2022-11-11

Haiku agus Gealtachas - Cuid a Cúig

faoin gcrann 
san anraith sna sailéid  -
bláthanna silíní gach áit

Is breá leis an Seapánach picnic a ghlacadh nuair a bhíonn na crainn silíní faoi bhláth. Aigne an linbh - sin is filíocht ann, dar leis an Ríordánach - aigne an linbh a léiríonn Basho sa haiku seo. Aigne an linbh - sula mbíonn an aigne 'forbartha' - más féidir forbairt a thabhairt air! - ata ag teastáil chun haiku a léamh is a scríobh. Aigne réamh-réasúnach is ea an aigne sin. 

Caithfidh gach duine éalú ón aigne réasúnach o am go cheile. Sin an fáth a bhfuil Christian Morgenstern acu sa Ghearmáinis, Edward Lear agus Lewis Carroll, cuir i gcás, sa Bhéarla agus na hAmhráin bhréige againne sa Ghaeilge. Is mór an faoiseamh do chuid againn é go bhfuil níos mo ná léamh amháin ar an saol. Mar a deir Basho, 'Mura bhfeictear nithe trí shúile úra, ní fiú rud ar bith a bhreacadh síos.' 

Duine de na tráchtairí ar chúrsaí haiku ba thábhachtaí agus ba luaithe i saol an Bhéarla i lár an chéid seo caite ba ea Kenneth Yasuda (sa leabhar Japanese Haiku: Its essential nature and history) agus luann sé focal ar baineadh leas as sa tsraith seo Gealtacht agus Haiku, agus is e sin 'instinn': 
'Instinct is immediate, as the perception of colour is immediate. In its essence it is non-judgemental, amoral, non-verbal, and uncritical . . .' 

Ní thaitneodh an chaint sin leis an WASP. Seasann an WASP le fíricí, leis an eolaíocht agus leis an moráltacht. Tá míniú iomlán uaidh. Tá glactha againne in Éirinn leis an gCóras Sasanach - fiafraímid dar bpáistí bochta, 'Cad is brí leis an dán sin?' 

Deir Basho: 'Haiku maithe iad na haiku sin a nochtann seachtó nó ochtó faoin gcead dá n-ábhar dúinn. Ni éireofá tuirseach go deo de na haiku sin nach nochtann dúinn ach caoga nó seasca faoin gcead dá n-ábhar.' Agus dúirt Kuno Meyer go bhfuil sé sin comónta eadrainn, Seapánaigh agus Gaeil, is maith linn an rud leathráta. Is leor nod don eolach. Aigne an linbh:

nuair a taispeánadh bláth di 
d'oscail an naíonán 
a béal

Seifu-ni  (1731 -1814)
Cad a thit amach in Éirinn nuair a cailleadh Seifu-ni? Rugadh Thomas Davis. Rugadh Sean Pléimeann, faoina ndúradh
 'Don Ghaeilge thug sé grá a chroí, neart a mheanman, brí a intinne, fuinneamh a óige, dícheall a mheánaoise, searc a sheanaoise.' 
Gealtacht, ar ndóigh, is ea e grá rómhór a bheith agat don Ghaeilge agus maidir le searc a thabhairt don haiku Gaeilge, níl aon leigheas in aon chor air sin (nó má tá, ná lig le d'anáil é)!

agus an ghealach dhearg . . . 
cé leis í, 
a pháistí?

Ní dócha gur shamhlaigh Issa riamh go mbeadh spástaisteal ann. Freagra na ceiste thuas i gceann leathchéad bliain, b'fheidir - Virgin Media! Tá aigne an linbh iomlán. Tarlaionn scoilt in aigne an aosaigh agus mura bhfuil leigheas i ndán do, dearfaí faoin duine sin go bhfuil galar aigne aige. Tagaimid ar an iomláine sin, aigne neamh-scoilte an linbh, sa haiku - haiku a leamh agus a scríobh ar bhonn rialta. Breith ar eachtra nó neamh-eachtra éalaitheach éigin d'eachtrai iomadúla an lae, an rud ar a dtugtar an 'haiku moment', tá nithe spéisiúla le rá faoin méid sin go léir ag ar gcara thuasluaite, Kenneth Yasuda, Meiriceanach-Sheapanach. Cuireann sé síos ar an 'haiku moment', mar a leanas: 

'that moment of absolute intensity when the poet's grasp of his intuition is complete so that the image lives its own life . . .' 

Iontach! Tugtar gealtacht chomh maith ar an ngrá agus tá an-chuid tanka agus haiku a chuireann síos ar an ngrá. Cnuasach an-bhreá is ea Love Haiku le Patricia Donegan i gcomhar le Yoshi Ishibashi: 



contráth fómhair . . .
cathaoir aonair
don té nar tháinig fós
Akito Arima


póg mar chríoch
leis an scannán  . . .
casachtach thall is abhus
Hakyo Ishida