2014-11-30

BORD GÁIS: Drochbholadh Uaidh?

Maíonn Bord Gáis go dtugann a chuid gradam leabhar an pobal liteartha ar fad le chéile. Tá sé sin le léamh ar an suíomh acu. Bréag, gan amhras. Agus an bhréag chéanna á hinsint acu bliain i ndiaidh bliana le naoi mbliana anuas. Níl léitheoirí na Gaeilge tugtha le chéile acu, níl foilsitheoirí na Gaeilge tugtha le chéile acu, níl scríbhneoirí na Gaeilge tugtha le chéile acu. Is cosúil nár chualadar trácht ar litríocht na Gaeilge.

Ach chun a chruthú nach dream cúngaigeanta ar fad iad, tá Gradam Idirnáisiúnta acu chomh maith i mbliana. Agus cé a roghnaigh Bord Gáis Energy Irish Book Awards 2014 don ghradam idirnáisiúnta? Jeffrey Archer, ambaiste,  faoina ndúirt Ringo Starr: ‘Is é an saghas duine é a chuirfeadh do mhún i mbuidéal is é a dhíol!’

Agus an dream gan náire a sheas chun bualadh bos a thabhairt do Jeffrey groí agus scríbhneoirí agus foilsitheoirí na Gaeilge á gcoinneáil amach acu, ón gcuma a bhí orthu déarfainn go raibh glincín d’fhual an tSaighdeora sa ghrágán acu!

Ar an lá seo 30 Samhain

Ar an lá seo 30 Samhain, 1935, cailleadh an mórfhile Fernando Pessoa
Agus is é Pessoa a chuireann deireadh leis an mír seo den bhlag. Tá bliain iomlán déanta againn.

Não sei quantas almas tenho.

Não sei quantas almas tenho.
Cada momento mudei.
Continuamente me estranho.
Nunca me vi nem achei.
De tanto ser, só tenho alma.
Quem tem alma não tem calma.
Quem vê é só o que vê.
Quem sente não é quem é.

Atento ao que sou e vejo,
Torno-me eles e não eu.
Cada meu sonho ou desejo,
É do que nasce, e não meu.
Sou minha própria paisagem,
Assisto à minha passagem,
Diverso, móbil e só.
Não sei sentir-me onde estou.

Por isso, alheio, vou lendo
Como páginas, meu ser.
O que segue não prevendo,
O que passou a esquecer.
Noto à margem do que li
O que julguei que senti.
Releio e digo, «Fui eu?»
Deus sabe, porque o escreveu.

Níl fhios agam líon na n-anamacha atá ionam

Níl fhios agam líon na n-anamacha atá ionam.
D’athraíos ó mheandar go meandar.
Braithim i gcónaí im stróinséir.
Ní fhaca mé mé féin ná níor thána riamh orm féin.
Ón méid iomlán díom, níl agam ach anam.
An té a bhfuil anam aige ní suaimhneach dó.
An té a fheiceann níl ann ach a bhfeiceann sé.
An té a mhothaíonn ní hé é féin atá ann.

Is airdeallach a bhím faoin méid atá ionam is a bhfeicim.
Bímse iadsan agus stopaim de bheith mé féin.
Gach aon bhrionglóid, gach aon dúil
Is leis an té a rabhadar san aige iad, ní liomsa iad.
Mise mo thírdhreach féin
Breathnaím orm féin is mé ar aistear –
Éagsúil, soghluaiste, liom féin.
San áit seo ina bhfuilim ní mhothaímse mé féin.

Sin an fáth a léimse mé féin mar stróinséir
Mar a bheadh leathanaigh ann.
N’fheadar cad a thiocfaidh
Dearúdaimse gach ar tharla,
Breacaim nóta ar imeall mo chuid léitheoireachta,
Machnamh agus mothúcháin.
Deinim iontas agus mé á athléamh: ‘Arbh in mise?'
Tá’s ag Dia, mar eisean a scríobh.

Ar an lá seo 29 Samhain

Ar an lá seo 29 Samhain, 2001, cailleadh George Harrison.
Chomh maith lena ghairm cheoil leis na Beatles, léirigh sé an t-albam Sacred Chants of India.

Carúil na gCarmanach: ábhar ceiliúrtha agus ábhar machnaimh

Is fada trácht ar charúil na Cille Móire i gCo. Loch Garman agus tá léas nua beatha tugtha dóibh anois ag an amhránaí ildánach sárchumasach Caitríona O’Leary ar an albam nua The Wexford Carols (Heresy Records). I dteannta Chaitríona tá Rosanne Cash, Rhiannon Giddens agus amhránaí mór na Breataine Bige, Tom Jones.

Is pacáiste aoibhinn é seo agus an-chuma go deo ar an leabhrán faoi chlúdach crua a ghabhann leis. Tá a croí curtha ag Caitríona O’Leary sa togra seo, i ngach slí, agus guím rath uirthi.

Ba thall in Ghent a d’fhoilsigh an tEaspag Luke Waddinge (ná measctar leis an bhFroinsiasach Luke Wadding é) an cnuasach amhrán diaga A Small Garland of Pious & Godly Songs (1684). As an gcnuasach sin agus as an mbailiúchán A New Garland Containing Songs for Christmas (1728) leis an Athair William Devereux chomh maith le traidisiún beo na Cille More iad na carúil bhreátha seo.

D’fhoghlaimíos cuid mhaith ó na nótaí atá curtha ag Caitríona leis na carúil Nollag seo ar cuid d’oidhreacht na hÉireann agus d’oidhreacht cheoil an domhain araon iad, dar léi, agus an ceart aici. Tá a thuilleadh nótaí inspéise scríofa ag Eric Fraad, bunaitheoir Heresy Records, agus is fiú go mór iad a léamh. Cumadh na carúil seo chun sólás a thabhairt don chosmhuintir agus iad ag fulaingt faoin gConcas. Murach Cromail, seans nach mbeadh na carúil seo againn. Tar éis dó slad a dhéanamh i nDroichead Átha, chuaigh Cromail caol díreach go Loch Garman, 10,000 Piúratánach ina theannta, agus dhein sé an diabhal arís. Sna blianta a lean Cogadh Chromail in Éirinn, tháinig titim ó 2,000 go 400 ar dhaonra Loch Garman. Bí ag caint ar chinedhíothú.

Dála na n-amhrán spioradálta is na nGormacha i Meiriceá, d’fheidhmigh na carúil seo mar bhalsam bisigh do phobal cloíte Loch Garman. Is meafair iad go minic na híomhánna sna carúil seo a sheasann do chúinsí dofhulangtha na nGael ag an am; diúltaítear do Mhuire is d’Iósaf agus níl ar fáil don Mháthair Bheannaithe agus a hionú tagtha ach stábla. Ní raibh de shéipéal ag an Easpag Waddinge ach seamlas lán de bhualtrach agus is i ngort lom a cheiliúraíodh an tAthair Devereux an tAifreann. Is cinnte gur bhraith lucht canta na gcarúl seo, agus an lucht éisteachta, an ceangal a bhí idir na Gaeil bhochta agus an Teaghlach Naofa. Sa tslí sin, neartaigh na carúil a gcreideamh agus a bhféiniúlacht araon.

Na tagairtí sna carúil do Héaród an áir, nach tagairtí do Chromail iad dáiríre? Gach seans. Díbríodh na Gaeil go Connachta, chuaigh a thuilleadh acu go Meiriceá agus a thuilleadh fós chun na Mór-Roinne. Nach meafar é an díbirt léanmhar sin a sheasann don Teitheadh chun na hÉigipte? Agus na tagairtí don Slánaitheoir féin, nach bhfuil soiscéal an tSeacaibíteachas ag borradh sa chúlra? Bí cinnte de. Ábhar ceiliúrtha agus ábhar machnaimh atá san albam suaithinseach seo a léiríonn urraim do ghné neamhchoitianta dár n-oidhreacht.

