2014-01-13

Dornán Dánta le Abhay K

(Taidhleoir Indiach i Neipeal é an file)

Páirc Nehru

Lasrachra corcairdhearga,
gealach ghorm faoi bhláth iomlán
éanlaith á n-iompó ina ndaoine
carraigeacha ar maos i ngrá
Nehru i gcomhrá le Leinín
agus leis an gcruinne án.

Yamuna*

Stuacach cúlánta
fágaimse Deilí im dhiaidh
i m’airgead dorcha
muirním bruacha na cathrach
taoscaim an duifean
atá in íochtar anam Deilí

(*An chraobh-abhainn is mó atá ag an nGainséis i dtuaisceart na hIndia)

Amhrán an Anama

Bhíos riamh ann
ar nós na ngaoth
ar nós na nduilleog
ar nós taitneamh na gréine
ar nós na sruthán
ar nós chantain na n-éan
nó ar nós na mbachlóg
ar nós na spéire loime
níor rugadh riamh mé
níor cailleadh riamh mé

Monalóg an Íochtaráin

A dhuine uasail, ar ghlaoigh tú, a dhuine uasail, a dhuine uasail, bhíos san oifig, a dhuine uasail, ach b’éigean dom dul go dtí an leithreas, a dhuine uasail, ar feadh tamaillín, a dhuine uasail, tuigim, níor cheart dom an oifig a fhágáil gan a rá leat roimh ré, a dhuine uasail, gan a rá le d’oifigse, a dhuine uasail, tá cathú orm, a dhuine uasail, a dhuine uasail, a dhuine uasail, féachfaidh mé isteach ann láithreach, a dhuine uasail, a dhuine uasail, déanfaidh mé amhlaidh, a dhuine uasail, agus beidh mé ar ais chugat, a dhuine uasail, tuigim, tuigim, a dhuine uasail

Gardaí Slándála

De shíor
inár seasamh ó dhubh go dubh
a mháistrí, is sinn mar chosaint agaibh.
Beannaímid daoibh
nuair a théann sibh thar bráid
agus uaireanta más go doicheallach féin é
fiafraíonn sibh
‘Conas tá agaibh?’ is ar aghaidh libh,
bhfuil freagra uaibh dáiríre?

Deilí: Faoi Mar Atáim

Cathair na gcathracha mé
cathair na n-ionróirí, na gcloíteoirí
na gceannaithe, na n-imirceoirí
is iad ag drithliú ar an léaslíne agam
á nochtadh, ag dul as
mar bhriathra scríofa
ar phailmseist.
Cathair na bhfothrach mé,
a thréanfheara féachaíg’
go géar ar mo chuid másailéam
ar na reiligí is ar na tuamaí
comhairigí iad má tá sibh in ann:
a liacht sin corp atá adhlactha anseo
is a bhí i gceannas ormsa tráth.
Is mé cathair Satya, Shanti agus Nyaya*
tá ainmneacha mar sin ar mo chuid sráideanna
ach is é Fírinne an scéil
ná go bhfuil éigneoirí ar fán orthu faoi Shíocháin
agus tá an Ceart á lorg de shíor ag an mbantracht agam
i gceann éigin de na cúirteanna cathrach.
~~~
(*Fírinne, Síocháin, Ceart)