2014-01-17

Ar an lá seo, 17 Eanáir

Ar an lá seo, 17 Eanáir, 1885, rugadh Osugi Sakae.

Tá siad go léir ina gcodladh is dócha. Beidh dreas codlata agam féin, leis. Fanadh gach aon ní go maidin. D’úsáideas mo chuid ingne chun an sliotán a dhúnadh agus isteach liom láithreach sa leaba. Gan orm ach mo chuid fo-éadaigh agus gan agam ach cuilt chadáis, bhíos ar crith leis an bhfuacht.

D’éiríos aniar de phreib – bhí cnagadh ar an mballa ar thaobh na láimhe deise dem chillín. Tharla sé arís – cnag, cnag, cnag – mar a bheadh dorn á bhualadh ar an mballa chlár. Bhí léite agam go mbíodh comhrá mar sin ar siúl ag comrádaithe Rúiseacha. Caithfidh gur duine de mo chomrádaithe féin é seo ar dealaíodh óna chéile sinn agus atá ag iarraidh labhairt liom anois ón gcéad chillín eile.

“Tusa Osugi, nach ea?”

Dheineas iarracht ar aithris a dhéanamh ar a ghuth íseal agus d’fhreagair mé, “Is mé, sea. Cé thusa?”