2014-11-29

Seit ich ihn gesehen/Ó chonac an leaid óg

File: Adelbert von Chamisso
Cumadóir: Carl Loewe<

Seit ich ihn gesehen

Seit ich ihn gesehen,
Glaub' ich blind zu sein;
Wo ich hin nur blicke,
Seh' ich ihn allein;
Wie im wachen Traume
Schwebt sein Bild mir vor,
Taucht aus tiefstem Dunkel,
Heller nur empor.

Sonst ist licht- und farblos
Alles um mich her,
Nach der Schwestern Spiele
Nicht begehr' ich mehr,
Möchte lieber weinen,
Still im Kämmerlein;
Seit ich ihn gesehen,
Glaub' ich blind zu sein.

Ó chonac an leaid óg

Ó chonac an leaid óg
Tá mé dall is léir;
Le gach aon stracfhéachaint
Níl sa domhan ach é;
Mar a bheadh i mbrionglóid
Snámhann chugam a chló
’Teacht as íochtar dorcha
Lonrach os mo chomhair.

Seachas sin is léithe
Gach a bhfuil sa saol,
Bheith ag spraoi lem dheirfiúr
Sea mhuis’ beag an baol.
B’fhearr liom bheith ag caoineadh
I mo sheoimrín féin:
Ó chonac an leaid óg
Tá mé dall is léir.

2014-11-27

Ar an lá seo, 27 Samhain

Ar an lá seo, 27 Samhain, 1474, cailleadh Guillaume Dufay

Briathar / Logos

Briathar

Cén fáth iontas a dhéanamh de na héisc is na builíní?
Abair na focail chearta agus leathfaidh an fíon.
Abair le grá iad
Agus mothaigh fiántas an ghrá sin
Agus mothaigh riachtanas an ghrá sin
Agus pléascfaidh na héisc ina mílte.
Samhlaigh É, ag caint,
Agus ná buair do cheann faoina bhfuil ann,
Faoin rud is léir ná faoin mistéir.
Má bhíse ann ba iad na nithe sin go léir iad.
Samhlaigh é agus is iad na nithe sin go léir iad.
Ith, ól, is bí sona.
Glac leis an míorúilt.
Glac chomh maith le gach focal labhartha
A labhartar le teann grá.

Logos

Why wonder about the loaves and the fishes?
If you say the right words, the wine expands.
If you say them with love
and the felt ferocity of that love
and the felt necessity of that love,
the fish explode into the many.
Imagine him, speaking,
and don't worry about what is reality,
or what is plain, or what is mysterious.
If you were there, it was all those things.
If you can imagine it, it was all those things.
Eat, drink, be happy.
Accept the miracle.
Accept, too, each spoken word
spoken with love.

~ Mary Oliver ~

(Why I Wake Early)

2014-11-26

Ar an lá seo 26 Samhain

"Eichendorff“ von Franz Kugler - Klaus Günzel: Die deutschen Romantiker. Artemis, Zürich 1995, ISBN 3-7608-1119-1. Lizenziert unter Public domain über Wikimedia Commons.
Ar an lá seo 26 Samhain 1857, cailleadh Joseph von Eichendorff.
Seo thíos an chéad véarsa as Sehnsucht/Tnúth, ceann de na dánta is ceolmhaire sa Ghearmáinis:

Sehnsucht

Is órga mar lonraíonn na réaltaí
Im sheasamh dom cois fuinneoig’
Is cloisim i bhfad i gcéin uaim
An adharc poist i dtír gan ghleo.
Is smaoiním go domhain is faoi rún
Nuair lasann im cholainn mo chroí:
Á, b’aoibhinn a bheith leo faoi chlúid
Is ag taisteal ar feadh na hoích’.

Es schienen so golden die Sterne,
am Fenster ich einsam stand
und hörte aus weiter Ferne
ein Posthorn im stillen Land.
Das Herz mir im Leib entbrennte,
da hab ich mir heimlich gedacht:
Ach, wer da mitreisen könnte
in der prächtigen Sommernacht!

Cuireadh: Seoladh "An Fear Glas" 4 Nollaig @ 18:30

Tugann Arlen House agus Gaelchultúr caoinchuireadh duit chun an bailiúchán mór dátheangach


An Fear Glas ¦ The Green Man

le Cathal Ó Searcaigh

a cheiliúradh inár dteannta.

Maisithe ag Pauline Bewick

An mheitheal aistritheoirí:
Paddy Bushe,
Gabriel Rosenstock
agus Frank Sewell

Aíonna speisialta: Nuala Ní Dhomhnaill agus Brian Kennedy 

 
Gaelchultúr, 
11 Sráid an Chláraigh, 
BÁC 2
http://www.gaelchultur.com/
Déardaoin 4 Nollaig 6.30

Fáilte roimh chách


Alan Hayes
Foilsitheoir
ARLEN HOUSE

086 8207617
arlenhouse.blogspot.com

Cuan Mó

Íomhá Ron Rosenstock
Clew Bay –
evening arrives
unannounced
Cuan Mó –
an tráthnóna tagtha
gan choinne

2014-11-25

Ar an lá seo 25 Samhain

Ar an lá seo 25 Samhain, 1949, cailleadh Bill "Bojangles" Robinson.

Es war ein König in Thule/ Bhí Rí Ann Fadó in Thule

File: Johann Wolfgang von Goethe
Cumadóir: Franz Schubert

Es war ein König in Thule

Es war ein König in Thule,
Gar treu bis an das Grab,
Dem sterbend seine Buhle
Einen goldnen Becher gab.

Es ging ihm nichts darüber,
Er leert' ihn jeden Schmaus;
Die Augen gingen ihm über,
So oft er trank daraus.

Und als er kam zu sterben,
Zählt' er seine Städt' im Reich,
Gönnt' alles seinem Erben,
Den Becher nicht zugleich.

Er saß beim Königsmahle,
Die Ritter um ihn her,
Auf hohem Vätersaale,
Dort auf dem Schloß am Meer.

Dort stand der alte Zecher,
Trank letzte Lebensglut,
Und warf den heil'gen Becher
Hinunter in die Flut.

Er sah ihn stürzen, trinken
Und sinken tief ins Meer.
Die Augen täten ihm sinken
Trank nie einen Tropfen mehr.

Bhí Rí Ann Fadó in Thule

Bhí rí ann fadó in Thule,
Dílis bhí go ndeachaigh faoin bhfód.
Roimh bhás di thug a rúnsearc
Cuach órga ghreanta dhó.

Ba gheal leis í mar chuach,
Is é ag déanamh spraoi,
Na deora ‘rith lena ghrua
Is é ag ól na dí.

Nuair nocht an Bás, an cladhaire,
Dhein a mhaoin a mheas dá uacht:
D’fhág gach rud ag a oidhre
Scéal eile bea an chuach.

Is ag an bhféasta ríoga,
Na huaisle lena thaobh
I gcaisleán sin na sinsear –
An mhuir is í ag éamh.

Is sheas le súile saofa,
D’ól braoinín beag amháin
Is chaith an chuach naofa
Le fórsa uaidh chun fáin.

Do chonaic í á líonadh,
Á halpadh, í dul síos:
Is dhún na súile ríoga
Braon fíona níor ól arís.

2014-11-24

Ar an lá seo 24 Samhain

Ar an lá seo 24 Samhain, 1961, rugadh Arundhati Roy
“Ba chóir straitéis a bheith againn ní hamháin aghaidh a thabhairt ar an impireacht ach í a chur faoi léigear. Ocsaigin a cheilt uirthi. Í a náiriú. Magadh a dhéanamh fúithi. Lenár n-ealaín, ár gceol, ár litríocht, ár gceanndánacht, ár ríméad, ár sárchumas, ár mbuaine – agus ár mbua chun scéalta a insint…”

Wanderers Nachtlied II / Amhrán Oíche an Fhánaí II

File: Johann Wolfgang von Goethe
Cumadóir: Franz Schubert

Amhrán Oíche an Fhánaí II

Thuas i measc na mbeann ard
Tá síth
I measc na gcrann ard
Níl aon ní
Ní chorraíonn dé;
Na héiníní balbh sa mhoing.
Fan go fóill, gan mhoill
Gheobhairse scíth.

