2018-11-30

2018-11-29

Varca, 1942

D’fhógair an tArdeaspag go mbeadh
ar thiarnaí talún móra agus tuathánaigh
adhradh i dteannta a chéile
Mar sin scaoileadar tiarnaí talún móra Varca
scaoileadar lena nArdeaspag
(urchar iomraill)
agus dhruid an tArdeaspag
doirse an tSéipéil ina n-aghaidh á rá
nach ligfí tiarna talún ar bith isteach
i Séipéal Varca ná Séipéal eile ar bith  
sa Domhan Críostaí
Ní dhíbreofaí deamhain
ó naíonáin nuabheirthe
ní bheannófaí daoine atá ag fáil bháis
le holaí beannaithe
Tar éis roinnt míonna
ghéill an tArdeaspag
dhein na tiarnaí talún aithrí
agus bhí comh-adhradh ann ag cách
Agus ba thiarnaí talún iad na tiarnaí talún feasta
agus na tuathánaigh ina dtuathánaigh
go deo ina dhiaidh sin.

 Eunice de Souza

Varca, 1942

The Archbishop said
Great landlords and peasants
must worship together
So the great landlords of Varca
shot at their Archbishop
(they missed)
and the Archbishop
barred the church doors and said
No landlord will enter the Church
in Varca or any other Church
in Christendom again
Devils will not be cast out
of the newborn
the dying will not be blessed
with holy oils
After many months
the Archbishop relented
the landlords repented
and everyone worshiped together
and the landlords were landlords
and the peasants peasants
ever after.

Eunice de Souza

2018-11-28

Tá Coróin agam sa Ríocht

(Amhrán Spioradálta de chuid na nDaoine Gorma)


Tá coróin agam sa Ríocht
Dea-scéal é sin
Tá coróin agam thuas sa Ríocht
Dea-scéal é sin.


An domhan seo a leagan síos
Is an chros a iompar dó
Í a thabhairt abhaile chuig Íosa
Dea-scéal é sin.

Tá cláirseach agam sa Ríocht
Dea-scéal é sin
Tá cláirseach agam thuas sa Ríocht
Dea-scéal é sin.

Tá róba agam sa Ríocht
Dea-scéal é sin
Tá róba agam thuas sa Ríocht
Dea-scéal é sin.


Tá slipéir agam sa Ríocht
Dea-scéal é sin
Tá slipéir agam thuas sa Ríocht
Dea-scéal é sin.


Tá Slánaitheoir agam sa Ríocht
Dea-scéal é sin
Tá Slánaitheoir agam thuas sa Ríocht
Dea-scéal é sin.



I've a Crown in the Kingdom

I've a crown in the Kingdom
Ain’t that good news
I’ve a crown up in the Kingdom
Ain’t that good news


I’m going to lay down this world
Going to shoulder up my cross
Goin’ to take it home to Jesus
Ain’t that good news


I've a harp in the Kingdom
Ain’t that good news…


I've  a robe in the Kingdom
Ain’t that good news…


I've slippers in the Kingdom
Ain’t that good news…


I've a Saviour in the Kingdom
Ain’t that good news…




2018-11-27

2018-11-26

Briathra an Bhúda

Tá an domhan á chloí ag mianta.
Saortar é le ceansú na mianta.
Nuair a thréigtear mianta
gearrtar trí cheangal na gcúig gcaol

Icchāya bajjhatī loko.
Icchāvinayāya muccati.
Icchāya vippahānena
sabbaṃ chindati bandhanaṃ.

Éist leis an mbun-Pháilis:
http://host.pariyatti.org/dwob/samyutta_nikaya_1_69.mp3

2018-11-25

Éalaímis (Amhrán spioradálta de chuid na ndaoine gorma)





(éalaímis) Éalaímis
(éalaímis) Éalaímis
(éalaímis), a Thiarna
Éalaímis chuig Íosa
Éalaímis (éalaímis)
Éalaímis (abhaile linn)
Níl i bhfad agam (níl i bhfad agam)
San áit seo (san áit seo)


Éalaímis (éalaímis) éalaímis
(éalaímis) Éalaímis
(éalaímis) Éalaímis
(éalaímis) Alleluia
(Éalaímis chuig Íosa)
(éalaímis) Éalaímis, éalaímis
Abhaile linn (abhaile linn)
Níl i bhfad agam
Níl i bhfad agam san áit seo

Mo Thiarna tá sé ’glaoch orm
Ag glaoch orm leis an toirneach (toirneach)
An troimpéad i mo chroí, i m’anam beannaithe
Níl i bhfad agam san áit seo.

