Ar an 2 Feabhra, 1942, cailleadh an scríbhneoir Rúiseach Daniil Kharms. Bhí Kharms an-tógtha leis an úrscéal Ocras le Knut Hamsun agus an t-ocras ba thrúig bháis dó féin sa deireadh agus é ag meath i bpríosún.
Leabhar Nótaí Gorm #10
Bhí fear rua ann uair amháin agus é gan chluasa gan súile. Ní raibh ribe gruaige ar a cheann mar sin is téarma an-ghinearálta é ‘rua’ sa chás seo. Ní raibh lámha ná cosa aige. Ná srón. Bolg ní raibh aige, ná tóin, ná cnámh droma. Ná ionathar. Ní raibh faic aige! Mar sin, ní léir in aon chor cé atá faoi chaibidil anseo. Go deimhin, ná labhraímis a thuilleadh faoi.
OoOoOoOoOoOoOoOooooOoOoOOoo
Seanmhná ag Titim
Fiosracht rómhór faoi ndeara é. Thit seanbhean amach as fuinneog. Thit sí ina pleist ar an talamh.
D’fhéach seanbhean eile amach an fhuinneog agus í ag stánadh ar an mbean a thit ach le teann fiosrachta nár thit sise amach as an bhfuinneog, leis.Thit sí ina pleist ar an talamh.
Ansin thit an tríú seanbhean amach an fhuinneog, is an ceathrú seanbhean is an cúigiú seanbhean.
Nuair a thit an séú seanbhean amach as an bhfuinneog, d’éiríos bréan bailithe den scéal. Chuas go dtí an margadh agus dúradh liom go raibh duine éigin tar éis seál lámhchniotáilte a thabhairt do chláiríneach dall.
OoOoOoooooOoOoOoOoOoooooooOoOo
Na sealgairí
Chuaigh seisear ag seilg lá. Níor tháinig ach ceathrar ar ais.
Chun na fírinne a rá, bhí beirt nár tháinig ar ais.
Tháinig Oknov, Kozlov, Stryuchkov agus Motylkov ar ais slán. Ach cailleadh Shirokov agus Kablukov sa tseilg.
Bhí Oknov an-suaite an lá ar fad agus ní labhradh sé le héinne. Bhí Kozlov ag siúl laistiar d’Oknov agus ní ligfeadh sé as a radharc é, á chrá le gach saghas ceisteanna. Bhí Oknov le ceangal!
Kozlov: Bhfuil fonn tobac ort??
Oknov: Níl!
Kozlov: An rud sin thall, an dtabharfaidh mé chugat i leith é?
Oknov: Ná dein!
Kozlov: Ar mhaith leat go n-inseoinn scéal grinn duit?
Oknov: Níor mhaith!
Kozlov: Bhuel, an bhfuil deoch uait? Tá braon tae is cognac anseo agam.
Oknov: Ní hamháin go ndéanfaidh mé smidiríní de do bhlaosc leis an gcloch seo, táim chun cos leat a shracadh díot chomh maith.
Stryuchkov agus Motylkov: Cad atá ar bun agat? Cad atá ar bun agat?
Kozlov: Tabhair lámh chúnta dom.
Motylkov: Bog breá anois, cneasóidh an chréacht sin.
Kozlov:Agus cá bhfuil Oknov?
Oknov (Cos Kozlov á sracadh de aige): Táim anseo.
Kozlov: Ó, a thiarcais!
Stryuchkov agus Motylkov: Is cosúil go bhfuil an chos sractha de aige chomh maith!
Oknov: Sractha de agam agus caite thall ansin!
Stryuchkov: Tá sé sin uafásach!
Oknov: Hath?
Stryuchkov: ..ásach...
Oknov: Cad dúirt tú?
Stryuchkov: F-fa-ff-faic.
Kozlov: Conas a raghaidh mé abhaile?
Motylkov: Ná bí buartha, déanfaimid cos adhmaid duit.
Stryuchkov: An mbeifeá in ann seasamh ar leathchos?
Kozlov: Bheinn ach níl aon chleachtadh agam air.
Stryuchkov: Is cuma, tacóimidne leat.
Oknov: Lig dom greim a fháil air.
Stryuchkov: Stop. Fan amach uaidh!
Oknov: Ní fhanfaidh! Lig tríd mé … Lig … Sin an rud a theastaigh uaim a dhéanamh!
Stryuchkov agus Motylkov: Fíorghránna!
Oknov: Há, há, há.
Motylkov: Ach cá bhfuil Kozlov?
Stryuchkov: D’imigh sé isteach sna sceacha!
Motylkov: Kozlov, bhfuil tú ansin?
Kozlov: Glug-glug!
Motylkov: Féach an chuma atá anois air!
Stryuchkov: Cad is ceart a dhéanamh leis?
Motylkov: Bhuel, níl faic is féidir a dhéanamh anois. Feictear domsa gur cheart é a thachtadh. Kozlov! Hé, Kozlov! An gcloiseann tú mé?
Kozlov: Ó, ó, cloisim, ar éigean.
Motylkov: Ná bí buartha anois, a chara, táimid chun tú a thachtadh. Fan soicind, anois! … Táimid i gceart anois.
Stryuchkov: Beagnach, agus arís! Sin é, sea. Seo leat, beagán níos mó . . . Anois, sin sin!
Motylkov: Sin sin mar sin.
Oknov: Go ndéana Dia grásta air!