2013-01-05

DVA

Coiscéim a d'fhoilsigh DVA, Eoghan Mac Aogáin agus Gabriel Rosenstock mar chomheagarthóirí air. Eagrán leictreonach ar fáil anois (Nook Books, Kobo etc). Meitheal mhór aistritheoirí páirteach sa díolaim stairiúil seo de litríocht chomhaimseartha na Slóivéine, aistrithe go Gaeilge.
 
Dhá náisiún bheaga, Éire agus an tSlóivéin, agus iad i gcomhrá le chéile ó imeall thiar agus imeall thoir na hEorpa, d'fhéadfá a rá, náisiúin ar choinnigh a gcuid filí nóisean an náisiúin beo - agus an teanga féin, ar ndóigh, sa dá chás.
 
D'fhoilsigh na Slóivéanaigh díolaim de nualitríocht na Gaeilge chomh maith. Amanairis an teideal atá air. 
Lainseáladh i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann é agus bhí seoladh eile thall sa tSlóivéin.


Is dóigh le Gabriel gur cheart go mbeadh an comhrá liteartha seo idir náisiúin ag tarlú an t-am ar fad.

http://www.barnesandnoble.com/w/dva-original-writing/1112270511

As an réamhrá:

Ciallaíonn “dva” an uimhir “a dó” nó “dhá” nó “péire”, cosúil le “zwei” na Gearmáinise ach amháin go bhfuil an uimhir dhé fós beo sa tSlóivéinis, uimhir an chumainn agus an chomhair, rud a thugann an chiall “an bheirt againn” nó “i dteannta a chéile” don fhocal, mar a fheictear é ar chlúdach an leabhair sa phictiúr leis an bpéintéir cáiliúil Slóivéanach, Sergej Kapus. Dhá náisiún bheaga iad an tSlóivéin agus Éire a bhfuil rud amháin comónta eatarthu, is é sin le rá go raibh ról mór ag an teanga agus ag an litríocht i gcaomhnú spiorad an náisiúin agus na féiniúlachta cultúrtha iontu araon. Ní hamháin gur pléisiúr is ea é “comhriachtain” den saghas seo a bheith ar siúl idir dhá chultúr éagsúla, d’fhéadfá a mhaíomh gur comhriachtanas is ea é d’fhonn éalú ón róthionchar atá ag na cultúir “láidre” orainn.
Ar ndóigh, ní hé seo an chéad iarracht ag pobal na Gaeilge dul i dteagmháil le Lár na hEorpa. Cuimhnímid ar an leagan de An Dea-Shaighdiúir Švejk le Jaroslav Hašek a chuir Breandán Ó hEithir ar an raidió fadó, agus ar an tsraith d’fhoilseacháin le Coiscéim: an t-aistriúchán Gaeilge a dhein Áine Ní Chonghaile ar aiste le Kundera Lár na hEorpa ar deineadh tagairt dó cheana sa réamhrá, an bailiúchán de ghearrscéalta Drago Jančar faoin teideal Dalta an tSeoighigh a d’aistrigh Breandán Ó Doibhlin ón bhFraincis, agus le bliain anuas, na dánta le Kristiina Ehin ón Eastóin agus le Nikola Madzirov ón Macadóin atá aistrithe ag Gabriel Rosenstock.

Tá Dva difriúil sa mhéid is gur scéal tíre atá againn an turas seo.
Nuair a bhí an díolaim á cur le chéile, d’fhéachamar chuige go mbeadh rogha leathan téacsanna againn, ní hamháin chun éagsúlacht na scríbhneoireachta laistigh den tír a chur ar taispeáint, agus chun an athbheochan liteartha a chlúdach óna tús i ndánta Prešeren, Kosovel, agus Kočbek.