Crainn ghlas’ ag lúbadh (ag lúbadh)
Peacaigh ’crith le hiontas (le hiontas)
I m’anam cloisim an troimpéad
Níl i bhfad agam san áit seo
Éalaímis

(éalaímis) I lár na hoíche
(éalaímis) is cumhacht de dhíth ort
(éalaímis) is do chroíse buartha
(éalaímis chuig Íosa) Éalaímis chuig Íosa
(éalaímis) Éalaímis, éalaímis
Abhaile linn (abhaile linn)
I bhfad agam
(Níl i bhfad agam)
San áit seo (san áit seo)

Mo Thiarna ’glaoch orm, tá sé (’glaoch orm)
Cloisim é ag glaoch orm leis an tintreach (tintreach)

I m’anam cloisim an troimpéad
Níl i bhfad agam san áit seo
Beidh sé go léir thart i gceann tamaillín
(éalaímis chuig Íosa) Ní bheidh ort caoineadh arís
Ó ó ó ó ó
(éalaímis) Nuair is trom
(éalaímis, abhaile linn) do chroí ar uairibh
Buartha a bhíonn
(éalaímis chuig Íosa)
Níl I bhfad agam
(Níl i bhfad agam san áit seo) Níl i bhfad agat,
Níl i bhfad acu
San áit seo, áit seo,
(Níl i bhfad agam san áit seo) Alleluia, éalaímis
(Níl i bhfad agam san áit seo)
A Thiarna
San áit seo.


Steal Away

(Negro Spiritual)


(steal away) Steal away
(steal away) Steal away
(steal away) Oh, Lord, oh
Steal away to Jesus
Steal away (steal away)
Steal away (steal away home)
I haven't got long (I haven't got long)
To stay here (to stay here)

Steal away (steal away) steal away
(steal away) Steal away
(steal away) Hallelujah
(Steal away to Jesus)
(steal away) Steal away, steal away
Steal away home (steal away home)
I haven't got long ...
I haven't got long to stay here

My Lord, my Lord, He calls me (calls me)
He calls me by the thunder (thunder)
The trumpet sounds way down in my sanctified soul
I haven't got long to stay here

Green trees are bending (are bending)
Sinners stand a-trembling (a-trembling)
The trumpet sounds within my soul
I haven't got long to stay here
Steal away


(steal away) In the midnight hour
(steal away) When you need some power
(steal away) When you heart is heavy
(steal away to Jesus) Steal away to Jesus
(steal away) Steal away, steal away
Steal away home (steal away home)
Haven't got long
(I haven't got long)
To stay here (to stay here)

My Lord, He calls me, yes, He does (calls me)
I can hear him calling me by the lightning (lightning)
The trumpet sounds within my soul
I haven't got long to stay here

It's gonna be over after a while
(steal away to Jesus) You won't have to cry no more
Oh oh oh ooh oh
(steal away) When your heart
(steal away, steal away home) Gets heavy sometimes
Yes, it is
(steal away to Jesus)
I haven't got long
(I haven't got long to stay here) You haven't got long, they haven't got along
To stay here, stay here
(I haven't got long to stay here) Hallelujah, steal away
(I haven't got long to stay here)
Oh, Lord
To stay here

2018-11-24

Henri Rousseau

uibheacha a shú  . . .
ealaín atá dulta i léig
ar fud an domhain

the art
of sucking eggs  . . .
dying out everywhere

2018-11-23

Briathra an Bhúda

Attā hi attano nātho,
attā hi attano gati.
Tasmā saṃyamamattānaṃ
assaṃ bhadraṃva vāṇijo.

Éist leis an mbun-Pháilis:
  http://host.pariyatti.org/dwob/dhammapada_25_380.mp3

Máistir ort féin atá ionat,
cruthaíonn tú do thodhchaí féin.
Mar sin, coinnigh smacht ort féin
mar a smachtaíonn traenálaí an capall folaíochta

2018-11-22

Haiku le Santoka

lig dó leá
isteach i gceobhrán geimhridh . ..
mo scátchruth féin ón gcúl



Ας διαλυθεί
στη βροχή του χειμώνα -
η πίσω μου όψη

Leagan Gréigise le Sarah Thilykou


2018-11-21

Haiku le Issa ón mbliain 1818


Sa bhliain 1818,

  • Rugadh an tImpire Norton a hAon, físí.
  • Rugadh an file Cúbach, Pedro Figuerdo
  • Rugadh Thomas Mayne Reid, úrscéalaí Gael-Mheiriceánach
  • Rugadh Karl Marx, fealsamh Gearmánach
  • Rugadh Charles Gounod, cumadóir Francach
  • Rugadh Emily Bronte, scríbhneoir Gael-Shasanach
  • Rugadh Ivan Turgenev, scríbhneoir Rúiseach
  • Bunaíodh  "The Irish society for promoting the scriptural education and religious instruction of the Irish-speaking population chiefly through the medium of their own language"
  • Cailleadh Timothy Murphy, naoscaire
  • Cailleadh Cormac Common, file agus scéalaí faoina ndúradh: "Though his utterance is materially injured by dental loss, and though his voice is impaired by age yet he continues to practice his profession . . . . It is probable that where he was once admired, he is now only endured."
  • Cailleadh Patrick Lynch, scoláire
  • Cailleadh Risteárd Mac Uileagóid. scríbhneoir agus ball de na hÉireannaigh Aontaithe
  • Rugadh Domhnall Mac Cába, faoina ndúradh, " He had personally been working up to his 78th year in the cause of the old tongue and meant to continue working while he lived"
  • Rugadh Tarlach Mac Suibhne, píobaire, faoinar scríobhadh, "Suíonn sé ina chathaoir chomh díreach le ridire ar dhroim eich agus féachann a shúile dubha dána ar an uile dhuine chomh neamheaglach is a dhéanfadh Oscar mac Oisín".
  • Agus sa bhliain 1818, chum Issa an haiku seo:


lúbann an corrán gealaí . . .
fuacht an gheimhridh
ar ais

2018-11-20

In ainm bhriochtaí an tadhaill, is an radhairc, na crúbála, na héisteachta is an ghrá, scairtimid ar chumhachtaí an chosmais chun ár gcuid deasghnátha a chosaint in ainm Shéas, in ainm Anúbais, dia na marbh, in ainm na ndaoine sin go léir a maraíodh mar nár thuigeadar, in ainm na saighdiúirí go léir i Vítneam a maraíodh de dheasca droch-karma, in ainm Aifraidíté a rugadh san fharraige, in ainm Mhagna Mater, an Mháthair Mhór, in ainm Dhinísis, Sagreus, Íosa, Iáivé, an té nach féidir a ainmniú, croí-chuspóireacht thine na Sóróstarach, in ainm Hermes, in ainm Ghob Shoc, in ainm na scairibe, in ainm an Tyrone Power Pound Cake Society sa Spéir, in ainm Rá, Óisíris, Hórais, Neiptea, Ísíse, in ainm na cruinne beo ar snámh, in ainm bhéal na habhann, glaoimid ar an spiorad chun an Peinteagán a ardú óna chinniúint is é a chaomhnú.

AMACH, A DHEAMHANA, AMACH

SIAR CHUN AN DORCHADAIS LIBH, A SHEARBHÓNTAÍ SHÁTAIN,

AMACH, A DHEAMHANA, AMACH

AMACH, A DHEAMHANA, AMACH

AMACH, A DHEAMHANA, AMACH

AMACH, A DHEAMHANA, AMACH

AMACH, A DHEAMHANA, AMACH . . .
 
