2022-11-10

Haiku agus Gealtachas - Cuid a Ceathair

Creideann beirt a bhfuil meas agam ar a dtuairimí i leith haiku go bhfuil 'an aigne uilíoch' sa haiku. Creidimse é sin chomh maith. (Is iad an bheirt sin na R. H. Blyth agus Peter Washington). Nach gcaithimid dul as ar meabhair, mar a dearfa, chun aigne uilíoch a bheith againn? Caithfidh, measaim. Ní féidir an dá thrá a fhreastal: fanacht laistigh den ghnáth-mheabhair nó bláthú san aigne uilíoch? Cé acu? 

Is dual don WASP an aigne uilíoch a sheachaint: b'fhearr leis an WASP a bheith ag plé le nithe saolta, le hábharachas, agus tacú leis an mbuanaíocht agus a fhios aige go bhfuil sé 'sábháilte', go seasann Críost leis, fiú agus gníomhartha impiriúla ar siúl aige. Ní gá do a aigne a fhairsingiú agus aigne uilíoch a bheith aige. Tá dogma aige. Is leor sin.

crainn silíní faoi bhláth . . .
dhá chos faoin éan 
ceithre chos faoin gcapall

Tá sé sin an-Zenúil ar fad. Onitsura (1661 -1738) a chum. Cad a tharla in Éirinn sa bhliain 1661 nuair a tháinig Onitsura ar an saol? Ghlac Coláiste na Tríonóide seilbh ar Leabhar Cheanannais. Cad a tharla in Éirinn sa bhliain 1738 nuair a cailleadh é? Rugadh Art Mac Cumhaigh agus cailleadh an Cearbhallánach. Is ait an mac an saol...

géimneach na bó 
sa bhóitheach . . . 
gealach cheobhránach 
Shiki 
an ghealach ar a teitheadh . . . 
braonta baistí fós 
ar na géaga 
Basho

Cé go mb'fheidir nach bhfaca Basho na braonta baistí sin ach o eireaball a shúil, braithim go bhfuil mar a bheadh stánadh síoraí ann, trataka nó 'yogic gaze'. Cuimhnigh ar an gcomhairle a chuir Basho ar a chuid deisceabal: 'Téigh go dtí an ghiúis ...' Go dtí an ghiúis leat, go dtí an bambú, i bhfocail eile, téigh asat féin, as do mheabhair, caol díreach go dtí an ghiúis.

muisiriúin shiitake ar díol 
i ngach siopa . . . 
an ghrian ag dul faoi.
Tenko Kawasaki (1927 - 2009)

Chloisfeá an tuairim uaireanta go bhfuil an domhan ar fad ar mire agus an chúis atá leis sin na go bhfuilimid imithe rófhada o fhréamhacha an dúlra, ón saol nádúrtha, bia nádúrtha agus mar sin de. Mar sin, má tá gealtacht éigin ag baint leis an haiku - agus tá - uaireanta tugann sé leigheas dúinn, frithnimh in aghaidh ghealtacht an tsaoil. Níl do dhochtúir teaghlaigh chun moladh duit muisiriúin shiitake a ghlacadh - ach d'fheadfa stuif níos measa na iad a thógaint.

Satailít an domhain seo i an ghealach agus samhlaítear gealtacht léi:

isteach sa scamall liom   . . .
bhraitheas gur ghlaoigh an ghealach
i m'ainm orm
Sumiko Ikeda

Dá ndearfá le do dhochtúir teaghlaigh go raibh an ghealach ag caint leat - agus d'ainm ar eolas aici - n'fheadar cad a dhéanfadh sé? Ní dócha go dtabharfadh Sé muisiriúin shiitake dhuit. 

tar éis dom an solas a mhúchadh
clúdaím mé féin 
le fuacht an fhómhair
Soya Kako


ligeas sraoth . . .
chailleas radharc
ar an bhfuiseog
Yayu
Yayu (1702 - 1783)



Nuair a cailleadh Yayu sa bhliain 1783, cad a bhí ag titim amach in Éirinn? Bunaíodh Banc na hÉireann, creid é nó na creid! Aon rud níos spéisiúla ná sin? Tá. Rugadh Amhlaoibh O Suilleabháin. 

lachain 
sa linn . . . 
easóg ag breathnú orthu 
Buson

Caithfear Buson a léamh . . .

ceobhrán is mion-fhearthainn
Fuji as radharc an lá ar fad . . . 
nach aoibhinn
Basho


Bíonn cinnteacht ag teastáil ón meabhair, meabhair an WASP ach go hairithe, cinnteacht a dhearbhaíonn na céadfaí. Tá a leithéid seo ann - cá bhfios dom? Feicim é, táim in ann lámh a leagan air, cloisim é, bolaím é, táim in ann é  a bhlaiseadh. Sin é  saol an haiku leis, nithe suntasacha inbhraite idir chamáin aige; ach ní ga do brath air sin. Braitheann an haiku ar instinn chomh maith. Baineann an haiku aoibhneas an domhain as nithe nach bhfuil ann, nó nithe nach follasach i gcónaí iad. Duine againn féin (más mian leat) ab é a an tEaspag Berkeley agus bheadh an Búdaíoch báúil lena theoiric nach ann don chruinne in aon chor. Deir an Búdaíoch gur 'folús is é a foirm, foirm is é a folús.' Thug Sasanach, an Dr Johnson, faoin easpag a bhréagnú, mar a thuairiscíonn Boswell. Tharla an eachtra seo tar éis dóibh teacht amach as séipéal, mionghné den scéal atá spéisiúil ann féin:

After we came out of the church, we stood talking for some time together of Bishop Berkeley's ingenious sophistry to prove the nonexistence of matter, and that every thing in the universe is merely ideal. I observed, that though we are satisfied his doctrine is not true, it is impossible to refute it. I never shall forget the alacrity with which Johnson answered, striking his foot with mighty force against a large stone, till he rebounded from it -- "I refute it thus."

Sin rud nach ndéanfadh Budaioch na file Zen-haiku go deo, cic láidir a tharraingt ar chloch mhór! 

Go deimhin, baineann gealtacht an haiku go láidir leis an Easpag Berkeley: