2022-11-28

Roimh Éirí na Gréine/ Before the Dawn

Níor éirigh na scuabadóirí fós
chun ár gcuid urlár a ghlanadh,
ní chloistear cling na mbráisléad
ó na lámha a bhaineann glas de na doirse,
níl éinne tosaithe ar an gclós
faoi bhun an staighre a smearadh,
níor thit fós aon bhraon drúchta
ó pheitil na mbláthanna,
níor leath na héin a sciatháin fós.
Níl duine ná deoraí thart,
an t-oirthear fós gan léas,
níor ghlaoigh coileach:
a Neipealaigh, codail
ní ham duit fós bheith id’ shuí.