(féach scéal anseo)

2018-11-19

Ó do sheas an dall ar an ród is chaoin



Ó do sheas an dall ar an ród is chaoin
Ó do sheas an dall ar an ród is chaoin
Ó a Thiarna liom, sábháil mé
Ó do sheas an dall ar an ród is chaoin
Ar sé, cad iad na bróga sin ‘tá ort
Ar sé, cad iad na bróga sin ‘tá ort
Ar sé, Ó, a Thiarna liom, sábháil mé
Ó do sheas an dall ar an ród is chaoin
Ar sé, bróga an tSoiscéil iad na bróga seo
Ar sé, bróga an tSoiscéil iad na bróga seo
Ar sé, Ó, a Thiarna liom, sábháil mé
Ó do sheas an dall ar an ród is chaoin


O, de blin’ man stood on de road and cried
O, de blin’ man stood on de road and cried
Cryin’ O, my Lord, save-a me
Ó, de blin’ man stood on de road and cried
Cryin’ what kind o’ shoes am dose you wear
Cryin’ what kind o’ shoes am dose you wear
Cryin’ O, my Lord
Save-a me
Ó, de blin’ man stood on de road an’ cried
Cryin’ dese shoes I wear am de Gospel shoes
Cryin’ dese shoes I wear am de Gospel shoes
Cryin’ O, my Lord
Save-a me
Ó, de blin’ man stood on de road an’ cried.
 

2018-11-18

Haiku le Issa ón mbliain 1824

.猫の目や氷の下に狂ふ魚
neko no me ya kôri no shita ni kuruu uuo

faoin leac oighir
éisc bhuile á leanúint
ag súile an chait

2018-11-17

Conas Draíocht a Oibriú ar Mhún

le Parraruru

Déanann an t-íospartach a mhún.
Mo dhuine ag faire air.
Hmmm, hmmm, arsa mo dhuine leis féin.
Bailíonn an t-íospartach leis agus déanann dearmad glan ar an scéal,
Ach siúlann mo dhuine sall go dtí an mún,
Agus sánn ruball ann – an roc ga nimhe!
Déanann ruball an oilc
Póirseáil sa mhún.
Clúdaíonn mo dhuine le hithir thais é
Agus tugann aghaidh ar dhúiche eile,
Eagla air mar gheall ar an draíocht atá cruthaithe aige.
Fanann an t-íospartach sa dúiche seo.
Níl sé in ann a mhún a dhéanamh.
Braoinín beag, sin uile.
Brúnn sé, arís is arís eile.
Tagann fonn air sruthán a dhéanamh, brúnn sé,
Tugtar cógas dó, tagann cúpla braon.
Ach is mall an mún ag teacht, dá ainneoin sin.
Tá sé i bpian,
Téann an phian in olcas.
Líontar le mún é.
Tagann cúpla braon.
Glacann sé scíth, tógann sé an cógas, tá biseach air,
É beagnach ar a sheanléim.
Pian arís.
Suíonn sé síos. Ag éirí tanaí atá sé anois.
Na matáin go léir seargtha.
Is iad pianta an bháis iad.

Shon Arieh-Lerer a chuir Béarla air.

Bunteanga: Ngarluma

An file: Bard, scéalaí agus   mawarnkarra (draoi) ab ea Parraruru (1889 -1975).

2018-11-16

Agus Mé Fá Shuan



Agus Mé Fá Shuan

Chuir an t-am aois mhór orm
is mé fá shuan
ní mhaithfidh mé
an feall sin dó

Ní ghlacfadsa leis an tseanaois seo
a beangaíodh go slítheánta ar mo cholainn
raghad i bhfolach
i measc seamaidí féir
is braonta uisce.
Sleamhnód óna lámha
rocacha.

Navtej Bharati

While I Slept

Time aged me
while I slept
I will not forgive it
for this treachery

I will not accept this old age
grafted slyly on my body
I will hide in the
leaves of grass
in the drops of water.
Will slip away
from its wrinkled hands.

Navtej Bharati


Ο χρόνος με γέρασε
ενώ κοιμόμουν
Δεν θα τον συγχωρήσω
για αυτή την προδοσία

Δεν θα δεχθώ αυτό το γήρας
να μπει ύπουλα στο σώμα μου
Θα κρυφτώ
στα φύλλα της χλόης
στις σταγόνες του νερού.
Θα ξεγλυστρήσω
από τα ζαρωμένα του χέρια

