Ar an lá seo, 9 Eanáir, 1941, rugadh Joan Baez:
Uch Is Dian-deoir Atá i nDán
Ó cá rabhais uainn, ’mhic na súl glé
Is cá rabhais uainn ó bhánú an lae?
Do thiteas ar thaobh dosaen sliabh faoin gceo
Mé ag siúl is ag lámhacán ar mhórbhealaí cama
Do sheasas i gceartlár na seacht bhforaois uaigneach
Mé ansiúd os comhair na n-aigéan gan anam
Bhíos deich míle slí is mé i mbéal na huaighe
Agus is dian, uch is dian, uch is dian agus is dian
Uch is dian-deoir atá i ndán.
Ó, cad ba léir duit , ’mhic na súl glé,
Is cad ba léir duit ó bhánú an lae?
Chonac leanbh nuabheirthe is faolchúnna ’na thimpeall
Chonac mórbhealach diamant ’s gan éinne ag siúl air
Chonac an chraobh dorcha ’is fuil á síordhoirteadh
Chonac seomra is fir ann is fuil lena gcasúir
Chonac an bándréimire ’bhí clúdaithe faoi uisce,
Chonac deich míle duine is a dteanga bhí briste
Chonac gunnaí is claimhte i lámha na leanaí
Agus is dian, uch is dian, uch is dian agus is dian
Uch is dian-deoir atá i ndán.
Is cad a chualaís, ’mhic na súl glé,
Is cad a chualaís ó bhánú an lae?
Chuala glór ard na toirní, bhí rabhadh sa bhúireach
Chuala liú ón tonn tuile a bháfadh an chruinne
Chuala céad drumadóir is a dhá lámh trí thine
Chuala deich míle cogar is gan éinne ag éisteacht
Chuala duine ’bhí stiúgtha, chuala scata ag gáire
Chuala amhrán an fhile a cailleadh sa chlaodach,
Chuala fuaim ón áilteoir is é ag caoineadh sa chaolsráid
Agus is dian, uch is dian, uch is dian agus is dian
Uch is dian-deoir atá i ndán.
Ó cé casadh ort, ’mhic na súl glé
Is cé casadh ort ó bhánú an lae?
Páiste beag óg agus pónaí ’bhí marbh,
Madra ’bhí dubh is ba gheal é a úinéir
Bean is a colainn go léir ar bharr lasrach
Cailín beag álainn a thug bogha síne dom,
Fear óg dathúil is é leonta ag a chumann
Fear eile fós is b’é an fuath a ghoin é
Agus is dian, uch is dian, uch is dian agus is dian
Uch is dian-deoir atá i ndán.
Cad a dhéanfair anois, ’mhic na súl glé
Cad a dhéanfair anois ó bhánú an lae?
Táim chun siúl liom amach sula dtitfidh an bháisteach
Táim chun siúl go dtí croí na bhforaoisí is duibhe
Áit a gcónaíonn na mílte ach is folamh atá siad
Áit a snámhann an nimh ar fud a gcuid uiscí
Is an baile sa ghleann ag iompú ina phríosún
Áit nach bhfeictear go deo ann aghaidh an mharfóra
An t-ocras urghránna ann, an t-anam dearúdta,
Dubh is ea dath ann, neamhní sea uimhir
Inseoidh mé, smaoineoidh mé, neosfad le m’anáil é
Soilseoidh sé ón sliabh chun go bhfeicfidh an domhan é
Agus seasfad sa tuile go dtí go suncálfad
Beidh na hamhráin go léir ann sula dtosnód á gcanadh
Agus is dian, uch is dian, uch is dian agus is dian
Uch is dian-deoir atá i ndán.