2022-11-30

Gan Cholainn

 Nuair a tháinig mé abhaile tráthnóna inniu
tharla rud an-aisteach:
níor thug éinne aird ar bith orm.
Níor tháinig mo bhean féachaint an raibh tae uaim,
d'fhan na páistí, leis, sa seomra eile;
lean an searbhónta ag scuabadh an urláir
go sotalach
faoi mar nach rabhas ann.
Bhuel, an ann dom nó nach ea?

Is ansin, go tobann, an t-aireachas agus an t-iontas
i dteannta a chéile.
Cá bhfuil mo cholainn uaim?
Thugas faoin raidió a chur ar siúl -
bhí mo lámha imithe.
Thugas faoi labhairt -
gan bhéal!
Bhreathnaíos thart -
A Dhé! Mé gan súile!
Bhíos ag smaoineamh ach ba chosúil go raibh mo cheann ar iarraidh.

Sea anois  . . .
Conas a thána abhaile?

De réir a chéile a tháinig tuiscint chugam:
D'fhágas mo cheann san oifig trí thimpiste nuair a thugas faoi dhul abhaile.
Tá mo lámha fós ceangailte den strapa bus.
Mo shúile - ar ndóigh, thiar ansin agus comhaid acu á scrúdú;
Mo bhéal greamaithe den ghuthán.
Is mo chosa ... gan amhras  . . . fós ina seasamh i scuaine.
Is mar sin a thána abhaile inniu, gan cholainn.

Saol gan cholainn, is coincheap é tar éis an tsaoil
ar de dhlúth is d'inneach an traidisiúin Indiaigh é.
Ach, an tuirse a bhaineann
leis an mise seo gan ghéaga -
an cuid de é sin chomh maith
B.B. Agarwal