Wanderers Nachtlied II

Über allen Gipfeln
Ist Ruh,
In allen Wipfeln
Spürest du
Kaum einen Hauch;
Die Vögelein schweigen im Walde.
Warte nur, balde
Ruhest du auch.

2014-11-23

Ar an lá seo 23 Samhain

Ar an lá seo 23 Samhain 2013 cailleadh Delbert Tibbs

Is é an séasúr sin arís é

Is glas faoina nduilleoga iad na crainn
Na bláthanna amuigh
An ghrian, an Seanfhear, ag taitneamh go láidir
Tá codladh dorcha an gheimhridh ag imeacht
Is rud éigin ionam ag dúiseacht

An Dán is Fearr sa Ghearmáinis?

Tá amhráin ealaíne nó Lieder á n-aistriú agam ón nGearmáinis go Gaeilge. Cuid de na liricí, abraimis na liricí le Wilhelm Müller, ní thabharfadh éinne ardfhilíocht orthu ach, ar ndóigh, tá liricí eile ann, le Goethe, Eichendorff, Schiller agus Heine, abraimis, agus is filíocht den chéad scoth atá iontu. Agus an dán is fearr ar fad sa Ghearmáinis? Hälfte des Lebens le Friedrich Hölderlin, dar liom féin agus b’in an tuairim a bhí ag m’athair, leis. 

Is aisteach le rá é, breis is míle dán Gearmáinise aistrithe go Gaeilge agam agus níor thugas faoin gceann áirithe seo go dtí anois.

Tá ceol curtha ag dosaen éigin cumadóir leis, ina measc Seán Ó Riada agus Benjamin Brittan. Is cuimhin liom im dhéagóir dom a bheith ag éisteacht leis an gcóiriú a dhein an Riadach ar dhán cáiliúil Hölderlin. Is fíor-annamh a chloisfeá an taifeadadh sin na laethanta seo.



File: Friedrich Hölderlin
Cumadóir: Tá breis is deichniúr cumadóirí ann a chuir ceol leis an dán cáiliúil seo, Seán Ó Riada agus Benjamin Brittan ina measc.
 

Éist le Martin Feifel agus an bundán á aithris aige:


Hälfte des Lebens

Mit gelben Birnen hänget
Und voll mit wilden Rosen
Das Land in den See,
Ihr holden Schwäne,
Und trunken von Küssen
Tunkt ihr das Haupt
Ins heilignüchterne Wasser.

Weh mir, wo nehm' ich, wenn
Es Winter ist, die Blumen, und wo
Den Sonnenschein,
Und Schatten der Erde?
Die Mauern stehn
Sprachlos und kalt, im Winde
Klirren die Fahnen.

Leath an tSaoil

Le piorraí buí ar crochadh,
Is rós’nna ag cur thar maoil,
An tír sa loch glé,
A ealaí gleoite
Ar meisce le póga
Tumann sibh síos
Sna huiscí beannaithe maorga.

Faraor, cá bhfaigheadsa
Na bláthanna, i lár an gheimhridh
Is teas na gréin’
Is scáthanna an domhain?
Ná múrtha, Ó,
Balbh is fuar, is gliogar
Na gcoileach gaoithe.

2014-11-22

Ar an lá seo 22 Samhain

Ar an lá seo 22 Samhain, 1869, rugadh André Gide, Duaiseoir Nobel

smaoineamh an lae

I mbailte beaga faoin tuath i Meicsiceo, níor bhraith na daoine go raibh gá acu le rialtas. Go dtí le déanaí, ba le pobal an cheantair iad an talamh, na foraoisí, an t-uisce, na goirt mar chomh-mhaoin. Luaigh an focal ‘rialtas’ leis na daoine macánta sin agus beidh siad ar bharra creatha mar is ionann rialtas agus básadóir, dar leo; is ionann é agus tíorántacht. Maireann siad go sona agus saoirse acu agus in an-chuid cásanna níl a fhios acu ainm Uachtarán na Poblachta, agus níl a fhios acu a leithéid de rud agus rialtas a bheith ann ach amháin nuair a ghabhann na ceannairí míleata tríd an réigiún agus iad ag iarraidh fir a iompú ina saighdiúirí, nó nuair a thagann an bailitheoir cánach chun cáin a bhailiú.

2014-11-21

Sha! Shtil! Fuist! Éist!

שאַ שטיל

-- שאַ שטיל, מאַך נישט קיין גערידער
,דער רבי גייט שוין טאַנצן ווידער
-- שא שטיל, מאַך נישט קיין געוואלד
.דער רבי גייט שוין טאנצן באלד

,און אז דער רבי טאַנצט
.טאַנצן דאָך די ווענט
.לאָמיר אלע פּליאסקען מיט די הענט.

,און אַז דער רבי טאַנצט
.טאַנצט דאָך מיט דער טיש
.לאָמיר אלע קלעפען מיט די פיס

Sha! Shtil!

Khor:
Sha shtil, makh nit keyn gerider,
Der rebe geyt shoyn tantsn vider.
Sha shtil, makh nit keyn gevald,
Der rebe geyt shoyn tantsn bald.

Un az der rebe tantst,
Tantsn dokh di vent,
Lomir ale plyeskn mit di hent!

Khor:

Un az der rebe tantst,
Tantst dokh mit der tish,
Lomir ale tupn mit di fis!

Khor:

Un az der rebe zingt dem heylikn nign,
blaybt den sotn
a toyter lign.

Sha shtil!

Hey khsidim,
Der rebe geyt shoyn tantsn.
Hey khsidim,
Der rebe geyt shoyn tantsn bald!

Fuist! Éist!

Curfá

Fuist! Éist! Ná bíodh gíocs as éinne
An Raibí ’dul ag rinc’ is ag léimneach:
Fuist! Éist! Fuist abhus is thall
An Raibí ’dul ag rinc’ ar ball.

An léim ón bhfalla féin
’Linn don Raibí léim!
Bualadh bos anois ó gach éinn’!

Curfá
 
An léim ón mbord dinnéir
’Linn don Raibí léim!
Greadadh cos anois ó gach éinn’!

Is nuair a chanann sé an t-amhrán sácráilte
Siúd é Sátan
É marbh cráite
Fuist! Éist!

Hé, a chairde,
Tá an Raibí ’ dul ag damhsa
Hé, a chairde,
An Raibí ’dul ag rinc’ ar ball.

Ar an lá seo 21 Samhain

Ar an lá seo 21 Samhain, 1870, rugadh Alexander Berkman
Caitheadh go dona leis i bpríosún. Is fiú go mór a chuimhní cinn a léamh.

Comóradh 1916 ar ceal

Tá Comóradh 1916 ar ceal! Ó mo thaobhsa de ar aon nós. Ní bheidh mise á chomóradh. Cén fáth san?

Tuig i gceart mé. Bhí gá le hÉirí Amach 1916. Gá le poblachtachas. Le náisiúnachas. Gá le Emmet. Gá le Tone. Agus na céadta eile. Na Peep O’ Day Boys. (Chaithfeá a bheith i do shuí roimh ghiolc an ghealbhain chun breith orthu siúd). Ach an bhfuil gá leis an náisiúnachas a thuilleadh? An bhfuil gá le náisiúin, le bratacha?

Cuid riachtanach dár n-éabhlóid ar an bpláinéad seo ab ea an náisiúnachas – arm éifeachtach in aghaidh an impiriúlachais. Bhí meas agam riamh ar an náisiúnachas cultúrtha, an neamhspleáchas aigne agus an saghas náisiúnachais sin a chleacht an Mahatma, an easumhlaíocht shibhialta nuair ba ghá. Easumhlaíocht shibhialta a léirigh muintir na hÉireann le déanaí i dtaca le táillí uisce de.

