2015-09-30
2015-09-29
Johan Krouthén
2015-09-28
Scaradh le AE
Scaradh
San aisling dúinn ag dul in éag
An domhan go léir i bhfad i gcéin;
Do dhlaoithe ag rince ar feadh an lae,
Monabhar do bhrollaigh bhí go séimh.
Os comhair a chéile ár gcuntanós
Ar chiumhais na sféar, a méid nach eol,
Ár leiceann ina ndrúcht ar rós
Is cumhracht rian goirt na ndeor.
San aisling chiúin ar mhullach bán
Go dlúth istigh sa Mháthair-chroí
Gur éiríomar chun slán a rá
Mar tá na bealaí aici síoraí.
George William (“A. E.”) Russell (1867–1935).
Collected Poems by A.E. 1913.
Parting
AS from our dream we died away
Far off I felt the outer things;
Your wind-blown tresses round me play,
Your bosom’s gentle murmurings.
And far away our faces met
As on the verge of the vast spheres;
And in the night our cheeks were wet,
I could not say with dew or tears.
As one within the Mother’s heart
In that hushed dream upon the height
We lived, and then we rose to part,
Because her ways are infinite.
2015-09-27
JM Synge: Do na Daracha i nGleann Crí
Do na Daracha i nGleann Crí
Mo dhá lámh i do thimpeall, dlúth leat atáim
agus an fhuiseog go hard sa spéir
ag canadh dúinn, soilse órga go sámh
is glas-scáileanna ar do choirt go léir.
Tiocfaidh an t-am is leathfaidh tú do chlár
duairc orm is mé i mo luí
i Reilig Chnoc Ieróim, ainniseoir gan aird
i dteannta na bpéisteanna go síoraí.
To the Oaks of Glencree
J M Synge
My arms are round you, and I lean
Against you, while the lark
Sings over us, and golden lights, and green
Shadows are on your bark.
There'll come a season when you'll stretch
Black boards to cover me;
Then in Mount Jerome I will lie, poor wretch,
With worms eternally.
2015-09-26
2015-09-25
Tivadar Kosztka Csontvary
2015-09-24
Jean Frederic Bazille - 1867-1868
2015-09-23
Arthur Heming
2015-09-22
Octav Angheluta
2015-09-21
Jules Dupré (1811–1889)
|
|||
tráthnóna . . . leoithne ag teacht as ball éigin sa chruinne |
evening . . . a breeze arrives from somewhere in the universe | ||
夕闇や 微風 宇宙の どこからか Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto) |
eenin . . . a souch wins in frae someplace i the universe Leagan Béarla na hAlban: John McDonald |
2015-09-20
Gregoire Boonzaier (1909-2005)
2015-09-19
Columbano Bordalo Pinheiro (1857–1929)
|
|||
cad is eol dóibh cad is léir dóibh? nimfeacha uisce |
what is it they know what is it they see? water nymphs | ||
何を知る 何を見る 妖精(ニンフ)たち Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto) |
whit is't thae ken whit is't they sei? watter nymphs Leagan Béarla na hAlban: John McDonald |
2015-09-18
Olga Boznańska
2015-09-17
Konstantin Makovsky
2015-09-16
Haiku le Issa ón mbliain 1822
"tús an fhómhair"
braithim fuar
agus mé á rá
.秋立といふばかりでも寒かな
aki tatsu to iu bakari demo samusa kana
aki tatsu to iu bakari demo samusa kana
2015-09-15
The Quest/ An Cuardach
THE QUEST
James H. Cousins
THEY said: ‘She dwelleth in some place apart,
Immortal Truth, within whose eyes
Who looks may find the secret of the skies
And healing for life’s smart!’
I sought Her in loud caverns underground,--
On heights where lightnings flashed and fell;
I scaled high Heaven; I stormed the gates of Hell,
But Her I never found
Till thro’ the tumults of my Quest I caught
A whisper: ‘Here, within thy heart,
I dwell; for I am thou: behold, thou art
The Seeker--and the Sought.’
AN CUARDACH
Ar siad: Tá cónaí uirthi i bhfad i gcéin
An Fhírinne Shíoraí, agus ina súil
Tá mistéir uile na ndúl
Dóibh siúd atá i bpéin.
Lorgaíos i bpluaiseanna glóracha Í
Is fós sa tintreach i measc na mbeann
Dhreapas go neamh is sheas ar leac na bpian,
Ach ní raibh Sí ann
Go dtí gur thug mo Chuardach mé
Go ciúin faoi dhéin mo chroí:
‘Anseo atáim, ionatsa féin
Go brách is go síoraí!’
2015-09-14
Is iad na mná / são as mulheres que
Is iad na mná
Bénédicte Houart (1968 - )
Is iad na mná
a chuireann na hoinniúin ag gol
faoi mar a bheadh a mbeatha féin scafa acu
agus gur aimsíodar is iad ag éirí níos cruinne
aon cholainn amháin, a gcolainn féin
aon bheatha amháin, a mbeatha féin,
ach fós féin nár leo féin
in aon chor iad
nó b’fhéidir gurbh ea, nó b’fhéidir díreach
an braoinín uisce sin a bhreac
cúinne a naprúin agus bláth geal d’éadach
a chuir bachlóg amach, bláth nach raibh
trí thine ann an lá roimh ré
são as mulheres que
são as mulheres que
fazem chorar as cebolas
como se descascassem a própria vida
e, arredondando-se então, descobrissem
um corpo, o seu
uma vida, a sua
e, no entanto, nada que de verdade
pudessem seu chamar
ou talvez sim, mas só
aquela gota de água salpicando
um canto do avental onde
desponta uma flor de pano colorida que
ainda ontem ali não ardia
2015-09-13
2015-09-12
Fógra: seoladh Taisí Tosta
Ba mhór ag COISCÉIM tú a bheith i láthair in
Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Pharnell
Baile Átha Cliath 1
ar an gCéadaoin, 16 Meán Fómhair
ar 6.30 p.m.
nuair a chuirfidh
An tOllamh Máire Ní Annracháin
Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Pharnell
Baile Átha Cliath 1
ar an gCéadaoin, 16 Meán Fómhair
ar 6.30 p.m.
nuair a chuirfidh
An tOllamh Máire Ní Annracháin
Taisí Tosta
cnuasach filíochta le
Seosamh Ó Murchú
i láthair an phobail.
COISCÉIM
Seosamh Ó Murchú
i láthair an phobail.
COISCÉIM
Abonnieren
Posts (Atom)