2022-11-16

Cnámh an Ama

 An é seo an fáth a mbíonn cuimhne againn go brách:
an oíche fhómhair ag streachailt lena hanáil,
preabarnach na lampróg is a dtarraingt siar
go nochtar fiacla tite na foraoise;
agus an ghealach a chruthaíonn
stoirmeacha solais i measc scáileanna,
ag lorg tearmainn
i bhfuinneog chaol ár ndúiseachta.

An uair dheireanach dá bhfaca thú dúrt liom féin:
Ní fheicfinn aon ní, go deo arís,
agus ní dhéanfadh réaltaí an tráthnóna a thiteann go talamh
an t-achar eadrainn níos gaire.

Nach teolaí a fhéachann d'fhuinneog ón áit seo,
agus imíonn an ghaoth léi go ciúin
thar an abhainn dhólásach: cnámh an ama
a mhíníonn do chách
an oíche a bheith mar atá: agus tríthi
dul isteach sa ríocht sin is an Bodach ag casadh,
socair séimh, isteach i gclapsholas.
Jayanta Mahapatra