Easumhlaíocht shibhialta is ceart a chleachtadh sa bhliain 2016. Nach bhfuil idéil 1916 tréigthe againn, idéil an Ghaelachais ach go háirithe? Níl siad tréigthe agatsa, seans, ach nach bhfuil siad tréigthe cuid mhaith ag na meáin, ag an státchóras, ag an earnáil ghnó, ag státseirbhísigh, ag lucht siamsaíochta is ag ‘aos dána’ na hÉireann trí chéile? Ar aon chuma, ní gá teanga a cheangal le náisiún. Bhí an Ghaeilge ann sula raibh náisiún againn agus beidh sí ann nuair a bheidh deireadh le náisiúin an domhain.

Fiú amháin dá mbeadh an státchóras is na dreamanna go léir thuasluaite, is dreamanna nach iad, tar éis a bheith dílis don Ghaelachas, an mbeadh 1916 á cheiliúradh agam? Ní bheadh. Tá an freagra i bhfoilseachán dar teideal Against Nationalism (Anarchist Communist Editions, Paimfléad Uimh. 20, Meán Fómhair, 2009). Meabhraíodh dom agus mé á léamh nach gá féachaint ar an domhan mar scata náisiún ag iomaíocht lena chéile: ‘brat deataigh’, fantaisíocht atá sa náisiún, brat a cheileann cath na n-aicmí. Níl ‘aon phobal’ ann laistigh den ‘náisiún’ ná leas náisiúnta ann a d’aontódh an pobal sin. Níl sa náisiúnachas ach ‘paróisteachas eagraithe’, dar le Paimfléad Uimh 20.

Aisteach go leor, tháinig mise ar an Ainrialachas via spioradáltacht na hIndia. I dtraidisiún ársa Advaita na hIndia, ceistítear an nóisean atá againn den rud is féiniúlacht ann. Bristear síos an coincheap atá agat díot féin d’fhonn teacht ar an bhfírinne lom: ní tusa d’ainm is do shloinne, ní tusa do theanga, do chultúr, do chreideamh, do chuid tuairimí, ní tusa an aois atá agat, an jab atá agat, an chuma atá ort agus mar sin de go heireaball siar go dtí nach mbeadh lipéad ar bith fágtha.

Tagtar ar an síol beo síoraí ionat sa tslí sin, an Féin atá neamhspleách ar na ‘fíricí’ eile go léir a bhaineann leat, náisiúntacht, ar ndóigh, san áireamh agus na ‘dílseachtaí’ polaitiúla agus creidimh a bhaineann leat anois ach nach raibh a fhios agat iad a bheith ann nuair a saolaíodh tú, ar ndóigh.

Bíonn trodairí na saoirse ag caint ar shaoirse ach le bheith saor i gceart, ní mór duit gach lipéad a dhó.

Tháinig an náisiúnstát chun cinn i dteannta an chaipitleachais. Tháinig deireadh leis an Laidin agus chuir tionscal na clódóireachta le héifeacht lucht riaracháin gach áit, go háirithe i dteangacha na hEorpa; chabhraigh baincéirí is trádálaithe le leathnú na n-impireachtaí Eorpacha ar fud an domhain, impireacht na Breataine mar chomharsa bhéal dorais againn féin.

‘Sea, tá a lán le slogadh sa mhéid sin. An iomarca, b’fhéidir, ach nílimse ach ag iarraidh a bhfuil sa phaimfléad thuasluaite a thuiscint i gceart agus is mór an áis a bheith in ann smaoineamh mar seo os ard! Sin is aiste ann, i mo thuairimse.

Ar aon nós, chuir Réabhlóid na Fraince a stampa breá ar ‘cheannas an tsaoránaigh’ agus ní bheadh aon 1916 ann murach sin, is dócha. Ach an mbraitheann tusa ceannas seo an tsaoránaigh? Bheadh fonn orm 1916 a cheiliúradh dá mbraithfinn.

Agus na náisiúnstáit ag teacht chun cinn go rábach, bhí gá le gliú éigin a choimeádfadh slán iad. Scaipeadh idéal an ‘tírghrá’ agus thacaigh na heaglaisí leis sin. Tacaíonn fós.

Is maith linn go léir an grá. Cé a chuirfeadh in aghaidh an ghrá, in aghaidh an tírghrá?

Cúpla duine ciallmhar, bail ó Dhia orthu, cúpla duine a theith ó pháirc an áir sa Chéad agus sa Dara Cogadh Domhanda – agus gach cogadh ó shin. Níor lucht sniffeála an ghliú sin iad. Mo ghreidhin go deo na tréigtheoirí!

Tírghrá? Abair é sin leis an mBanc Domhanda, leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, le NATO agus a gcairde, leis an Troika. An mbeidh ionadaithe ó na heagraíochtaí sin i láthair ag Comóradh 1916? Conas a aithneofar iad?

An mbeidh adharca orthu? Nó an mbeidh siad cosúil leatsa, cosúil liomsa?

Seasamh in aghaidh an impiriúlachais ab ea Seachtain na Cásca. Feictear domsa nach féidir an seasamh sin a chomóradh fad is atá árfort déanta ag na Meiriceánaigh d’Aerfort na Sionainne chun cogaí impiriúla a fhearadh i gcéin.

Beidh an bhratach thrídhathach le feiceáil gach áit ó thús 2016 ar aghaidh. Is deise liomsa bratacha bána, caithfidh mé a rá:
 

Bratacha Bána
Tá bratach Mheiriceá
ar an ngealach
iompaithe bán,
tuartha ag an ngrian.
Ní faic anois iad
na réaltaí, na stríoca,
brionglóid.
Lá breá gréine
is beidh gach brat tréigthe

Mar fhocal scoir. Cad a chuirfinnse in áit an náisiúnstáit? Tá na hainrialaithe an-soiléir ina thaobh: domhan gan teorainneacha, gan náisiúin, gan bhratacha, saortheacht ar tháirgí daoine chun riachtanais daoine a shásamh, domhan gan stát a ligfeadh dúinn bláthú gan choimhlint inár neacha cruthaitheacha dúinn.

Domhan mar sin, b’fhiú é a cheiliúradh.

- Beidh an aiste seo i gcnuasach aistí leis an údar faoin teideal Éist leis an gCruinne. Evertype na foilsitheoirí agus seolfar an bailiúchán i dtús mhí na Nollag. Foilsíodh i dtosach ar Tuairisc.ie é agus is lena gcaoinchead atá sé athfhoilsithe anseo.

Ständchen/ Saranáid

File: Ludwig Rellstab
Cumadóir: Franz Schubert
Leise flehen meine Lieder
Durch die Nacht zu dir;
In den stillen Hain hernieder,
Liebchen, komm zu mir!

Flüsternd schlanke Wipfel rauschen
In des Mondes Licht;
Des Verräters feindlich Lauschen
Fürchte, Holde, nicht.

Hörst die Nachtigallen schlagen?
Ach! sie flehen dich,
Mit der Töne süßen Klagen
Flehen sie für mich.

Sie verstehn des Busens Sehnen,
Kennen Liebesschmerz,
Rühren mit den Silbertönen
Jedes weiche Herz.

Laß auch dir die Brust bewegen,
Liebchen, höre mich!
Bebend harr' ich dir entgegen!
Komm, beglücke mich!

Saranáid

Gabhann mo laoithe chugat, a mhuirnín,
Tríd an oíche chiúin;
Thíos sa gharrán bí go luath ann,
‘Stóirín, tar a rún!

Siosarnach ó bharr an duilliúir
Loinnir gheal ón ré;
Faoi na spiairí ná bíodh buairt ort
Ná aon challashaoth.


