2022-11-23

Grianghraf de Dhaideo

 Níor thaitin sé le Daideo go dtógfaí grianghraf de
nó b'fhéidir nach raibh an t-am aige chuige.
Níl ach pictiúr amháin de
ar crochadh ar sheanbhalla a bhfuil drochdhath air.
É suite ansin socair stuama
mar scamall lán d'uisce.

Níl de chur amach againn ar Dhaideo
ach go dtugadh sé déirc do bhacaigh.
Bhíodh sé ag únfairt go suaite trína néal
agus chóiríodh a leaba go deas ar maidin.

Ní rabhas-sa ach im' gharsún an uair úd.
Ní fhaca riamh feargach é
ní fhaca an rud coitianta ann.
Ní léiríonn pictiúir riamh ár ndímrí.

Deireadh Mam linn
nuair a thiteadh ár gcodladh orainn
is neacha aisteacha na hoíche inár dtimpeall
go bhfanadh Daideo ina dhúiseacht istigh sa phictiúr.

Níor fhásas chomh hard le Daideo
nílim chomh stuama socair leis
ach tá rud éigin ionam atá dealraitheach leis
fearg éigin
rud éigin coitianta.
Siúlaimse leis agus mo cheann cromtha agam
agus feicim mé féin gach lá
i mo shuí
i bhfráma pictiúir folamh.

Manglesh Dabral