2018-04-25

Haiku le Issa ón mbliain 1810

Cad a bhí ag titim amach sa bhliain 1810?

  • Aithníodh, ní nach ionadh, go raibh Rí Seoirse na Breataine glan as a mheabhair.
  • Rugadh Frédéric Chopin, cumadóir
  • Rugadh Samuel Ferguson, file
  • Rugadh Robert Schumann, cumadóir
  • Rugadh an file Maurice Guérin
  • Rugadh an file Alfred de Musset
  • Cailleadh Joseph Cooper Walker, ársaitheoir faoina ndúirt R.A. Breatnach:
    ‘If Joseph Walker had done no more for Irish learning than thus indicate to his contemporaries that the living Irish language and its poetry were worthy of the attention of educated people, whatever the immaturity of his work as a whole, he would deserve to be remembered as a pioneer of Irish scholarship . . .’
  • Cailleadh an file Donncha Rua Mac Conmara:  
Níor chruinnigh mé ór ná stór ar aon chor
Ach an scilling a gheobhainn a ól go héasca
  • Rugadh Dennis Brasbie, an sagart Ciarraíoch a d’iompaigh ina Phrotastúnach; ní fios an raibh sé chomh mór as a mheabhair is a bhí an Rí Seoirse thuas ach cumadh dánta go leor ina thaobh,  ‘A Bhrasby, taoi ar buile!’ etc.
  • Rugadh Thomas Swanton, feirmeoir a raibh grá aige don teanga: 
The writer as a sincere friend to the peasantry says do not give up the easy, the congenial language of your race, transmit to your children what distinguishes you from all other people, and teach them not to despise anything that is peculiar to Ireland. Learn English by all means; it is the language of profit, it is the language of the law, it is the language of emigration; but do not for the sake of it lose the voice of the Celtic Tribes…’
  • Agus sa bhliain 1810, chum Issa an haiku seo:

an chéad bháisteach gheimhridh –
an domhan á bhá
in haiku

.初時雨俳諧流布の世也けり

hatsu shigure haikai rufu no yo nari keri