2022-11-08

Haiku agus Gealtachas - Cuid a Trí

reonn an loch . . . 
spéir an lae inné
faoi ghlas ann 
Kazuyo Shimizu

 Tugann haiku léargas eile dúinn ar an saol. Gealtacht is ea e sa chiall go n-iompaítear ar dtuiscint bun os cionn, go minic. Nó feicimid an saol chomh soiléir sin gur geall le gealtacht é, dar linn, an radharc nua seo, an léargas nua seo! (Dáiríre, is gealtacht e an seandearcadh, an seanleargas, mar nach dearcadh na léargas iomlán e ach mar a bheadh radharc réamhcheaptha ann, radharc a chum an tsean-aigne má thuigeann tú leat mé!). 
 
 má tá cúinne ann 
 casfaidh sí . . . 
 snáthaid mhór 
 Yuko Masaki 
 
 
 An bhfuil gealtacht taobh thiar den haiku sin? Samhlaigh gur chuireas mo bhróg i mo bhéal agus gur thosnaios a cogaint. Dearfa gur duine le Dia mé mar nach ndéantar a leithéid de ghnáth. Anois, ní scríobhtar haiku ar nós haiku Masaki de ghnáth - ní san Iarthar ar aon nós - agus tá gealtacht éigin ann toisc e a bheith chomh neamhchoitianta sin. Aiteas éigin. Sin uile. Samhlaigh snáthaid mhór ag eitilt. Tá cúinne roimpi. Cad a dheineann sí? Casann sí, ar nDóigh. Mar a dhéanfadh inne againn, is dócha. Ach is beag duine againn a thabharfadh aon aird air sin gan trácht ar haiku a scríobh mar gheall air. 
 
 líomóid amháin ar an mbord . . . 
 bean an tí 
 as baile 
 Shun Ohki 
 
 
 Seoid, dar liom. 'Ní thuigim,' a déarfadh daoine airithe. Nó, rud níos measa: 'Níl bun na barr leis! Uachtar na íochtar!' Bhuel, seans nach bhfuil. Má tá bun agus barr uait, uachtar agus íochtar, tÚs agus deireadh etc., cad is féidir a rá? Buaileadh rud éigin isteach i d'intinn ar scoil, is e sin go gcaithfidh tÚs, lár agus críoch a bheith le gach rud. Má tá tú sásta leis sin, go breá. Mheasas-sa riamh nach raibh ann ach seafóid ghlan. Tús! Go bhfóire Dia orainn. 
 
 amuigh ar an teiscinn
 scamaill fhómhair 
 ag titim as a chéile 
 Takao Sugano 
 
 
 Foghlaimíonn an file haiku ón dúlra. Is minic 'kigo' aige, focal a chuireann séasúr i gcuimhne don léitheoir nó 'kidai', séasúr ar leith ina théama aige. An fómhar ata mar théama ag Sugano thuas. Chuaigh an Dao, Sinteo agus Búdachas i bhfeidhm ar stair an haiku agus tá éifeacht na gcóras smaointeoireachta sin le brath ar an dea-haiku i gcónaí. Bíonn scamaill ag titim as a cheile. Níl aon rud buan ag baint leo. Is maith leis an Iartharach (go hairithe an WASP) a shaol agus a thuairimí a bhuanú, a dhaingniú - seachas scaoileadh le gach aon ní. Muintir na Seapáine féin, ní gach duine acu ata in ann Conair an Haiku a leanúint. 
 
 Mar a deir Basho: 
an chonair seo/ níl  éinne a shiúl / deireadh an fhómhair 
 
 Ag caint ar Sinteo - d'fhogair na húdaráis Basho ina dhia, go hoifigiúil!