Coinín as a hata
Agus colm as a sheaicéad.
Nocht oráiste ina lámh chlé
Agus an fáinne a bhí ar iarraidh faoi cheilt istigh ann.
Dhún a shúile is dúirt rud éigin faoi rún,
An maide draíochta á bhagairt aige,
Pé rud a iarradh air
Bhí sé aige ina dhorn dúnta.
Níor ghá dhó ach méar a leagan
Ar phíosaí is thánadar le chéile arís
Slán.
Ceann amháin ina iliomad píosaí
Dhá cheann ina iliomad píosaí
Scata in aon phíosa amháin.
An rud ba léir díreach soicind ó shin
As radharc ar fad.
Ina dhiaidh sin, gháir an draíodóir os íseal
Labhair leaid amháin
Ón lucht féachana,
‘A dhraíodóir’, ar sé
‘Scanraíonn do dhraíocht mé!
Dá n-iompófá i m’fhéileacán mé
Is dá n-eitleoinnse liom?’
Lean an draíodóir air ag gáire.
Ansin leath a dhá lámh amach mar sciatháin
Is d’eitil
Caol díreach trí shúile an bhuachalla.