Serenity ab ainm don áit. Is cinnte go raibh séimhe agus sáimhe ag baint leis ach féach – nach ionainn féin istigh is ceart na cáilíochtaí sin a lorg? Mura bhfuil siad ionat ní bhfaighidh tú in aon áit eile iad.
Tuairim is ocht gcéad bliain d’aois a bhí an dá chrann a sheas os comhair an teampaill agus trasna ón teampall ársa sin is ea a bhí Serenity. Áit chun do scíth a ligean i ndeireadh an lae. Ní hé go raibh scíth tuillte agamsa. Ar aon nós …
Ní bheadh a fhios agat ón dtaobh amuigh cén saghas áite ab ea é. Cuireadh na múrtha fáilte romham ach go háirithe. Céad míle fáilte? Tá na Seapánaigh níos fáiltiúla ná sin fiú amháin.
Níl a fhios agam i gceart cad a thabharfainn ar an gcailín faoina cimeonó buí a bhí ag freastal orainn ach bhí sí cóngarach go maith do bheith ina geisha. Thairg sí ochtapas dom. Blasta go maith leis, caithfidh mé a rá. Ach ní raibh ann ach ruainne beag. Bheadh jab agat é a aithint gan trácht ar é a ardú leis na cipíní itheacháin (mura mbeadh taithí agat orthu). Is maith an rud nach raibh ocras rómhór orm.
Cúpla braoinín sake. Mé ar mo shuaimhneas. Cailín an chimeonó bhuí ag tabhairt aire dhom faoi mar ba laoch ceart a bhí ionam, samurai calma is é fillte ó pháirc an áir, nó oibrí de chuid Mitsubishi, abair. Nach é an rud céanna é.
Bhaineas na bróga díom agus threoraigh sí suas staighre mé. Bhuaileas fúm. Breá socair ionam féin. Fear gnó ina shuí trasna uaim. Mhalartaíomar cártaí gnó. Ní ligfí ar ais in Kyoto go deo arís mé mura ndéanfainn i gceart é – an cárta a shíneadh amach romhat agus greim agat air le do dhá lámh. Umhlú beag ansin. Uair amháin ar a laghad.
Níor thug mo chártasa aon leid do mo dhuine cén saghas ab ea mé nó cén ‘gnó’ a thug anseo mé agus níorbh fhiú dhom mo bhéal a oscailt, ní raibh Gaeilge ná Béarla aige. Dhúnas mo shúile ach go háirithe agus chuimhníos siar ar imeachtaí an lae. Bhíos tar éis a bheith amuigh in Rakushisha, Bothán na nDátphlumaí Tite.
An scéal a bhaineann leis an áit ná gur le fear darbh ainm Kyorai an bothán, tráth den saol, agus na crainn torthaí a bhí timpeall air, daichead crann dátphlumaí ar fad. Máistir haiku ab ea Kyorai. Tháinig ceannaí chun féachaint ar na torthaí agus dheineadar margadh eatarthu. Bheadh an ceannaí ar ais an lá dár gcionn chun na dátphlumaí a thabhairt abhaile leis.
Ach an oíche sin, cad a tharla? An stoirm ba mheasa dar bhuail an áit le fada an lá. Chaith Kyorai an oíche go léir agus é ag éisteacht leis na dátphlumaí breátha á mbascadh féin ar an talamh agus nuair a chonaic sé an slad a bhí déanta an mhaidin dár gcionn, osclaíodh na súile dó; thuig sé – mar a thuigeann gach máistir haiku – thuig sé neamhbhuaine an tsaoil. Máistir na nDátphlumaí a thabharfadh sé air féin feasta. Bhíos chomh tógtha sin leis an scéal – agus leis an áit – gur chumas haiku ar an toirt:
Rakushisha
na dátphlumaí ag titim –
ag titim ar mo chroí.
Dá gcífeá a uaigh! Tá sí chomh neamhthaibhseach sin gur theastaigh ó scata de mhaithe is de mhóruaisle Kyoto a bheith curtha in aice leis, sínte taobh le Máistir na nDátphlumaí Tite!
D’osclaíos mo shúile. A thuilleadh ochtapais agus braoinín eile sake romham. Go diail. Is gearr go raibh sé in am don karaoke. Shín cailín an chimeonó bhuí an gléas cáiriócé chugam agus lorgaíos amhrán éigin a bheadh ar eolas agam. Ní raibh aon rian den Phoc ar Buile ann. Chun na fírinne a rá, ní rabhas in ann oiread is amhrán Éireannach amháin a aimsiú ar an meaisín mallaithe sin, The Rose of Tralee fiú amháin. Cad a léiríonn sé sin? N’fheadar. Shocraíos sa deireadh ar My Sweet Lord, le George Harrison.
Bhí go maith is ní raibh go holc. ‘I really wanna see you!’ Chuireas mo chroí isteach ann. Is ansin a thosaigh an fear gnó ag féachaint orm le spéis. Hath? arsa mise liom féin. Cad tá ag – ? An é – Ó! Ceapann sé – Ó! Is gá dom a mhíniú dó gur ag tagairt do Krishna atá George Harrison san amhrán agus nach amhrán aerach é seo. I bhfad uaidh. Ina dhiaidh sin is uile . . . ‘I really wanna …’ Cá bhfios?
An duine aerach é mo dhuine nó cén fáth a bhfuil sé ag stánadh orm? Ar ndóigh, nach cuma: aerach, díreach, díreach, aerach. Is cuma sa riach. Tugann sé bualadh bos dom. Umhlaím dó. Síneann cailín an chimeonó bhuí an meaisín arís chugam. Encore! Hé, cén fáth ar bhaineadar an ‘Hare Krishna’ amach as My Sweet Lord? Tá cinsireacht déanta acu air!
Amhrán eile. Caithfidh mé a bheith níos cúramaí an babhta seo. Amhrán mascalach éigin. Fearúil! Bí id shamurai, a bhuachaill, ná lig síos anois mé.
Cad sa diabhal atá orm? Roghnaím Twinkle Twinkle Little Star! Gan chuimhneamh. Ródhéanach anois chun aon rud a dhéanamh ina thaobh. Tá an réamhcheol tosaithe. A Thiarna . . .