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise


2018-11-15

Haiku le Issa ón mbliain 1804

Sa bhliain 1804
  • rugadh James Bronterre O’Brien, Cairteach
  • Rugadh Eliza Roxy Snow, file Mormannach
  • Rugadh Sean-Johann Strauss, cumadóir:
  • Rugadh an péintéir Éireannach Andrew Nicholl.
  • Rugadh Elizabeth Peabody, gníomhaí Tarchéimnitheach
  • Rugadh George Sand, scríbhneoir Francach
  • Rugadh Nathaniel Hawthorne, scríbhneoir Meiriceánach
  • Rugadh Eduard Mörike, file Gearmánach
  • Rugadh Chō Kōran, file agus péintéir.
  • Cailleadh Immanuel Kant, fealsamh Gearmánach
  • Cailleadh an file Tomás Ó Míocháin
  • Agus sa bhliain 1804 chum Issa an haiku seo:

sula n-imíonn an ghé
stánann sí
idir an dá shúil orm

 .立雁のぢろぢろみるや人の顔

tachi kari no jiro-jiro miru ya hito no kao

2018-11-14

Briathra an Bhúda

Manopubbaṅgamā dhammā;
manoseṭṭhā manomayā.
Manasā ce pasannena
bhāsati vā karoti vā,
tato naṃ sukhamanveti
chāyāva anapāyinī.

Éist leis an mbun-Pháilis: http://host.pariyatti.org/dwob/dhammapada_1_2.mp3

Roimh an uile ní tagann an aigne,
sí an aigne an taoiseach, sí an cruthaitheoir í.
Labhair nó déan gníomh
le haigne atá íon
is leanfaidh an suairceas
mar a leanann do scáth thú go deo.

2018-11-13

Haiku le Issa: agus roinnt nótaí

Léiríonn an haiku seo thíos meon ar leith, meon an mháistir haiku. Dá reofaí an ola sa lampa orainn, bheimis curtha amach mar gheall air. Conas a bhraitheann Issa?

 

うつくしく油の氷る燈かな

utsukshiku
abura no kôru
tomoshi kana
nach álainn!
an ola féin reoite
sa lampa

Codarsnacht a chruthaíonn soicind beag drámata go minic sa haiku; sa sampla thíos is é an gort ag lonrú faoi dhrúcht é agus ansin, préachán dubh ina lár!

白露にざぶとふみ込む烏哉

shiratsuyu ni
zabu to fumikomu
karasu kana
   
gort drúchta
gan choinne tumann
préachán ann


Tagann thuas agus thíos, neamh agus an domhan seo, le chéile sa haiku:
 

うつくしや障子の穴の天の川

utsukushi ya
shôji no ana no
ama no kawa
   
nach álainn!
bealach na bó finne
trí pholl sa chuirtín
 
Is iontach go deo cé chomh ceanúil ar 'sakura', bláthanna silíní, is atá na Seapánaigh, Issa san áireamh:

 

一夜さに櫻はさゝらほさら哉

hito yo sa ni
sakura wa sasara
hosara kana
   
na bláthanna silíní
thar oíche a d’imigh
imithe ar fad!


Iad a bheith chomh gearrshaolach sin a dhéanann álainn iad, ar ndóigh. Cuid de dhisciplín an haiku (faoi anáil an Bhúdachais) is ea é gan mór is fiú a dhéanamh d'aon ní ná díot féin:

féileacán ag eitilt
níl ionamsa leis
ach cáithnín deannaigh

蝶とんで我身も塵のたぐひ哉

chō tonde
wa ga mi mo chiri no
tagui kana

Ní thugtar breith sa haiku, déantar cur síos ar nithe mar atá, gan pápaireacht ná seanmóireacht a dhéanamh:

陽炎や新吉原の晝の體

kagerō ya
shin yoshiwara no
hiru no tei
 
ceo brothaill
i lár an lae . . .
ceantar na soilse dearga


Bímidne san Iarthar cráite ciaptha go minic ag an gceist, ‘Cad is brí leis?’ agus tá ár gcóras oideachais truaillithe ar fad ag an dearcadh sin. Cad is brí le rós? Cad is brí le solas na gealaí? Cad is brí le hoinniún?
 

葱買て枯木の中を歸りけり

negi kaute
karegi no naka o
kaerikeri

tá na hoinniúin ceannaithe aici...
abhaile léi
trí na crainn loma


Cad is brí le coinneal? Tá brí le gach aon ní i saol an haiku agus áit ann, leis, don rud nach bhfuil aon bhrí leis.
 

