2020-12-10

An Briseadh Síos Mór





 as an duanaire Singing in the Dark:

Tar éis roinnt seachtainí, nuair a stop an uile ní
ar fud an Domhain ar fad,
ba léir i dtobainne:
go bhféadfadh an spéir a bheith gorm,
gur tábhachtaí beatha an duine ná an t-airgead,
agus i measc na dtráchtearraí go léir a tháirgtear
tá cuid acu gan tairbhe
agus i gcás na n-earraí riachtanacha
is leor dhá uair a chloig oibre, nó trí, sa lá
agus ba chóir dúinn riachtanais na beatha
a thabhairt do gach éinne
agus aire a thabhairt do na nithe atá tábhachtach:
grá, leanaí, an bheatha, an fhilíocht . . .

Nuair a stop an uile ní
ar feadh roinnt seachtainí
ba léir, timpeall an Domhain
nach raibh ach farraige amháin ann,
atmaisféar amháin
aon chine daonna amháin.

Francis Combes