2022-11-17

Cathair Dhoiléir

Ar nós an taistealaí is é ag filleadh abhaile,
Nuair a thagann tú ar ais um thráthnóna,
Beidh a seangháire duit ag gach íomhá,
An uile chuimhne ag stánadh ort idir an dá shúil.

Suífidh tú i dtost do chuid smaointe,
'An fiú an saothar seo go léir?' agat á rá.
Chuais amach chun teacht ar rud éigin
Ach ar éirigh leat é a fháil?

Beidh do shúile dírithe ar an tinteán.
I ngach lasair beidh aisling á dó.
Scáileanna ag preabarnach ar na fallaí,
Guthanna ar na bóithre ar fán.

Id chroíse istigh tá cathair,
Cathair chaillte, cathair faoi cheilt,
Cathair, aonaránach, mar chrann.

Munibur Rahman