手燭して色失へる黄菊哉

teshokushite
iro ushinaeru
kigiku kana

a ndath á chailliúint acu
faoi sholas coinnle
criosantamaim bhuí
 
Tá gach aon ní gaolta lena chéile, ar shlí, agus ó am go a chéile tugann haiku mar a bheadh léargas pictiúrtha dúinn air sin:
 

 

鹿寒し角も身に添ふ枯木哉

shika samushi
tsuno mo mi ni sou
kareki kana

fuacht ar na fianna
is tá a mbeanna ag teacht
leis na crainn loma


Agus ar ndóigh is cuid den nádúr mórthimpeall orainn sinne leis, cuid de ríocht na n-ainmhithe. Radharc nach bhfeictear go minic na laethanta seo:
 

しら露やさつ男の胸毛ぬるゝほど

shira tsuyu ya
satsuo no munage
nururu hodo
ucht an tsealgaire
drúcht fuar ag sileadh
dá chlúmh

 

2018-11-12

Dá n-athródh sé m’ainm


Dá n-athródh sé m’ainm


Dúrt le hÍosa go mbeadh sé go breá
Dá n-athródh Sé m’ainm

Dúirt Íosa go gcaithfinn maireachtaint go humhal
Dá n-athródh Sé m’ainm

Dúirt Íosa go mbeadh an domhan go léir im’ choinne
Dá n-athródh sé m’ainm

Dúrtsa le hÍosa go mbeadh sé go breá
Dá n-athródh sé m’ainm.

Changed Mah Name


I tol’ Jesus it would be all right
If He changed my name

Jesus tol’ me I would have to live humble
If He changed mah name

Jesus tol’ me that the world would be ‘gainst me
If He changed mah name

But I tol’ Jesus it would be all right
If He changed mah name

2018-11-11

Mo Thiarna céasta tá


Mo Thiarna céasta tá
Is níor tháinig oiread is cnead uaidh
Mo Thiarna céasta tá
Is níor tháinig oiread is cnead uaidh
Siolla ar bith, siolla ar bith, siolla ar bith

Cheanglaíodar é de chrann
Is níor tháinig oiread is cnead uaidh
Cheanglaíodar é de chrann
Is níor tháinig oiread is cnead uaidh
Siolla ar bith, siolla ar bith, siolla ar bith

Do tholl siad a thaobh geal
Is níor tháinig oiread is cnead uaidh
Do tholl siad a thaobh geal
Is níor tháinig oiread is cnead uaidh
Siolla ar bith, siolla ar bith, siolla ar bith

An fhuil ag sileadh síos
Is níor tháinig oiread is cnead uaidh
An fhuil ag sileadh síos
Is níor tháinig oiread is cnead uaidh
Siolla ar bith, siolla ar bith, siolla ar bith

Do chrom a cheann is d’éag
Is níor tháinig oiread is cnead uaidh
Do chrom a cheann is d’éag
Is níor tháinig oiread is cnead uaidh
Siolla ar bith, siolla ar bith, siolla ar bith
 

Dey crucified my Lord

Dey crucified my Lord
An’ He never said a mumblin’ word
Dey crucified my Lord
An’ He never said a mumblin’ word
Not a word, not a word, not a word

Dey nailed Him to the tree
An’ He never said a mumblin’ word
Dey nailed Him to the tree
An’ He never said a mumblin’ word
Not a word, not a word, not a word

Dey pierced Him in the side
An’ He never said a mumblin’ word
Dey pierced Him in the side
An’ He never said a mumblin’ word
Not a word, not a word, not a word

De blood came tricklin’ down
An’ He never said a mumblin’ word
De blood came tricklin’ down
An’ He never said a mumblin’ word
Not a word, not a word, not a word

He bowed His head an’ died
An’ He never said a mumblin’ word
He bowed His head an’ died
An’ He never said a mumblin’ word
Not a word, not a word, not a word

2018-11-10

Ugo Mulas

Ugo Mulas
coinnigh an lag lag
is an láidir láidir...
a Thiarna, éist linn!
keep the weak weak
and the strong strong...
Lord, hear us!

2018-11-09

Im' sheasamh ar gach tairseach bím



Dán leis an bhfile Turcaise Nazim Hikmet. Jeannette Turner a chuir Béarla air. An leagan Gaeilge seo bunaithe ar an amhrán frithchogaidh de chuid Peter Seeger.

Im' sheasamh ar gach tairseach bím
Ní chloistear áfach mo choiscéim
An cnag ní chloiseann éinne fós
Mar 'is marbh mé, is marbh mé.

Seacht mbliana ó shin a cailleadh mé
In Hiroshima fad-fadó
Seacht mbliana fós atáim anois
Ní fhásann marbhán níos mó.

Barrdhódh mo ghruaig le lasair bhuí
Is táimse anois gan radharc na súl
Dusta anois mo chnámha bán'
Á scuabadh ag an ngaoth aduaidh

Níl torthaí uaim, ná gráinne rís'
Níl milseán uaim ná fiú arán
Níl rud ar bith ag teastáil uaim
Im' mharbhán, im' mharbhán

Níl uaim anois - sé seo mo ghuí -
Ach síocháin -  i gcroí gach n-aon -
Is lig do pháistí uil' an domhain
Bheith lánsásta leis an saol.

I Come and Stand at Every Door


I come and stand at every door
But no one hears my silent tread
I knock and yet remain unseen
For I am dead, for I am dead.

I'm only seven although I died
In Hiroshima long ago
I'm seven now as I was then
When children die they do not grow.

My hair was scorched by swirling flame
My eyes grew dim, my eyes grew blind
Death came and turned my bones to dust
And that was scattered by the wind.

I need no fruit, I need no rice
I need no sweet, nor even bread
I ask for nothing for myself
For I am dead, for I am dead.

All that I ask is that for peace
You fight today, you fight today
So that the children of this world
May live and grow and laugh and play.



2018-11-08

Geimhreadh: Haiku Zen

Natsume Sōseki (1869 -1916)
umhlaímid dá chéile...
as gruaig na mná
titeann cloch shneachta

muintir na cathrach
a chúram féin ar chách...
deireadh na bliana

chuiris tús
le d’óráid le broim –
a thiarcais!

imíonn préachán...
crann lom ar crith
faoi ghrian an tráthnóna

scuabaim díom é
scuabaim díom arís é
sneachta fós ar mo mhuinchille

shéid gaoth an gheimhridh
grian an tráthnóna
amach san fharraige

2018-11-07

Fómhair: Haiku Zen

Natsume Sōseki (1869 -1916)
tús an fhómhair...
leabhar nár léadh go hiomlán
fós

cuileog san fhómhar...
rugas uirthi
is scaoileas léi

gaotha fómhair...
ceathrúna na bó
ar a slí go dtí an seamlas

duilleoga na ndátphlumaí...
solas na gealaí
ar gach ceann díobh

fuacht na maidine
fuacht an tráthnóna...
ag taisteal liom féin

mo shaol athnuaite...
nach ársa é
an fómhar

tuirlingíonn ar mo ghualainn...
‘bhfuil cara uait?
snáthaid mhór dhearg

glanann an ceo...
an t-eas á nochtadh
beagán ar bheagán

go tobann
tosaíonn dreoilín teaspaigh ag canadh
stopann go tobann

gan sake
gan dán...
tost na gealaí!

braoinín sake
fós sa bhuidéal...
fuacht na hoíche

faoin ngealach dó ag siúl...
dearmad déanta ag Sōseki
ar a bhean chéile

is deas filleadh
ar an bhfód dúchais...
séasúr na gcriosantamam

corraíonn an Spiorad
díreach os mo chomhair...
barr mo phinn

gealach lán...
is cruinn í scáil
chloigeann an tsagairt

2018-11-06

Samhradh: Haiku Zen

Natsume Sōseki (1869 -1916)
titeann grian dhearg
san fharraige –
brothall samhraidh


