Haiku le Issa ón mbliain 1812
Cad a bhí ag titim amach sa bhliain 1812?
- D'fhógair Meiriceá cogadh ar an mBreatain.
- Rugadh Seán Ó Duinnshléibhe, file.
- Thug Byron a chéad óráid uaidh i dTeach na dTiarnaí agus na Luddaigh á gcosaint aige.
- Caracas scriosta ag crith talún.
- Rugadh Charles Graves, scoláire.
- Feallmharaíodh Príomh-Aire na Breataine (más feall a bhí ann).
- Tháinig deireadh le Cogadh na Rúise in aghaidh na Tuirce.
- Troideadh Cath Salamanca.
- Napoléon sa Rúis.
- Foilsíodh Scéalta Sí na nDeartháireacha Grimm.
- Rugadh Charles Dickens.
- Rugadh Robert Browning.
- Cailleadh Edmond Malone, saineolaí Éireannach ar Shakespeare.
- Cailleadh Charles Vallancey, scoláire Gaeilge.
Chum Issa an haiku seo, i measc go leor eile:
iompaíonn Máirín an Chlúimh
ina féileacán . . .
gealach shamhraidh
.蝶と成つて髪さげ虫も夏の月
chô to natte kami sage mushi mo natsu no tsuki