2022-11-12

Haiku agus Gealtachas - Cuid a Sé

 Cheapfá uaireanta nach bhfuil brí ar bith le go leor de na focail agus na frasaí a chloisfeá nó a léifeá na laethanta seo. Lucht fógraíochta, baincéirí, léirmheastóirí - agus polaiteoirí, ar ndóigh:

Sa chomhthéacs sin, fáiltím go mór roimh an méid a deir Jackie Hardy ina leabhar Haiku: Poetry Ancient and Modern, 
' . . .haiku not only express a moment of insight, but a reconnection with that time when words were a talisman.'

Cinnte! Bhí orthaí ag an ailceimicí Daoch - ná dearmadaimis tionchar an Dao ar haiku - agus cuid lárnach de chultúr Ghaeil Alban agus Éireann is ea na horthaí leis:

Ní gealtacht go cogaíocht agus duine de na filí haiku ba shuntasaí le linn an Dara Cogadh Domhanda ba ea Saito Sanki.

Bhí sé in Hiroshima bliain tar éis bhuamáil na cathrach sin. Thóg sé ubh bhruite amach agus bhris an bhlaosc. Go mall mall, nochtadh dromchla min ban na huibhe agus smaoinigh sé ar chraiceann na ndaoine sin go léir a cailleadh, an craiceann ag scaradh lena gcolainn le linn loisceadh na Meiriceánach. B'éigean do brú a chur air féin chun a bhéal a oscailt is an ubh a ithe:

Hiroshima - 
osclaíonn an béal 
chun ubh bhruite a ithe

Bhí breis is 400,00 duine sna fórsaí forghabhála sa tSeapáin tar éis an chogaidh agus breis is 60,000 striapach Sheapánach ag freastal orthu - filí haiku ina measc, Suzuki Shizuko (1919 - ?) ab ainm don te is cáiliúla díobh:

an t-am is fuaire sa bhliain  . .
ag staisiun Toiceo
ag feitheamh le duine éigin

D'fhoilsigh sí dhá chnuasach haiku ach níl tásc na tuairisc uirthi ina dhiaidh sin. Bhí ganntanas bia ar na Seapánaigh ach ní raibh aon ghanntanas ar na fórsaí forghabhála:

níl aon locht
ar shaol na striapaí -
dátphluma aibí a ithe agam

Bhí sí in aontíos tamall le saighdiúir gorm a raibh ainm craiceáilte air, Kelly Kracke. Nuair a cuireadh Kracke abhaile - Kerii Kurakke a thug sí air - chum sí an haiku seo: 
scaras le mo shearc
ag Yokohama . . .
ceo dlúth 

Meastar gur chuir sí lámh ina bás féin.