imíonn an gadhar . . .
preabann lusanna an chromchinn aníos
athuair

ag breith ar mhuiscítí
is béal ar fad í –
buaf

cruinníonn siad
scaipeann siad  . . .
lampróga os cionn na habhann


breathnaigh ar bhreith is ar bhás –
bláth na loiteoige ar oscailt
cheana


osclaíonn leis féin
cumhra faoin ngrian –
leamhach beannaithe


a chuid adharc
á n-ardú aige  . . .
seilide cois tobair


isteach i ngort
na mbláthanna buí  . . .
grian an tráthnóna

an lampa múchta  . . .
fionnuaire na réaltaí
i bhfráma na fuinneoige


lampróg amháin . . .
ag scinneadh thart
sa seomra


bhuel, tá sé in am dul a luí
ach – gealach
an tsamhraidh

2018-11-05

EARRACH: Haiku Zen

Natsume Sōseki (1869 -1916)
na héisc go léir
ag streachailt in aghaidh srutha...
abhainn san earrach

faoin gcrann plumaí
buailid lena chéile...
gan focal eatarthu

bláthanna plumaí i ngar is i gcéin...
cleachtas laethúil
siúl fúthu

ba dheas liom
bheith athshaolaithe
is mé chomh beag le sailchuach

catachas air
is tanaí atá sé...
súile sin uile     nach mór

socraíonn sé síos
nuair a imíonn an féileacán...
piscín

báisteach earraigh...
cloíonn siad lena chéile
faoin aon scáth báistí amháin

bhláthaigh
an crann plumaí...
gan focal a rá

2018-11-04

John Delaney

John Delaney
an mac tíre féin
bíonn eagla a chraicinn air...
fiolar na Mongóile
even the wolf
lives in fear...
Mongolian eagle

Tabhair Dom Íosa

(Amhrán spioradálta de chuid na nDaoine Gorma)


http://sandlewoodlilakristen.blogspot.com/2011/04/jeremy-camp-give-me-jesus.html


Tabhair dom Íosa

Gach aon mhaidin, nuair ’éirím
Gach aon mhaidin, nuair ’éirím
Gach aon mhaidin, nuair ’éirím
Tabhair dom Íosa

Tabhair dom Íosa
Tabhair dom Íosa
Bíodh an domhan seo agat
Tabhair domsa Íosa

Nuair i m’aonar ’bhím
Nuair i m’aonar ’bhím
Nuair i m’aonar ’bhím
Tabhair dom Íosa

Tabhair dom Íosa
Tabhair dom Íosa
Bíodh an domhan seo agat
Tabhair domsa Íosa

Íosa
Tabhair dom Íosa

Is ar uair mo bháis
Is ar uair mo bháis
Is ar uair mo bháis
Tabhair dom Íosa

Tabhair dom Íosa
Tabhair dom Íosa
Bíodh an domhan seo agat
Tabhair domsa Íosa

Íosa
Tabhair dom Íosa

Bíodh an domhan seo agat [x 3]
Tabhair domsa Íosa
Íosa

"Give Me Jesus"


In the morning when I rise,
In the morning when I rise,
In the morning when I rise
Give me Jesus

(Chorus 1)

Give me Jesus
Give me Jesus
You can have all this world
Just give me Jesus


When I am alone,
When I am alone,
When I am alone,
Give me Jesus

(Chorus 2)


Give me Jesus
Give me Jesus
You can have all this world
Just give me Jesus,

Jesus
Give me Jesus


When I come to die,
When I come to die,
When I come to die,
Give me Jesus

(Chorus 3)
Give me Jesus
Give me Jesus
You can have all this world
Just give me Jesus

Give me Jesus
Give me Jesus

You can have all this world (X3)

Just give me Jesus

Jesus

2018-11-03

Mark Fearnley

Mark Fearnley
a full moon
slips from a cloud . . .
silvering the Blasket Islands
sciorrann gealach lán
amach as scamall -
airgeadaíonn an Blascaod

2018-11-02

Mark Fearnley

Mark Fearnley
cluasa an ghadhair ar bior
eisean amháin a chloiseann í . . .
fliúit dhiaga
a dog pricks his ears
he alone hears it . . .
divine flute

2018-11-01

Requiem

táid go léir imithe anois
ach ní dhearmadfar iad . . .
féileacáin
they are all gone now
but we will not forget them . . .
butterflies
έφυγαν όλες
αλλά δεν θα ξεχαστούν . . .
οι πεταλούδες 


Leagan Gréigise: Sarah Thilykou