Dattatreya
1
Go deimhin, is trí ghrásta Dé
A éiríonn ionainn eolas ar an Aontacht.
Saortar an duine ansin sa deireadh
Ón eagla mhór roimh bheatha is bás.
2
An uile ní i ndomhan seo na bhfoirmeacha
Níl iontu ach an Féin, is an Féin amháin;
Conas, mar sin, a d'adharfadh an Infinid é Féin?
Is é Síve an tIomlán is é neamhroinnte.
3
Na cúig dúile fíneálta ar de stuif an domhain iad
Is seachmall iad mar uisce i meabhalscáil ghaineamhlaigh;
Cé dó, mar sin, a n-umhlóinnse?
Mise mé féin an tAon gan smál.
4
Go dearfa, níl sa chruinne seo go léir ach mé Féin,
Ní roinnte ná neamhroinnte í.
Conas is féidir a rá fiú amháin gurb ann di?
Breathnaím uirthi, ionadh orm is alltacht.
5
Cad é, mar sin, atá i gcroí na fírinne is airde,
Croí an eolais, an ard-ghaois?
Sé seo é: "Mise an Féin, an tAon gan chruth;
Sé mo nádúr é a bheith ar fud na bhfud."
6
An t-aon Dia sin a lonraíonn san uile ní,
Atá gan chruth ar nós spéir gan néal,
Sé Féin an uile ní, íon, gan teimheal:
Sin is mise ann gan amhras ar bith.
7
Is mé an tAon síoraí do-athraithe;
Comhfhios glan mé, gan cruth ar bith.
Níl a fhios agam conas, nó cé dó
A nochtann áthas is buairt an tsaoil seo.