they said to the river
"Krishna never kissed a cowgirl!"
The waters settled down

Krishna never did kiss a cowgirl
Krishna is pure consciousness
No lips

Krishna Krishna
Take these lips away.

[Translated by the author]