Éist! Na héiníní ag canadh
Á! Is chugat atáid,
Á! an binneas ’tá sa mhana
’Eitilt faoi do bhráid.

Tuigeann siad an arraing chléibhe
Tuigeann pian an ghrá,
Suaimhníonn siad le nótaí séimhe
Croíthe atá faoi chrá.

Lig dóibh canadh istigh id chroíse
‘Stóirín, éist lem ghuí:
Táim ag tnúth leat lá ‘gus oíche
Tar, is tóg mo chroí!

2014-11-20

Ar an lá seo 20 Samhain

Ar an lá seo 20 Samhain 1923, rugadh Nadine Gordimer, Duaiseoir Nobel.
"Tá naoi dteanga ag an tír seo agus ní labhraimse aon cheann acu. Tá sé sin domhaite!"

"Eitlíonn an briathar tríd an spás, preabann sé ó shatailítí, níos cóngaraí anois ná riamh do Neamh as ar tháinig sé an chéad lá, creidtear."

"Tá ráite agam nach mbeadh aon rud fíorasach a scríobhfainnse nó a déarfainnse chomh fírinneach le mo chuid ficsin."

Smaoineamh an Lae

Bain leas as na buanna atá agat óir is róchiúin ar fad a bheadh na coillte mura gcanfadh iontu ach na héin is fearr.

2014-11-19

Guthanna Binne Síoraí: Má Thagann Tú: Domhnach @ 3


Ar an lá seo 19 Samhain

Ar an lá seo 19 Samhain, 1828, cailleadh Franz Schubert.
 Aistriúchán Gaeilge anseo thíos ar cheann de na 'Lieder' is cáiliúla leis, Der Leiermann/ An tOrgánaí Sráide, á rá anseo ag Thomas Quasthoff, Daniel Barenboim á thionlacan.

Der Leiermann

Liricí: Wilhelm Müller
Ceol: Franz Schubert

Drüben hinterm Dorfe
Steht ein Leiermann
Und mit starren Fingern
Dreht er, was er kann.

Barfuß auf dem Eise
Schwankt er hin und her
Und sein kleiner Teller
Bleibt ihm immer leer.

Keiner mag ihn hören,
Keiner sieht ihn an,
Und die Hunde brummen
Um den alten Mann.

Und er läßt es gehen
Alles, wie es will,
Dreht und seine Leier
Steht ihm nimmer still.

Wunderlicher Alter,
Soll ich mit dir geh'n?
Willst zu meinen Liedern
Deine Leier dreh'n?

Orgánaí Sráide

Siúd lastall den bhaile
An t-orgánaí sráid’
‘Seinm ar a dhícheall
A mhéara reoite táid.

Cosnocht ar an oighear
‘Luascadh soir is siar
Agus tá a bhabhla
Folamh agus fuar

Níl aon neach ag éisteacht
Tá an domhan mór dall
Ar na gadhair ag tafann
Timpeall ar an mball.

Ligeann sé dó tarlú,
Pé rud a tharlóidh:
Casadh ‘thabhairt don orgán
Nach mbeidh ciúin go deo.

Seanóir liom na n-iontas
Raghaidh mé leat ar fán
Ach an mbeidh mo dhánta
Ag an orgán?

Holder klingt der Vogelsang (Minnelied)

File: Ludwig Heinrich Christoph Hölty
Cumadóir: Franz Schubert
Holder klingt der Vogelsang,
Wenn die Engelreine
Die mein Jünglingsherz bezwang
Wandelt durch die Haine.

Röter blühen Tal und Au,
Grüner wird der Wasen,
Wo die Finger meiner Frau
Maienblumen lasen.

Ohne sie ist alles tot,
Welk sind Blüt' und Kräuter;
Und kein Frühlingsabendrot
Dünkt mir schön und heiter.

Traute, minnigliche Frau,
Wollest nimmer fliehen;
Daß mein Herz, gleich dieser Au,
Mög' in Wonne blühen!

Aoibhinn Giolc na nÉiníní

Aoibhinn giolc na n-éiníní
Nuair a théann an aoileann –
Ise a ghoin mo chroí istigh –
’Fánaíocht fud na gcoillte.

Rua ’éiríonn gort is gleann
'Glaise iad na bánta
Nuair a bhíonn mo stóirín ann
Í i measc na mbláth geal.

Murach í bheadh gach rud leamh
Ní bheadh bláth ná lus ann:
Ní bheadh solas ’teacht ó neamh
Duairc an saol gan gus ann.

'Ansacht, is a phlúr na mban
Fan lem thaobh, a stóirín:
Beidh mo chroí mar tá an gleann
Lán de bhlátha [i] gcónaí!

2014-11-18

Ar an lá seo 18 Samhain

Ar an lá seo 18 Samhain, 1888, rugadh Sri Tirumalai Krishnamacharya

Serc [Love] Αγάπη:

Seandán, saoraistriúchán Béarla le Gabriel Rosenstock agus leagan Gréigise le Yiorgos Chouliaras.

Serc [Love] Αγάπη:

ένα αρχαίο, ανώνυμο ιρλανδικό ποίημα

Is serc bo báidiu fri bliadain mo sherc
is cuma fo thuinn
is rigi nirt dar forrain
is cetharruinn talman
is dichend nime
is brissiud brágat
is comlunn fri scath
is combath fri huacht
is rith fri nemh
is gascced fo ler
is grád do macall
mo grád-sae, ocus mo shercc ocus
m´innmaine dontí da tucas.

For over a year now my love has grown
Silently as a seed that’s sown

And grows in strength; hard to comprehend;
Stretching to the world’s end

Reaching to the very sky –
Cleaving! I will surely die.

It is combat with shade; slaughter;
Drowning in cold water.

It is a race against heaven
Battling mighty waves, all seven.

It is love, echoing, echoing – the cry of a dove!
My darling has taken my life, my love.


Για έναν χρόνο τώρα μεγαλώνει η αγάπη μου
σιωπηλά όπως στο χώμα ο σπόρος

Και δυναμώνει και δύσκολα καταλαβαίνεις
πώς φτάνει στα πέρατα του κόσμου

Και ακουμπά τον ουρανό –
Σχίζοντάς τον. Σίγουρα θα πεθάνω.

Μάχη με τις σκιές. Σφαγή.
Να πνίγεσαι σε νερό παγωμένο.

Αγώνας δρόμου κατά του παραδείσου
πολεμώντας κύματα πανίσχυρα, και τα εφτά.

Είναι η αγάπη, που ηχεί, ηχεί – κλάμα περιστεριού.
Μου πήρε τη ζωή μου η αγάπη μου.

(ελεύθερη απόδοση στα ελληνικά: Γιώργος Χουλιάρας)

2014-11-17

Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge: Ó Chathal Póirtéir

A chairde na scríbhneoireachta,

Tá mé ag feidhmiú mar rúnaí sealadach ar Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge go dtí go mbíonn deis ag na baill coiste stiúrtha a thoghadh ag ollchruinniú. Ba mhaith liom moltaí a bhailiú uaibh faoi na spriocanna a ba chóir a bheith ag an Aontas agus faoi na háiseanna agus na seirbhísí a ba mhaith libh a fháil ón Aontas. Bunaithe ar bhur bhfreagraí, cuirfidh mé cáipéis le chéile roimh an ollchruinniú agus thig linn í a phlé.

Cár choir dúinn toscaireachtaí agus aighneachtaí a chur? Luaigh daoine liom Áis, Foras na Gaeilge, RTÉ, TG4, An Chomhairle Ealaíon, Idirmhalartán Litríochta Éireann, foilsitheoirí, Cultúr Éireann...an bhfuil tuilleadh le cur leis an liosta sin?

