Sa bhliain 1817
- tharla Éirí Amach in aghaidh na mBriotanach i Srí Lanca.
- Rugadh Henry David Thoreau, fealsamh Meiriceánach.
- Rugadh Theodor Storm, scríbhneoir Gearmánach.
- Rugadh Bahá’u’lláh, a bhunaigh an creideamh Bahá’íoch.
- Cailleadh Jane Austen, scríbhneoir Sasanach.
- Cailleadh John Philpot Curran faoina ndúirt Lord Byron, ‘I have heard than man speak more poetry than I have written.’
- Cuireadh an spiaire Policarpa Salavarrieta chun báis.
- Rugadh an file tuaithe Muircheartach Ó Súilleabháin.
- Cailleadh Seán Ó Coileáin, scríobhaí agus file.
- Rugadh an scríobhaí Seosamh Ó Longáin.
- Agus sa bhliain 1817 chum Issa an haiku seo:
.来た雁や片足上て一思案
kita kari ya kata ashi agete isshian
gé nuathagtha
ardaíonn leathchos . . .
machnamh domhain