Gabriel & a sabakite, Shinku Fukuda |
De bhrí go bhfuil INNTI marbh le fada – nó an ag geimhriú atá an créatúr?– níl fócas lárnach ag an bhfile Gaeilge, níl príomh-uachtarlann aige chun a bhainne gabhair a dhíol ann, bualadh le filí eile agus tamall den lá a chaitheamh ina dteannta. Níl a leithéid de rud ann agus Club Liteartha ag Gaelaibh; mar sin níl ionad teacht le chéile ag daoine chun cúrsaí pinn a chíoradh. Agus fiú dá mbeadh, is dócha go dtitfeadh sé as a chéile, mo mhairg.
Ní mar sin a bhí in áiteanna eile, in Vársa na Polainne (má léigh tú riamh I.B. Singer), i mBúcairist na Rómáine (má léigh tú Eliade). Sna cathracha sin agus i ngach príomhchathair, beagnach – Páras, Beirlín, Deilí Nua – bhí traidisiún seanbhunaithe ann, scríbhneoirí ag teacht le chéile, ag malartú tuairimí, ag plé a raibh á scríobh acu féin agus ag daoine eile, ag ól caife, nó deochanna eile á gcaitheamh siar acu chun a bpaisean nó a dteanga a spreagadh, ag bitsíocht faoi léirmheas éigin, faoi dhráma éigin, ag tuairimíocht faoin saothar mór is déanaí a aistríodh go dtí a dteanga féin, ag scaothaireacht, nó b’fhéidir ag socrú eatarthu conas teacht i gcabhair ar dhuine dá gcomhscríbhneoirí a raibh mí-ádh éigin anuas air.
Is ainmhí liteartha mé féin agus nuair a bhíonn caidreamh den saghas sin le mo chomhscríbhneoirí de dhíth orm agus gan fáil agam ach ar leagan scáinte de, bíonn orm straitéisí nua a tharrac chugam féin. Tá deireadh leis na cúirteanna filíochta is ní subhach níos mó do Chromadh an tSubhachais!
Ceist bheag agam oraibh. An bhfuil an t-indibhidiúlachas chomh láidir sin i measc scríbhneoirí na Gaeilge nach leomhfaidís tabhairt faoi chomh-aistí a chumadh? Tá traidisiún sa tSeapáin a ligeann duit do chuid individiúlachais a chaitheamh i dtraipisí agus tabhairt go subhach faoin ngrúpdhinimic. Go deimhin, sna miotais réamhstairiúla acu tá tagairtí do na déithe agus dánta acu á gcomhchumadh.

Bealach na Bó Finne
Ba bhall mé, tráth, de ghrúpa idirnáisiúnta renku ar a dtugtar Bealach na Bó Finne. Bhíos sáite ann le cúpla bliain sula raibh deis agam bualadh le mo mháistir groí, Shinku Fukuda, i dTóiceo na Seapáine. Ar shlí na Fírinne atá sé anois.
Ollamh le Litríocht Chomparáideach ab ea é, dúchas na Seapáine go smior ann. Duine an-lách ar fad ab ea é, ach máistir dian ar a shon san. B’fhéidir nach ‘máistir’ an focal ceart ach ‘treoraí’ nó sabakite. Cuireann an treoraí tús leis an renku le véarsa trí líne. (Trí líne a bhíonn ann nuair a aistrítear go teangacha an Iarthair é pé scéal é ach is minice ná a chéile gach ‘véarsa’ in aon líne amháin, é roinnte ina thrí chuid nó ina dhá chuid de réir mar a éilíonn an fhoirm).
Bíonn cuma an haiku ar an véarsa tosaigh sin; go deimhin, hokku atá ann agus in imeacht na mblianta shocraigh an hokku seo ar scaradh leis an gcuid eile de chorp an renku agus beatha dá chuid féin a lorg: is mar sin a tháinig ann don haiku, neamhspleách ar an renku.
Anois duit! Rud an-nádúrtha mar sin ag fear haiku dul siar agus seanphréamhacha an haiku a lorg sa renku.
Is féidir an aiste ina iomláine a léamh anseo: