Amach liom go moch ar maidin
chun slán a rá leis an mbáisteach
sula n-imeoidh sí:
Uisce na habhann ar dhath gorm-scláta
sciathán an ghuairdill;
na féara fada á lascadh ag an ngaoth thais;
lochán ceilte faoi na sceacha
ar crith le teann neamhchinnteachta.
An fuadar seo is an liú
goltraí atá ann don bhliain atá ag imeacht,
á chanadh i nguthanna atá níos láidre ná mo ghlórsa.
Cuirimse leis an gcurfá, sin uile,
agus mé buíoch as gach
a bhfuaireas-sa ón mbáisteach:
mo spiorad á uisciú aici,
an domhan á leasú,
ainmneacha a cuid páistí fiáine á múineadh dom
de réir mar a bhláthaíodar:
ar dtús sna fálta sceach,
ansin san aigne.
Thug sí dom gile
an mhaidneachain
is mé ag siúl léi
thar na cnoic,
scáileanna na hoíche glanta dínn,
I dtreo is gur fhilleas abhaile,
mo shúile glas-ghlónraithe,
í cruinnithe orm gach áit
chun loinnir a thabhairt dom’ chneas.
Go moch ar maidin
d’fhágas slán ag an mbáisteach,
ach gabhann mo chroí léi anois.
Ar ball,
is í ag cúlú ó na goirt
fágfaidh sí spéartha glana ina diaidh
a bhfáilteodh daoine eile rompu,
ach ní mise.
Is mé an páiste fearthainne aici,
ach ní thig léi mé a thabhairt léi,
san ithir atáimse fréamhaithe ní sa spéir.
Beidh orm fanacht go bhfillfidh sí,
is í ag teacht go teann an fharraige anall,
boiseog á tabhairt aici don ghrian,
do m’fháscadh chuici féin arís.