Deoiginéas le Johann Heinrich Wilhelm Tischbein |
agus laindéar lasta ina ghlac aige
faoi sholas an lae
isteach faoin mbaile, á rá
táimse bréan de na hainmhithe
is de na brúideanna go léir
fíordhuine atá á lorg agam.
Lorgaíomar go léir é
ach faraor géar
ar siad
níl a leithéid ann.
Go deimhin
ar seisean
ach táimse sa tóir
ar an té
nach féidir a fháil
(As an Divani Shams Ghazal #441 de chuid Rumi, aistrithe go Béarla ag Nader Khalili sa leabhar Rumi, Fountain of Fire)