Díreoidh mé san aiste ghairid seo ar Eagarfhocal ANEAS, Uimh. 3, curtha in eagar ag Simon Ó Faoláin, seachas ar ábhar na hirise féin. Gaoth mhór atá san eagarfhocal, dar liomsa.
Sa chéad áit, is trua nár cuireadh an t-eagarfhocal féin in eagar. Breac le botúin ghramadaí atá sé: ní chosúil in áit ní cosúil agus mar sin de. Ar aon nós . . .
Seasadh an cnuasach filíochta Gaeilge, duanairí agus díolamaí, ar a gcosa féin, a deir Simon, agus ná cuirimis leaganacha Béarla ar fáil. Dá leanfadh sé a chomhairle féin agus a bheith neamhspleách ar fad ar an mBéarla, nach i nGaeilge amháin a bheadh seoladh na hirise, mar shampla? Ach an seoladh a thugtar ná Frank O’Connor House, Douglas Street.
Agus cad faoi ealaín an chlúdaigh? Easter Week an teideal atá air. An mbeadh an t-ealaíontóir Rod Tuach curtha amach go mór dá dtabharfaí Seachtain na Cásca air? Agus thiar i ndeireadh na hirise, i mBéarla breá an Rí, tá Printed in Great Britain.
Ní comhartha laige ar theanga ar bith ná ar litríocht ar bith í a chur ar fáil i dteangacha eile, go háirithe an Béarla, an lingua mundi atá ann faoi láthair. Tá sé nádúrtha go leor go lorgódh file ar bith lucht léite níos leithne dó féin agus bealach éifeachtach amháin chuige sin ná aistriúchán snasta Béarla a chur ar fáil ar a shaothar.
Ní ag sodar i ndiaidh na n-uasal atá filí Gaeilge ar mian leo go léifí dánta leo i dteanga dhomhanda.
Is mór an peaca é nach dtacaíonn Litríocht Éireann / Literature Ireland le haistriúcháin ó Ghaeilge go Béarla ach tá siad sásta airgead a chaitheamh ar Iris Murdoch a aistriú go Catalóinis, cuir i gcás, bean frith-Éireannach a bhí ina tachrán nuair a d’fhág sí Bleá Cliath le cur fúithi i Sasana:
Ag caint ar an mBéarla a bheith ina dhroichead, tógaimis mar shampla an t-eagrán reatha den iris MPT (Modern Poetry in Translation, Uimhir 3, 2022): tá dánta ann i mBéarla a aistríodh ón bPortaingéilis Mhósaimbíceach, ón nGearmáinis, ón nGaeilge, ón Iodáilis, ón Asaimis, ón Neipeailis, ón Albáinis, ón bhFionlainnis etc. etc. agus ó theangacha nár chuala mórán againn trácht orthu, an Hilgeanóinis cuir i gcás.
Is mór an gar dúinn go léir droichead an Bhéarla a bheith eadrainn, teanga dhomhanda a chuireann ar ár gcumas blaiseadh d’éigse na cruinne. Deir an Faolánach: ‘Fágtar filí Gaeilge nach spéis leo a bheith ag plé leis an mBéarla ar an trá fholamh gach lá.’ Bhuel, a chonách san orthu!
Dúirt Carol Rumens rud éigin spéisiúil faoi chúrsaí aistriúcháin sa Guardian (28 Meán Fómhair, 2007). An mbeadh Ode to a Grecian Urn scríofa ag Keats murach gur léigh sé Hóiméar agus é aistrithe go Béarla ag Chapman?
Nárbh iad na haistriúcháin Bhéarla ar dhánta grá na Gaeilge a rinne an Craoibhín Aoibhinn an splanc a las an rud ar a dtugtar an Irish Literary Renaissance agus ar leath a cháil go fada fairsing laistigh d’achar gearr?
Dála an scéil, dóibh siúd nár chuala trácht ar an Hilgeanóinis, tá breis agus 9 milliún cainteoir Hilgeanóinise ann! Níl mórán acu chun Gaeilge a fhoghlaim ach is cinnte go bhfuil dornán díobh a d’fháilteodh roimh leaganacha Béarla de dhánta móra na Gaeilge.