鳥羽 1
何ひとつ書く事はない
私の肉体は陽にさらされている
私の妻は美しい
私の子供たちは健康だ
本当の事を言おうか
詩人のふりはしてるが
私は詩人ではない
私は造られそしてここに放置されている
岩の間にほら太陽があんなに落ちて
海はかえって昏い
この白昼の静寂のほかに
君に告げたい事はない
たとえ君がその国で血を流していようと
ああこの不変の眩しさ!
Toba 1
Níl faic agam le scríobh ina thaobh
Mo cholainn nochta faoin ngréin
Is álainn í mo chéile mná
Tá na páistí folláin
Lig dom an fhírinne a insint duit
Ní file mé
Ag ligint orm atáim
Cruthaíodh mé, is fágadh anseo mé
Féach, an ghrian ina caise i measc na mbollán
Ag éirí níos dorcha atá an mhuir
Seachas séimhe seo an mheán lae
Níl faic is mian liom a rá leat
Fiú más ag cur fola i do thír féin atá tú
Á, an loinnir shíoraí seo!
Toba 2
Ní mian liom an nóiméad seo a bheith ina shíoraíocht
Is leor an nóiméad seo a bheith agam faoi mar atá sé
Tá bealach agam féin fiú chun breith ar an móimint éalaitheach seo
Tá an ghrian ag bogadh ar aghaidh cheana féin
Scríofa ar ghaineamh
Atá na focail seo sin uile
Ní le mo mhéara
Ach lem’ chroí aerach a dhorchaíonn i bhfaiteadh na súl
Tá mo pháistí dealraitheach liom
Ní dealraitheach liom atá mo pháistí
Is cuma liom, bealach amháin nó bealach eile
Fágadh mo chroí i dteannta sliogán mara, púróga is píosaí
De bhuidéil bhriste ar bhruach uisce
Ar phláinéad atá chomh crua is chomh soghonta liom féin
Tuama an Fhile
Bhí fear óg ann uair
A mhair ar an bhfilíocht
Scríobhadh sé dán molta le haghaidh bainise
Scríobhadh dán le greanadh ar leac uaighe dá gcaillfí duine
Is iomaí comhartha buíochais a tugadh dó
Tugadh ciseán uibheacha dó
Nó léine nua
Nó glanadh amach a sheomra dó mura raibh aon rud eile le tabhairt dó
Brea sásta a bhí sé le pé féirín a bronnadh air
Ghabh sé buíochas le cách
Leis an tseanbhean as an bhfáinne óir a thug sí dó
Leis an ngearrchaile as an mbábóg pháipéir a dhein sí féin dó.
Bhí ainm air
Ach an File a ghlaoití air. Níor úsáideadh a ainm riamh
Chuir sé sin as dó ar dtús ach
Chuaigh sé i dtaithí air de réir a chéile
Leath a cháil i gcéin is i gcóngar is tháinig orduithe isteach
An té ar thaitin cait leo bhí dánta uaidh faoi chait
An beadaí bhí dánta uaidh faoi bhia
An leannán bhí dánta uaidh faoin ngrá
Níor dhiúltaigh sé d’iarratas ar bith dá dheacra é
Shuíodh sé ag an sean-bhord corrach sin
Ag stánadh roimhe ar feadh tamaill
Agus tháinig an dán chuige ar chuma éigin
Bhí meas an domhain mhóir ag gach éinne ar a chuid dánta
Dánta a chuirfeadh ag gol os ard thú
Dánta a chuirfeadh ag gáire id’ ghealt thú
Dánta a chuirfeadh ag machnamh go maidin thú
Cuireadh an-chuid ceisteanna air
“Cá bhfuair tú bua na scríbhneoireachta?”
“Cad is gá dom a léamh le bheith i m’fhile?”
“Cad as a dtagann an friotal álainn go léir?”
Freagra níor tháinig.
Ní fhéadfadh sé freagra a thabhairt, fiú dá mba mhaith leis é.
Ní dúirt sé ach, “N’fheadarsa ach oiread.”
Dúirt gach éinne gur duine deas ab ea é.
Lá amháin tháinig bean óg chun é a fheiscint.
Bhí a chuid dánta léite aici is theastaigh uaithi bualadh leis.
Thit sé i ngrá léi chomh luath is a leag súil uirthi
Chum dán gan dua is thiomnaigh di é.
Nuair a léigh sise an dán bhraith sí mar nár bhraith riamh cheana.
Ní raibh a fhios aici an gliondar nó dobrón a bhí uirthi
Theastaigh uaithi réaltaí na hoíche a stoitheadh lena cuid ingne
Bhraith sí gur theastaigh uaithi filleadh ar an am sular rugadh í.
