2020-12-22

Ainrialachas

 
Ní anseo dom
i gcábáin na mbocht:
an náire agus an galar
is an bás lomnocht

Ní nuair a bhíonn an croí
is an intinn faoi shuan
is dearmad déanta agam
ar an ainnise bhuan

Ach nuair a chloisimse 'saoirse'
sea, is 'ord'  agus 'dlí'
ó na maithe is na móruaisle
agus léan orthu - na bourgeoisie!

Is ansin a líontar mé
le fuath, le crá is le brón:
leagaimis an teampall mór acu
tá suaimhneas uainn, fá dheoidh

Francis W. L. Adams