Cad a ba cheart dúinn a lorg? Cad iad na gnéithe a ba chóir dúinn díriú orthu? Cad iad na scéimeanna a n-éiríonn leo? An gá scéimeanna nua a thosú, seanscéimeanna a neartú? Cad a cheapann muid faoin dóigh is fearr le feabhas a chur ar dhreasachtaí, duaiseanna, aistriúcháin, cearta, conarthaí, scéimeanna cónaithe, comórtais, cothú na léitheoireachta, cothú na scríbhneoireachta, oiliúint do scríbhneoirí, eagarthóireacht, cúrsaí oiliúna, cúrsaí léirmheasanna, poiblíochta agus margaíochta.

Cad iad na cáilíochta do scríbhneoir a bheith ina b(h)all san Aontas? An ionann an duine atá i ndiaidh 100 leabhar a scríobh agus an duine a d’fhoilsigh 100 líne? Ar chóir níos mó ná cineál amháin ballraíochta a bheith ann do dhaoine nach bhfuil mórán scríofa acu ach a ba mhaith leo a bheith ag tabhairt tacaíochta dúinn nó ag forbairt a gcuid scríbhneoireachta féin? Cúrsaí aoise (íosteorainn!)

Ar chóir go mbeadh táille ballraíochta ann?

Beidh fáilte mhór roimh mholtaí agus tuairimí ach bíodh siad réasúnta gonta – táimid ag tarraingt ar 100 duine ar an liosta!

Is dóigh liom go mba chóir an cruinniú a eagrú Dé Sathairn éigin i mBaile Átha Cliath ag am a bheadh oiriúnach do thraenacha agus busanna ionas nach mbeadh costas lóistín ar aon duine. Is dóigh liom go bhfuil sé indéanta go fóill cruinniú a ghairm roimh Nollaig. Cad a cheapann sibh?

Gabhaim buíochas libh as bhur seoltaí ríomh-phoist a thabhairt dom le comhfhreagras a dhéanamh furasta agus gasta. Leanaigí ag scaipeadh an scéil faoin Aontas. Aithním go bhfuil go leor scríbhneoirí gníomhacha nach bhfuil i ndiaidh nóta a chur chugam go fóill . . .!

Is mise le meas,

Cathal Póirtéir

Ar an lá seo 17 Samhain

Ar an lá seo 17 Samhain, 2013, cailleadh Doris Lessing, Duaiseoir Nobel
“Rud uafásach is ea é an pictiúr atá ag duine de féin a mhilleadh ar mhaithe leis an bhfírinne nó teibíocht eile dá sórt.”

“Sin is foghlaim ann. Tuigeann tú rud éigin go tobann, rud a thuig tú ar feadh do shaoil, ach ar bhealach nua.”

“Níl aon rialacha ag baint leis an úrscéal. Ní raibh riamh agus ní fhéadfadh a bheith.”

“Measaim go bhféadfadh gurb é an Marxachas an chéad iarracht, lenar linn féin, lasmuigh de na reiligiúin fhoirmiúla, ar aigne dhomhanda, eitic dhomhanda a chruthú. Chuaigh sé amú, ní fhéadfadh sé gan a bheith roinnte is foroinnte, ar nós na reiligiún eile go léir, ina shéipéilíní níos lú agus níos lú, ina sheicteanna, ina chréanna. Iarracht ab ea é mar sin féin.”

"An rud ab fhearr d’fhéadfá a rá, arís is arís eile, le gach páiste le linn a thréimhse scolaíochta ná rud éigin mar seo: ‘Tá próiseas síolteagaisc ar bun. Níl córas oideachais forbartha fós againn nach córas síolteagaisc é. Tá brón orainn, ach nílimid in ann níos fearr a dhéanamh. An rud atá á theagasc anseo ná malgam den chlaontacht reatha agus na roghanna a dhéanann an cultúr áirithe seo. Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar an stair le go dtuigfeá a neamhbhuaine is atá siad sin.’ ”

Siopadóireacht na Nollag

Gabhann leabhrán aoibhinn leis an dlúthdhiosca. Ar fáil anseo:

2014-11-16

Ar an lá seo 16 Samhain

Ar an lá seo 16 Samhain, 1946, rugadh Terence McKenna.
Má tá cúig uair an chloig le spáráil agat, nochtfaidh sé a chroí duit anseo:

Berg' und Burgen schaun herunter

File: Heinrich Heine
Cumadóir: Robert Schumann
Berg' und Burgen schaun herunter
in den spiegelhellen Rhein,
und mein Schiffchen segelt munter,
rings umglänzt von Sonnenschein.

Ruhig seh' ich zu dem Spiele
goldner Wellen, kraus bewegt;
still erwachen die Gefühle,
die ich tief im Busen hegt'.

Freundlich grüssend und verheißend
lockt hinab des Stromes Pracht;
doch ich kenn' ihn, oben gleißend,
birgt sein Innres Tod und Nacht.

Oben Lust, im Busen Tücken,
Strom, du bist der Liebsten Bild!
Die kann auch so freundlich nicken,
lächelt auch so fromm und mild.

Sléibhte, caisleáin ’s iad ag stánadh

Sléibhte, caisleáin ’s iad ag stánadh
síos sa chriostal sin sa Réin,
gabhann mo bháidín lán d’áthas
lán de spraoi i dtreo na gréin’.

Sásta breathnaím ar an spleodar,
éiríonn mothúcháin im chroí
is na cuilithíní órga
uch, ní féidir iad a chloí.

Méiniúil beannaíonn dom an Réin gheal
ach an dtuigeann sí mo chás –
bíodh go bhfuil sí lonrach gléineach
féach go gceiltear oíche’ ’s bás.

Pléisiúr breá a cheileann mailís,
Tú an phortráid de mo ghrá!
Bíonn sí, leis, ag déanamh gáire,
Meangadh mín ar bhéilín tláith.

2014-11-15

Ar an lá seo 15 Samhain

Ar an lá seo 15 Samhain,1886, rugadh René Guénon
Níl ach sé nóiméad nó mar sin san fhíseán The Crisis of the Modern World. Is fiú breathnú air.

Coill Shíofra/ Sheefrey Wood,

Íomhá Ron Rosenstock
is gearr uainn an chríoch
a deir na crainn
i gCoill Shíofra
the end is nigh
say the trees
of Sheefrey Wood

2014-11-14

Ar an lá seo 14 Samhain

Ar an lá seo 14 Samhain, 1910, rugadh Norman MacCaig.

Mise is mo Smaointe Fút

An tsean-sceach, cuimhnigh uirthi
bláth aonair
a chuir iontas ort

Lachen und Weinen/ Gáire is Caoineadh

File: Friedrich Rückert
Cumadóir: Franz Schubert
Lachen und Weinen zu jeglicher Stunde
Ruht bei der Lieb auf so mancherlei Grunde.
Morgens lacht' ich vor Lust,
Und warum ich nun weine
Bei des Abendes Scheine,
Ist mir selb' nicht bewußt.

Weinen und Lachen zu jeglicher Stunde
Ruht bei der Lieb' auf so mancherlei Grunde.
Abends weint' ich vor Schmerz;
Und warum du erwachen
Kannst am Morgen mit Lachen,
Muß ich dich fragen, o Herz.
Gáire is caoineadh ní heol [dom] tráth a mbuailte
‘Brath ar an ngrá, ar an oiread sin cúis[ean]nna.
Gáire bhreacadh an lae!
Cén fáth anois na deora
Na deora um thráthnóna
Rud nach eol fiú dom féin.

Caoineadh is gáire ní heol [dom] tráth a mbuailte
‘Brath ar an ngrá, ar an oiread sin cúis[ean]nna.
Deora – grian ag dul faoi
Is dúiseacht lán de gháire
An mhaidin lárna mhárach,
An bhfuil aon bhrí leis, a chroí?

2014-11-12

Fógra: Seoladh Leabhair 14 Samhain


An Brídeach Sí
Caitríona Ní Chléircín

Ar an lá seo 12 Samhain

Ar an lá seo 12 Samhain, 1915, rugadh Roland Barthes.

