2016-10-27

Haiku le Issa ón mbliain 1813

sicín bacach
ag tarraingt na gcos  . . .
lá fada

 .鶏やちんば引々日の長き


niwatori ya chinba hiki-hiki hi no nagaki


Is treise dúchas ná oiliúint, a deirtear. An bhá a léiríonn Issa leis an gcircín leonta, an raibh an bhá sin ann ó dhúchas nó ar fhoghlaim sé an tsuáilce sin ó theagasc an Bhúda? Is dóigh le daoine áirithe go bhfuil an chomhbhá (nó atrua) lárnach i gcúrsaí haiku:

http://www.charterforcompassion.org/index.php/compassion-haiku


Tá go leor de haiku an Bhéarla ar na saolta seo gan a bheith atruach i gceart; fágann san nach bhfuil iontu ach breosla don ego nuair is a mhalairt ghlan is cóir a bheith ann.