2017-11-30

Neamhbhásmhaireacht

Chun Scríbhneoireacht ar Pháipéar a dhéanamh marthanach,
leáigh guma arabach in uisce
agus cuir leis sin eabhardhubh –
an-mheilte go deo –
agus bí ag scríobh leat.

Ní ghlanfadh aigéid an scríbhneoireacht seo:
dá mba mhaith leat í a chosaint
ar ghal ó uisce te,
is féidir an scríbhneoireacht a chlúdach
le gealacán uibhe, léirghlanta.

Chun sean-Scríbhinnní atá beagnach millte
a athnuachan,
beirigh cnó-ghál i bhfíon,
cuir spúinse ar maos sa leacht ansin,
is cuimil ar línte na seanscríbhinne é:
ar an mbealach sin beidh na litreacha
-     a bhí doléite geall leis –
chomh húr is dá mbeidís nuascríofa.


 Amanda Bell