2025-04-04

Aint Máire

 (après Elizabeth Honey)

Níl mórán
san árasán
ag Aint Máire
(ná déan gáire)
slis aráin
tús dáin
ispín
peata sicín
iris do mhná
cúpla seanbhláth
leaba chrua
taibhse (nó mua)
ruga
muga
teilifiseán marbh
cat garbh
grianghraf dá fear céile Seán T.
RIP