2018-09-24

Easaontú

Agus mé im’ gharsún
Chuireas i gcoinne na scoile
Agus anois
Cuirim i gcoinne na fostaíochta.

Na nithe is mó is gráin liom
Ná maoin agus sláinteachas.
Níl aon rud níos mídhaonna
Ná glaineacht is bheith umhal don dlí.
Ní nach ionadh, táim glan in aghaidh Spiorad an Náisiúin.
Cuireann Dualgas agus Feidhm Shóisialta múisc orm.
Táim in aghaidh gach rialtais gach áit
Agus bagraím mo bhod bréan
In aghaidh chairtéal bogásach
Na Scríbhneoirí a bhfuil Glacadh Leo.

Nuair a fhiafraítear díom cén aidhm atá agam sa saol
Sé deirimse ná: Easaontú.
Siar a théimse
Agus m’aghaidh soir.

Dúnaimse mo chóta is mo bhróga an bealach contráilte.
Caithimse mo threabhsar droim ar ais
Agus is mar sin leis ar muin capaill dom

Is breá liom an ní a bhfuil gráin ag cách air.
An rud is mó is fuath liom ná
Comhréiteach, comhaontacht, tuairim na coitiantachta.

Mar sin creidim gurb é an t-aon rud atá breá ar fad sa saol seo
Ná easaontú.
Cur i gcoinne is ea a bheith beo i gCEART.
Cur i gcoinne is ea teagmháil dhomhain a dhéanamh
Leis an spiorad istigh ionainn.

Kaneko Mitsuharo (1895-1975)

OPPOSITION

When I was young
I resisted school,
and now
I resist employment.

What I most hate
are property and hygiene.
There's nothing so inhuman
as law-abiding cleanliness.

Naturally, I contradict The Spirit of our Nation.
Duty and Social Function make me vomit.
I'm against all governments everywhere
and wave my smelly cock
at the cosy cartels of
Accepted Writers.

When I'm asked what my Purpose In Life is,
I answer: To oppose.
When I'm facing Eastwards
I go Westward.

I do up my coat and shoes the wrong way round.
I wear my trousers back to front,
and likewise ride a horse.

What everyone else hates I like.
My greatest hate of all is
consensus, unanimity, received opinion.

So I believe that to oppose
is the only splendid thing in life.
To oppose is REALLY to live.
To oppose is to connect deeply
with the spirit within.

Kaneko Mitsuharo (1895-1975)

(translated by Anthony Weir)