2022-11-07

Haiku agus Gealtachas - Cuid a Dó

Dís a ghabhann le chéile iad gealtacht agus filíocht. B'fhíor sin tráth den saol ach ní hamhlaidh atá inniu, faraor. Níl aon rian den ghealtacht ag baint leis an gcuid is mó den fhilíocht a sceitheann an tAnglasféar uaidh gach lá. Ceann de na cúiseanna a dtaitníonn haiku liom - haiku 'gendai' (nua-aimseartha) ach go háirithe - ná seo: lucht buile a chum!

as grian na maidine
sciurdann éan . . .
fuacht

Kanabun Katou

Tá seanfhocal sa Ghaeilge, Sciurdann éan as gach ealta. Filí haiku , ní fhanann said leis an ealta, leis an tréad, leis an treibh. Imíonn siad le haer an tsaoil. Níl aon rogha acu.

capall gorm
a thit  . . .
mí na Nollag

Tohta Kaneko  (1919 -2018)

Is maith leis an dath gorm de reir dealraimh:

    an crann plumaí faoi bhláth -
    siorcanna gorma tagtha isteach
    sa ghairdín
Nach fadsaolach iad cuid de na haijin Sheapánacha (filí haiku ) ! An dtuigimse na haiku thuas? An dtuigeann tusa iad? An dtuigeann éinne againn aon rud? An dtuigimse cad is capall ann? Rós? An ghealach? Siorc? Pluma? Ní thuigim. An WASP (White Anglo-Saxon Protestant) a chaithfidh gach rud a thuiscint. Ní bhraithim go bhfuil an brú céanna ar an nGael chun rudaí a thuiscint cé go bhfuil an WASP-sféar ar a mhíle dícheall le cúpla céad bliain anuas ag iarraidh WASPanna a dhéanamh dínn. Gach duine againn. Ní ghéillfeadsa don WASPachas go deo. Frithnimh an-éifeachtach in aghaidh an WASPachais is ea haiku.

Ar ndóigh, uaireanta bíonn coincheap nó smaoineamh éigin chomh haduain sin go gceapaimid nach bhfuil ciall ar bith leis - agus an haiku a bheadh againne mar shampla den ghealtacht seo a luaim, bheadh sé breá stuama mar haiku don té a thuigfeadh ná paraiméadair chultúrtha.

Rud nach mbaineann le filíocht de ghnáth is ea 'kigo', focal a léiríonn an séasúr
Braithfidh sí an 'yuzame'
 ar ball, an creatúr!

inar cumadh an haiku. 'Kigo' a chuireann an geimhreadh in iúl is ea an focal 'yuzame'. Níl aon fhocal Gaeilge ná Béarla ann a sheasann don fhocal 'yuzame'. Ní mór duit frasa a úsáid chun an focal a 'aistriú': 'fuacht a bhraithfeá tar éis teacht amach as an bhfolcadán.' Is é an chéad fhocal é sa haiku seo de chuid Daisuke Ikoma: 
yuzame shite karada no nako ni itarikeri 
braithim fuacht 
t'réis folcadh a ghlacadh . . . 
istigh i mo cholainn atáim 

Ní as a mheabhair atá an scríbhneoir ach istigh ina cholainn!.