2018-09-22

Véarsaí fánacha de chuid Sappho

Sappho le Guerin

Sappho, blúire 47 (Lobel-Page 47 / Voigt 47 / Diehl 50 / Bergk 42 / Cox 40)

creachta atáim ag an ngrá;
sléibhte sceirdiúla á léasadh ag gaotha fiáine,
daracha á leagan

Sappho, blúire 58

cloíte
atáim
ag
pian
go
dtí
an
deoir
dheireanach

Sappho, blúire 52 (Voigt 168B / Diehl 94 / Cox 48)

is fada an ghealach ina luí;
an Tréidín imithe;
tá leath na hoíche caite,
is fós táim im’ shuí – liom féin
 

Sappho, blúire 35 (Lobel-Page 52 / 47D/ Cox 35)

lem' dhá láimhín
conas a smaoineoinn ar an spéir a thimpeallú?

SAPPHO

(ó Bhéarla Michael R.Burch)