Ní mothú daonna é seo, an chéad rud a rith léi
Is rud diaga é nó murab ea is rud diabhalta
Phóg sé í mar a dhéanfadh leoithne
Níor thuig sí an i ngrá leis siúd nó lena chuid filíochta a bhí sí.
Bhíodar in aontíos le chéile ón lá san ar aghaidh
Nuair a réitigh sí bricfeasta dó, chum seisean dán faoin mbricfeasta
Nuair a phioc sí caora fiáine, dán faoi chaora fiáine a scríobh sé
Nuair a bhain sí di a cuid éadaigh, chum sé dán faoina háilleacht
Bhí sí bródúil as mar fhile
Dar léi go raibh sé i bhfad níos tábhachtaí dán a scríobh
Ná an talamh a threabhadh, meaisín a thógáil
Seodra a dhíol, nó bheith i do rí
Ach bhraith sí uaigneach, leis, ó am go ham
Dá mbrisfí pláta costasach
Ní bheadh goimh air, thabharfadh sé sólás di
Bhí áthas uirthi, ach fós féin bhí rud éigin in easnamh
Nuair d’inis sí dó faoina mamó a bhí fágtha ina diaidh aici
Tháinig deora lena shúile
Ach bhí glandearmad déanta aige mar gheall air an lá arna mhárach
Bhí sé sin cineál aisteach, dar léi
Bhí sí sásta mar sin féin
Theastaigh uaithi a bheith leis go Lá Philib an Chleite
Agus nuair d’inis sí an méid sin dó, d’fháisc sé lena ucht í
A shúile dírithe ar an imigéin, ní uirthi siúd
Leis féin a bhíodh sé i gcónaí is é i mbun filíochta
Ní raibh cairde ar bith aige
Nuair nach ag scríobh filíochta a bhí sé
Bhí an chuma air go raibh leamhas air
Ní aithneodh sé copóg thar neantóg
Mar sin féin scríobh sé go leor dánta faoi bhláthanna
Tugadh go leor síolta bláthanna dó mar chomhartha buíochais
Chuir sise bláthanna ag fás sa chlós
Tráthnóna amháin bhí cumha uirthi is gan fhios aici cén fáth
Chloígh sí leis agus chaoin go faíoch
Ar an bpointe boise chum sé dán faoi dheora a cinn
Stróic sise an dán is chaith uaithi é
Bhí cuma bhrónach air
D’fhéach sise ar a aghaidh, í ag gol níos tréine ná riamh, is bhéic
“Abair rud éigin nach dán é –
Rud ar bith, abair amach é!”
D’fhan sé ina thost, go tromchroíoch
“Níl faic le rá agat, an bhfuil?
Gan substaint atá tú
Gabhann gach rud tríot, sin uile.”
“Ní mhairimse ach sa spás seo anois,” ar sé
“Inné ná amárach níl agamsa
I m’aislingse níl aon ní ann
Mar tá an domhan seo ró-thorthúil is ró-álainn!”
Bhuail sí lena dhá dorn é
Arís is arís eile go tréan
Gur éirigh a cholainn glé –
Dofheicthe, mar aer, a chroí, a inchinn, a phutóga.
Is fuair sí radharc tríd ar shráidbhaile
Ba léir di páistí ag imirt folach bíog
Ba léir di leannáin i ngreim docht a chéile
Ba léir di Mam agus pota á chorraí aici
Fuair sí radharc ar fheidhmeannach a bhí ar meisce
Siúinéir agus lomán aige á shábhadh
Seanfhear agus é leath-phlúchta ag casachtach
Leac uaighe ar tí titim as a chéile
Tháinig sí chuici féin agus í ina seasamh
Cois leac uaighe ina haonar
Bhí an spéir ghorm chomh fairsing is a bhí riamh
Is gan oiread is siolla amháin greanta ar an leac.
~~~~~~~~
Sliocht as agallamh leis an bhfile:
“You know, there’s this ‘collective unconscious’ Jung talks about. Perhaps I had come to believe that all of us would be connected at the level of such a collective unconscious. If so, I thought to myself, I would be able to connect with others, or would want to connect to others, to the extent that I could touch upon the depths far below my consciousness . . . And, in terms of my relationships with readers, I probably thought that I would or should be able to engage with them, not at a conscious level, or through the left brain, but through the right brain . . . you see, the left brain controls reason and intellect, right? Generally people form relationships with others through it, I mean, in day-to-day reality. But my thinking was, “Couldn’t we make a profound connection, in poetry, through the right brain, that is, in the realm that acts for the amorphous and the intuitive?” So from around this time, probably, I was beginning to think along the line of Jung’s collective unconscious. . . .”
This is how I have been writing poetry 1942–2009 (Nanaroku-sha, Tóiceo, 2010)