Smaoineamh an Lae

"Páiste gorm agus creat na n-easnacha ann trédhearcach, cloigeann mór, bolg ata, súile ag gobadh amach as a cheann, na lámha is na cosa ar nós cipíní, b'in an póstaer ab fhearr leis an gcarthanas mór Briotanach darb ainm Oxfam. D'iarr Oxfam ar phobal na hEorpa páistí na hAfraice agus na hÁise a tharrtháil ón ocras... ach níor cuireadh isteach ar choinsias an phobail, ní dúradh leo gurb é an caipitleachas agus an coilíneachas ba chúis leis an ocras, leis an bhfulaingt agus leis an ainnise sa chéad áit."

2014-11-11

Smaoineamh an lae


Ar an lá seo 11 Samhain

Ar an lá seo 11 Samhain 1696 rugadh Andrea Zani

Tairiscintí á lorg do sheirbhísí margaíochta

Tá conradh ar luach suas le €200,000 ar tairiscint ag Cumann na bhFoilsitheoirí le margaíocht agus poiblíocht a dhéanamh ar leabhair Ghaeilge thar tréimhse dhá bhliain.

Níor mhór d'iarrthóirí na cáilíochtaí seo a leanas a bheith acu:
  • Taithí chruthaithe i réimse na margaíochta;
  • Ardchaighdeán Gaeilge agus Béarla, idir labhartha agus scríofa;
  • Taithí ríomhaireachta agus eolas ar phacáistí éagsúla, chomh maith le taithí ar na meáin shóisialta;
  • Ceadúnas iomlán tiomána agus úsáid cairr.

Seol iarratais ar rphost chuig:
cumannnabhfoilsitheoiri@gmail.com roimh 19 Samhain.
 
Tuilleadh eolais ar fáil ón seoladh thuas nó ar www.cic.ie

Amhrán na dTógálaithe

Amhrán na dTógálaithe

 Maidin shamhraidh
sea do shuíos-sa síos
ar shleasa na gcnoc
chun machnamh ar Dhia –

Caitheamh aimsire fónta.
Taobh liom sea do dhearcas-sa
criogar aonair
is gráinníní thaobh an chnoic á mbogadh aige

Soir siar.
Nárbh éachtach an fuinneamh a bhí
sa lag-iarracht sin aige.
Go raibh sé

Amhlaidh go deo,
gach éinne againn ag fuirseadh is ag fadhbáil
go mistéireach,
an chruinne againn á tógáil.

Song of the Builders

On a summer morning
I sat down
on a hillside
to think about God -

a worthy pastime.
Near me, I saw
a single cricket;
it was moving the grains of the hillside

this way and that way.
How great was its energy,
how humble its effort.
Let us hope

it will always be like this,
each of us going on
in our inexplicable ways
building the universe.

~ Mary Oliver ~

(Why I Wake Early)

2014-11-10

Ar an lá seo 10 Samhain

Ar an lá seo 10 Samhain, 1879, rugadh an Piarsach.

Gabh níos doimhne ná Grá


Gabh níos doimhne ná grá mar is doimhne fós é an t-anam,
Ar nós an fhéir atá an grá, ach is é atá sa chroí carraig fhiáin sa doimhneacht,
Leáite, dlúth agus buan ar a shon san.
Síos go dtí an seanchroí domhain leat is caill radharc ort féin.
Is caill radharc ormsa, an mise sin ar thugais grá anfach dó.
Caillimis radharc ar a chéile is scriosaimis na scátháin.
Mar tá cuar fíochmhar ár mbeatha ag bogadh arís go grinneall
As radharc, i nduibheagán an chroí bheo.

Go Deeper than Love

Go deeper than love, for the soul has greater depths,
love is like the grass, but the heart is deep wild rock
molten, yet dense and permanent.
Go down to your deep old heart, and lose sight of yourself.
And lose sight of me, the me whom you turbulently loved.
Let us lose sight of ourselves, and break the mirrors.
For the fierce curve of our lives is moving again to the depths
out of sight, in the deep living heart.

~ D.H. Lawrence ~

(sliocht as Know Thyself, Know Thyself More Deeply)

2014-11-09

Ar an lá seo 9 Samhain

Ar an lá seo 9 Samhain, 1877, rugadh Muhammad Iqbal
Ar fáil ó Kobo

TAR I LEITH, 'THIARNA: KUMBAYA

Ó Politics.ie
It's a perfect example illustrating that you are talking bollix with the airy fairy nonsense that somehow we would integrate and walk off into the sunset holding hands and singing Kumbaya as gaeilge

Take your Gaelic racist bs elsewhere - it's failed in the 26 and it hasn't a hope in hell in NI !

Nuair a léigh mé an méid sin thuas, arsa mise liom féin, nach mbeadh sé go deas dá mbeadh Oráistigh is Pápairí ag canadh Kumbaya as Gaeilge le chéile lá breá éigin?!

Focal sa teanga Gulla – Críól na ndaor in South Carolina agus Georgia – is ea ‘Kumbaya’:

Tar i leith,  ’Thiarna, kumbaya
Tar i leith, ’Thiarna, kumbaya
Tar i leith,  ’Thiarna, kumbaya
Ó, ’Thiarna, kumbaya.

Duine ag canadh,’Thiarna, kumbaya
Duine ag canadh,’Thiarna, kumbaya
Duine ag canadh,’Thiarna, kumbaya
Ó, ’Thiarna, kumbaya.

Duine ag gáire, ’Thiarna, kumbaya
Duine ag gáire, ’Thiarna, kumbaya
Duine ag gáire, ’Thiarna, kumbaya
Ó, ’Thiarna, kumbaya.

Duine ag gol, ’Thiarna, kumbaya
Duine ag gol, ’Thiarna, kumbaya
Duine ag gol, ’Thiarna, kumbaya
Ó, ’Thiarna, kumbaya.

Duine ag guí, ’Thiarna, kumbaya
Duine ag guí, ’Thiarna, kumbaya
Duine ag guí, ’Thiarna, kumbaya
Ó, ’Thiarna, kumbaya.

Duine ’na luí, ’Thiarna, kumbaya
Duine ’na luí, ’Thiarna, kumbaya
Duine ’na luí, ’Thiarna, kumbaya
Ó, ’Thiarna, kumbaya

Tar i leith, ’Thiarna, kumbaya
Tar i leith,  ’Thiarna, kumbaya
Tar i leith,  ’Thiarna, kumbaya
Ó, ’Thiarna, kumbaya.
Ó, ’ Thiarna, kumbaya.

2014-11-08

Ar an lá seo 8 Samhain

Ar an lá seo 8 Samhain, 1897, rugadh Dorothy Day:
"An dúshlán is mó atá inniu ann: conas réabhlóid a chur ar bun sa chroí, réabhlóid a chaithfidh tosú le gach duine againn.”

“Eascraíonn ár gcuid fadhbanna as glacadh leis an gcóras lofa bréan seo.”

“Nílimid ag súil le hÚtóipé ar an domhan seo. Ach theastaigh ó Dhia go mbeadh cúrsaí níos saoráidí ná mar atá cruthaithe againne… Tosaíonn an bheatha shíoraí anois.”


“Is eol dúinn go léir an t-uaigneas fada agus tá foghlamtha againn gurb é an grá an t-aon réiteach agus go dtagann an grá leis an gcomhluadar.”
“Is geall le gáir chatha an creideamh a ngéillimse dó, greanta ar mo chroí – Cré na hEaglaise Naofa Rómhánaí Caitlicí. Roimhe seo, an t-am úd, is é a bhí á rá agam ná: ‘ Luífidh mé sa chré: lorgóidh tú mé ach ní bheidh mé ann chuige,” (Iób, 7:21). Deirimse anois, “ Is eol dom go maireann mo chosantóir beo…(Iób, 19:25)


“Mistéir na mbocht ná seo: Is iad Íosa iad, agus aon ní a dhéanfá dóibh dhéanfá Dosan é.”


