2022-12-01

Díchumtha

Tá pictiúr agam a thógas i Mumbai
de bhacach ina chodladh ar an gcosán:
liath, bríste gairid air, léine bhréan,
a scáil caite i leataobh mar bhlaincéad.
 
Scoilteanna sa chloch iad a ghéaga ba dhóigh leat,
aistear na seangán, tuirlingt na gcuileog,
cortha ag dianteagasc na gréine,
is féith i gcloch ina luí é, ón gclochaois.
 
Laistiar de tá slua ag baint taitnimh
éigin as draíodóir sráide agus iad beag beann
ar an radharc an-chomónta seo
de sheanfhear ina luí ar chosán.
 
Shíleas gur dea-phíosa cumadóireachta é,
thugas ‘Fear na Sráide’ air go pras
agus thugas suntas d’fhear na sráide san Ind
is cónaí air ar an tsráid.
 
I riocht duine a bheadh ag caoineadh
ina philiúr é a cheann atá ag tabhairt casaoide
anois dom toisc ealaín a bheith á cumadh agam
faoina ocras is faoina uaigneas.
Zulfikar Ghose