"Ba cheart daoibhse, a fheara óga, diúltú don chomhrac. A mhná óga, stracaigí anuas na póstaeir thírghrácha. Agus sibhse go léir – idir óg is sean – caithigí na bratacha i dtraipisí."


“Táim cinnte nach raibh ar intinn ag Dia go mbeadh an oiread sin bochtán ann. Sinne a chruthaigh an struchtúr aicmeach agus a d’aontaigh leis, ní Eisean… Mar sin tá athrú réabhlóideach á spreagadh againn.”

“Bhíos an-tógtha i gcónaí le cuimhní príosúin na réabhlóidithe, ar nós Lenin agus Trotsky … an méid léitheoireachta a dheineadar, na teangacha a ndearna siad staidéar orthu, réimse a gcuid pleananna le haghaidh ord sóisialta níos fearr a bheith ann.” 


“Agóid is ea mo shaol ar fad. In aghaidh an rialtais, mar shampla.”

Físeán an Lae


2014-11-07

Ar an lá seo 7 Samhain

Ar an lá seo 7 Samhain, 1943, rugadh Joni Mitchell

ABHAINN

le Joni Mitchell

Is gearr uainn an Nollaig
Tá na crainn ar lár
An réinfhia le feiceáil
Amhráin síochána is síth’ á rá
Ó dá mbeadh agamsa abhainn do raghainnse ag scátáil

Níl aon sneachta anseo
Is fanann sé glas
Táim chun carn mór a dhéanamh
Is ansin beidh mé ag tarraingt as
Ó dá mbeadh agamsa abhainn do raghainnse ag scátáil

Dá mbeadh abhainn agamsa, abhainn mhór ghroí
Mhúinfinn eitilt dom dhá chos
Dá mbeadh agamsa abhainn do raghainnse ag scátáil:
Do chuireas é ag gol

Theastaigh uaidh mé ’tharrtháil
Mé bheith gan bhuairt lán só
Is bhí a ghrá chomh dána
Go rabhas lag ar ndóigh
Ó dá mbeadh agamsa abhainn do raghainnse ag scátáil

Deacair mé a láimhseáil
Is santach mé faoi bhrón
Anois ó chailleas an grá ab fhearr riamh
’Bhí ag éinne beo
Dá mbeadh agamsa abhainn do raghainnse ag scátáil

Ó, dá mbeadh abhainn agamsa abhainn mhór ghroí
Mhúinfinn eitilt dom dhá chos
Dá mbeadh agamsa abhainn
Do raghainnse ag scátáil
Is níl mo ghrása thall ná ’bhus.

Is gearr uainn an Nollaig
Tá na crainn ar lár
An réinfhia le feiceáil
Amhráin síochána is síth’ á rá
Ó dá mbeadh agamsa abhainn do raghainnse ag scátáil

(1970; Joni Mitchell)

Smaoineamh an Lae

"Nuair is le grúpa beag é gach aon ní a rialaíonn riachtanais daoine chun bia, dídean agus éadaí a chur ar fáil dóibh féin agus dá gcuid teaghlach, nuair is é an grúpa beag sin a dhéanann gach cinneadh tábhachtach a chuireann isteach ar shaol an mhóraimh, tugtar tíorántacht air sin.
Tíorántacht eacnamaíoch is ea an caipitleachas. Thóg na glúine d'oibrithe na tionscail sin atá in ann níos mó ná dóthain a tháirgeadh chun deireadh a chur leis an mbochtanas agus chun daingne eacnamaíoch a ghealladh do gach fear, bean is páiste. Tá an caipitleachas tar éis an t-éacht iontach sin de chomhbhua an lucht oibre a chamadh agus an saibhreas is an chumhacht a chur i lámha an mhionlaigh bhig. An teicneolaíocht a d'fhéadfaí a úsáid chun obair mhaslach a laghdú agus feabhas a chur ar shaol gach éinne, ina áit sin tá sí in úsáid chun fáil réidh le jabanna agus chun an dúshaothrú a mhéadú. Tá an bochtanas chomh  forleathan is a bhí riamh. Tá an phá ag  ísliú agus an táirgiúlacht ag méadú. Is ag leathnú atá an dífhostaíocht, easpa dídine, gátar agus éadóchas. Cuireann neamhdhaingne eacnamaíoch agus cliseadh sóisialta strus dofhulaingthe ar an teaghlach, ar pháistí is orainn féin. Ag dul in olcas atá fadhbanna mothúchánacha,  coiriúlacht, striapachas, alcólachas, mí-úsáid drugaí, féinmharú agus go leor comharthaí eile míshonais agus éadóchais.”


Daniel De Leon (1852-1914)

2014-11-06

Ar an lá seo 6 Samhain,

Ar an lá seo 6 Samhain, 1753, rugadh Jean-Baptiste Bréval

Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge

A chairde,

Roghnaigh Oireachtas na Gaeilge an téama "Scríbhneoireacht na Gaeilge: Gairm Bheatha nó Caitheamh Aimsire" do Fhóram na Scríbhneoirí a bhí mar chuid de fhéile na Samhna i gCill Airne. Ar an phainéal maidin Dé hAoine bhí Pádraig Mac Fhearghusa, Máire Ní Annracháin, Gabriel Rosenstock agus Mícheál Ó Ruairc. Bhí Cathal Póirtéir ina chathaoirleach ar an phlé a mhair dhá uair a chloig.

Léirigh an cúpla scór duine a bhí i láthair go bhfuil míshásamh ann leis an dóigh ina bhfuil cúrsaí faoi láthair: easpa plean straitéise do fhorbairt na scríbhneoireachta, easpa cumarsáide agus easpa tacaíochta do na scríbhneoirí ó go leor de na hinstitiúidí agus eagraíochtaí a ba chóir forbairt na scríbhneoireachta Gaeilge a bheith faoina gcúram acu.

Socraíodh Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge á bhunú le guth a thabhairt do scríbhneoirí na Gaeilge agus chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann le freastal ceart orthu a éileamh ó iomlán earnáil na foilsitheoireachta. Beidh Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge ag féachaint chuige deiseanna níos fearr a bheith ag an scríbhneoir Gaeilge luach a shaothar a fháil agus an saothar sin a bheith curtha os comhair an phobail ar na dóigheanna is tarraingtí gur féidir.

Chun na cuspóirí sin a bhaint amach ba mhaith linn cuireadh a thabhairt do oiread scríbhneoirí Gaeilge agus is féidir teacht le chéile in Aontas na Scríbhneoirí lena gcomhairleacha a chur i gceann a chéile, chun plean oibre a leagan amach agus chun coiste stiúrtha a roghnú.

Go dtí go n-éiríonn linn cruinniú a reáchtáil, tá mise (Cathal Póirtéir) sásta feidhmiú mar rúnaí sealadach. Ba mhaith liom bunachar sonraí de scríbhneoirí na Gaeilge a chur le chéile ina mbeidh seoladh ríomh-phoist, uimhir fóin phóca agus mar sin ann ionas gur féidir liom eolas a scaipeadh gan stró agus ar bheagán costais trí r-phostanna grúpa a sheoladh amach agus grúpa a bhunú ar what’s ap nó ceann de na bealaí saora téascanna gutháin.

Bheadh súil agam go mbeidh freagra gasta go leor air seo agus go mbeidh ar ár gcumas cruinniú lae a bheith againn deireadh seachtaine éigin in ionad fóirsteanach.

Scaip an scéal seo ar oiread scríbhneoirí Gaeilge agus is féidir leat, le do thoil. Ní neart go cur le chéile.

Is féidir teacht orm ag cathalpoirteir@gmail.com

agus 086-3375927.

Is mise le meas,

Cathal Póirtéir

Bumblebee


2014-11-04

Ar an lá seo 4 Samhain

Ar an lá seo 4 Samhain, 1740, rugadh Augustus Toplady, an té a chum an t-iomann Rock of Ages.